RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Róise Ní Bhaoill, Róise Ní Bhaoill, Gordon McCoy Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: tinneas.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill

Ní raibh Aifric ag tnúth ar dhóigh amháin nó an dóigh eile leis an chuairt ar an otharlann. Bhí Joan chomh folláin le breac an t-am deireanach a chonaic sise í. De réir mar ba chuimhne le hAifric é, ní raibh ar thús nó dheireadh Joan ach aclaíocht agus spórt an uair sin. Nuair a bhí bunús na mac léinn eile ar shlat a ndroma ag cóisir inteacht, bhí Joan ansin agus ní ligfeadh sí deoir amháin biotáilte nó leanna thar a béal. Ba deas an radharc Joan agus í i mbun a ceirde. Bhainfeadh sí toit as an talamh. Bhí idir luas is léim inti.

“Cad é faoi Dhia an chuma a bheas uirthi anois?” arsa Aifric léi féin. “Cad é a déarfaidh mé léi?”

Bhuail Aifric an cnaipe ar an ardaitheoir agus suas léi go dtí an an seachtú hurlár. Nuair a d’oscail doras an ardaitheora, dhiúl sí isteach a hanáil chomh domhain agus a thiocfadh léi, ag dúil go dtabharfadh sin rud beag uchtaigh di. Níor iompair sé i bhfad í. Chomh luath agus a bhrúigh sí roimpi doras an bharda chonaic sí Joan. Baineadh an anáil aisti. Bhí Joan ina luí ar leaba cois na fuinneoige agus a droim le hAifric. Agus fiú agus í an fhad sin ar shiúl, chonaic Aifric nach raibh inti ach cual cnámh. Níor seo an rúplach mná a raibh aithne ag Aifric uirthi ach iarlais fágtha. Chomh hádhúil, bhí Joan ina codladh agus thug sin deis d’Aifric a theacht chuici féin. Bhí stól i ndeas dá leaba agus tharraing Aifric chuici é agus shuigh síos chomh ciúin agus a thiocfadh léi.

Ba doiligh Joan a shamhailt leis an chorp chrupaithe, meaite seo a bhí roimpi. Bhí sí mílítheach agus buí fán chraiceann. Bhí an ghruaig ghalánta a bhí uirthi lá den tsaol anois ina sprios tirim agus thiocfadh le hAifric blaosc a cinn a fheiceáil fríthi. Ba bhocht an pictiúr Joan. Ann ach go raibh sí ag tabhairt a hanála léi. Bhí a dhá pluc buailte ar a chéile agus fiú agus í ina codladh, ba léir go raibh an dá shúil sáite thiar ina ceann. Bhí sciathán amháin dá cuid taobh amuigh den bhraillín agus bhí snáthaid sáite i ndroim a láimhe. Bhí mionghearbhógaí thart ar an tsnáthaid san áit a ndearnadh iarracht an *drip *a chur isteach. Bhí ball fhuil bhrúite ar a sciathán san áit ar glacadh fuil fosta. Ann ach gur bhris an caoineadh ar Aifric.

D’amharc sí thart ar an bharda. Bhí cúig leaba eile sa bharda, beirt ar thaobh Joan agus triúr eile sínte idir an doras agus an fhuinneog ar an taobh eile. Bhí an teaghlach istigh leis an bhean a bhí trasna ó Joan, beirt ghirseach bheaga agus leanbh beag a raibh culaith chniotáilte ghorm air. “Gasúr is dócha,” arsa Aifric léi féin. Ní raibh an dea-chuma ar an bhean a bhí sa leaba ach ba mhór idir í agus Joan. Bhí luisne de chineál inteacht ina grua agus bhí sí ina suí aníos sa leaba ag caint agus ag comhrá lena raibh thart uirthi.

Ní raibh duine ná deoraí ar cuairt ag an bhean a bhí sa leaba i lár an bharda. Bhí an bhean bhocht ina suí ansin ag amharc uaithi agus anois agus arís dhéanfadh sí méaradradh ar iris a bhí ina suí ar thábla roimpi. “Nach doiligh an t-am a chur isteach in áit mar seo,” arsa Aifric léi féin. D’amharc Aifric ar Joan arís ar eagla gur mhúscail sí ach ní raibh bogadh aisti go fóill.

D’amharc sí amach ar an fhuinneog, ar an radharc bhreá a bhí acu anseo ón seachtú hurlár. “Tá an lá ag cruthú go maith anois,” arsa Aifric le duine de na banaltraí a bhí ag tarraingt cuirtín thart ar an tríú leaba síos ón fhuinneog, “nuair a smaoiníonn tú ar an mhaidin a bhí againn.”

“Féadann tú sin a rá,” arsa an bhanaltra. “Ní thiocfadh leat na cnoic sin thall a fheiceáil ar chor ar bith uair ó shin.”

Agus bhí an ceart aici, ar ndóighe, nó is fada ó chonaic Aifric a leithéid de radadh fearthainne agus róisteacha gaoithe móire. Ach bhí an stoirm ag síothlú anois agus bhí an ghrian ag déanamh a díchíll. Thiocfadh le hAifric na frídíní a fheiceáil sna gathanna gréine a bhí ag teacht fríd an fhuinneog agus ag bualadh urlár an bharda. Thug sé dóchas di a lámh a shíneadh anonn agus í a leagann go héadrom ar cheann Joan. Níor bhog sí ar dtús ach de réir a chéile mhothaigh Joan teas an duine eile ar a craiceann agus chroith sí í féin rud beag. Thiontaigh sí aniar sa leaba ach níor oscail sí na súile.

“Cé atá agam anseo?” ar sise.

Shuigh Aifric chun tosaigh nó ann ach gur chuala sí í, bhí a guth chomh híseal sin.

“Mise atá ann, a chroí. Aifric atá ann,” ar sise.

D’éirigh na mogaill ar shúile Joan go mall réidh agus níor dhúirt sí focal ach lámh Aifric a fháisceadh. Níor dhúirt ceachtar bean focal nó bhí tocht iontu beirt. Sa deireadh dúirt Joan, “Thug tú an aimsir leat, cibé.”

“Nach maith rud inteacht a bheith liom,” arsa Aifric. “Tháinig mé anseo agus mo dhá lámh chomh fada lena chéile.”

“Buíochas do Dhia,” arsa Joan. “Ní thiocfadh liom amharc ar bhia. Níl mé ag caitheamh mo chodach na laetha seo mar a bhíodh agus muid inár mic léinn. Níl goile spídeoige agam anois.”

Ní raibh a fhios ag Aifric cad é le rá agus shuigh siad ansin go díreach, lámh ar lámh, ag amharc ar achan duine eile ag imeacht lena dtoisc féin.

Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.