RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Róise Ní Bhaoill, Róise Ní Bhaoill, Gordon McCoy Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: teas an tsamhraidh.

Íomhá

Bhí an t-allas ina rith le Diarmaid agus é díreach ina sheasamh ansin. Bhí an teocht de chóir a bheith 30°C, agus ann ach go dtiocfadh leis a anáil a fháil. Bhí sé ag cnádán i rith na bliana nach raibh ann ach doineann, agus ag rá gurbh iad an fhearthainn agus an ghaoth mhór ár gcuid den tsaol. Ach nach é a bhéarfadh ór na cruinne ar phuth beag gaoithe anois, siorradh beag deas a phógfadh an craiceann aige. Ach ní raibh faoiseamh i ndán dó.

Chomh maith le bheith á leá leis an teas, bhí a theanga amuigh leis an tart agus ní thiocfadh leis a chosc dá n-ólfadh sé a raibh d’uisce i Loch nEathach. Ach is cuma cé chomh te agus a bhí sé, ní thiocfaí déanamh gan bolgam tae. Chuir sé síos an citeal agus ba ansin a chonaic sé gur fhág sé an bainne amuigh aréir. Bhí sé chomh ramhar le brúitín. Stróic sé cúpla mionna mór agus chuir sé deireadh le déanamh an tae nó ní chuirfeadh sé cupa tae dubh go dtí an béal aige.

Ní raibh a dhath fána choinne anois ach cúpla ball éadaigh a chaitheamh air agus tarraingt ar an trá. Bheadh sé níos fuaire fán chósta agus thiocfadh leis bunadh an lae a chaitheamh san fharraige. Chaith sé cúpla rud i mála agus bhuail sé ar a dhroim é. Fán am a raibh sé ag bun an staighre bhí an mála greamaithe dá dhroim agus ball mór dorcha allais ag leathnú ar a dhroim.

D’oscail sé an doras agus amach leis ar an tsráid. Cibé mar a bhí an teas istigh bhí sé dhá uair chomh holc amuigh.

Níl splaid chéille agam,” arsa Diarmaid. “B’fhéidir gurbh fhearr domh mé féin a shíneadh ar an urlár agus na dallógaí a dhruid.”

Ach sin ráite aige, bhí fonn snámha air agus choinnigh sé air go raibh sé ag stad na mbus. Bhí scuaine bheag ansin ag fanacht leis an bhus. Agus é ina sheasamh ansin, bhí Diarmaid ag amharc ar an bhaicle bheag a bhí sa scuaine. Bhí bean bheag ramhar chruinn ina seasamh díreach roimhe agus níos mó ná a sáith den ghrian aici. “M’anam go rósfá leath dosaen uibheacha ar an droim sin,” ar seisean leis féin. Bhí sí mar a bheadh taobh cnoic ann agus ní raibh an anáil ag teacht léi go réidh.

Roimpi sin bhí fear ard a bhí tana go leor ach go raibh beilt a bhríste ann agus a bheith á ghearradh ina dhá leath, nó bhí maróg mhór crochta os cionn na beilte. Bhí culaith éadaí oifige air agus ní raibh cuma air go raibh an aimsir ag cur isteach nó amach air. Roimhe sin, bhí beirt chailín óg ag seitgháirí agus ag cogarnaigh agus ní raibh tointe orthusan. Bhí craiceann geal bán orthu agus imir bheag ghorm ann. Ní raibh Diarmaid cinnte an bhfaca siad solas an lae ariamh roimhe sin.

Sula bhfuair sé amharc maith ar an duine deireanach sa scuaine, tháinig an bus. Rinne sé cinnte nár shuigh sé ar thaobh na gréine agus shuigh sé sa dóigh is go mbeadh siorradh deas ag teacht isteach ar fhuinneoig an bhus nuair a rachadh sé chun siúil. Bhí turas leathuaire ann, b’fhéidir, go dtí an stop don trá, ach leis an tochailt seo uilig agus na hoibreacha bóthair is dócha go dtiocfaí sin a dhúblú.

Bhí bean ina suí trasna uaidh ar an bhus agus triúr páistí léi. Bhí an codladh ag breith ar an cheann is óige agus is cuma cé mhéad gonc a thug a dheartháir dó thit néal eile codlata air. Bhí an bheirt is sine ag iarraidh a bheith ag caint leis an mháthair san am amháin. Bhí sceamhlach iontach ar an iníon agus má dúirt sí “A mhamaí, cá huair a bheas muid ann?” uair amháin, dúirt sí fiche uair é. Bhí an mac ag mairgní fá dheirfiúr a bheith ag tabhairt drochíde air go dtí gur dhúirt an mháthair, “Stadaigí a cheastóireacht orm, tabhair suaimhneas domh nó ní bhfaighidh duine amháin agaibh uachtar reoite.” Choinnigh sin suaimhneach iad b’fhéidir trí bhomaite.

Nuair a thosaigh an scamhailéir agus an cnádán an dara huair bhain Diarmaid amach a Walkman agus dhing sé isteach na cluasáin chomh maith agus a thiocfadh leis agus, ar dhóigh inteacht, chuaigh an t-am thart go dtáinig stop na trá. Rinne Diarmaid trua don mháthair agus thairg sé cuidiú léi a cuid málaí a thabhairt ón bhus. Bhí sí thar a bheith buíoch. “Ná bíodh páistí a choíche agat,” ar sise agus, sa dara hanáil, mar a bheadh aithreachas uirthi, dúirt sí, “Orú níl siad chomh holc sin. An teas seo atá ag cur orthu. Tá siad mar a bheadh mála easóg ann ó tháinig an teas millteanach seo,” ar sí.

Ní bheifeá ina dhiaidh sin orthu,” arsa Diarmaid.

Bhí an trá dubh le daoine. Bhí siad sínte ar gach orlach den ghaineamh agus bhí obair ag Diarmaid a bhealach a dhéanamh eatarthu. Chonacthas dó nach bhfaigheadh sé áit ar bith ar an ghaineamh agus rinne sé ar na carraigeacha. Ní raibh ach cúpla duine ina suí orthu agus nuair a chuir se bonn a choise orthu, thuig sé cad chuige - dhóighfeadh siad an chos duit. Bhain sé amach a thuáille agus shín sé amach ar an charraig é chomh tiubh géar agus a thiocfadh leis.

D’amharc sé thart agus dúirt sé le fear a bhí sínte fá chúpla troigh dó, “An gcoinneoidh tú do shúil ar mo chuid rudaí a fhad agus a bheas mé ag snámh?” Níor labhair an diúlach, ach chroith sé a cheann agus ghlac Diarmaid leis sin mar aontú. Rinne sé a bhealach chun an chladaigh agus chomh luath agus a bhuail sé an t-uisce, dúirt sé leis féin, “B’fhiú uilig é”, agus snámh sé leis amach a fhad agus a thiocfadh leis.

Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.seanod.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.