RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Róise Ní Bhaoill, Róise Ní Bhaoill, Gordon McCoy Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: rúin na bliana úire.

“An bhfuil tusa ag tabhairt suas a dhath i mbliana?” arsa Fiachra le Nóirín.

“An bhfuil a fhios agat seo, níl ann uilig ach amaidí. Bíonn achan duine ar daoraí ar feadh cúpla seachtain ag tús na bliana agus ansin téann sé uilig chun sioparnaigh.”

“Órú, níl craic ar bith ionat,” arsa Fiachra. “Nach gcaithfidh tú pionós a chur ort féin ag tús na bliana le sult a bhaint as an chuid eile di?”

“Dheamhan má tá a fhios agam,” ar sise. “An bhfuil tusa ar goir le rud inteacht a thabhairt suas?”

“Bhuel, bhí mé ag smaointiú ar dheireadh a chur le mo chuid banaíochta,” arsa Fiachra le gáire. “Nach bhfuil tusa ar fad ag fágáil na coire sin orm.”

Go lá Sheoin Dick,” arsa Nóirín, “ní stadfaidh tusa den phlásaíocht le mná agus, leoga, is beag atá ar a shon agat. Ní ag éirí óg atá tú.”

“An mothaíonn tú an bhean atá ag caint. Tá go leor ar m’aicíd,” ar sé. “Ní fheicim aiste mór ar bith ar na fir atá thart ortsa ach an oiread.”

“Cibé, b’fhearrde duitse i bhfad dá gcaillfeá cúpla punt meáchain,” arsa Nóirín. “Ní bheidh duine ar bith ag briseadh na gcos i do dhiaidh agus tú ag titim chun feola.”

“Nach trua gur fhoscail mé mo bhéal. An bhfuil locht ar bith eile a fheiceann tú orm anois agus tú ag dul dó, nó ar mhaith leat liosta a dhéanamh?” arsa Fiachra.

“Éist leis siúd. Nach tusa a thosaigh an amaidí seo uilig?” arsa Nóirín. “Ní dhéanfaidh sé maith ar bith duit éirí leanbaí anois.”

Tá athrach de chéill agam agus tusa thart. Ba dheas mo mhargadh mo bhéal a choinneáil druidte,” arsa Fiachra.

“Seo,” arsa Nóirín, “níl an magadh maith. An ag smaointiú ar shíntiús a fháil don tsólann seo thíos ata tú?”

“Bhain tú an focal as mo bhéal,” arsa Fiachra.

“Chuala mé go mbainfidh sé an phingin as do phóca fosta,” arsa Nóirín.

“An bhfuil sé chomh daor sin?” ar seisean.

“Gearrfaidh siad suas le cúig chéad punt sa bhliain ort,” ar sise.

“Go bhfóire Dia orainn,” arsa Fiachra. “Órú, ní thig an aclaíocht domhsa cibé.”

“Féadann tú sin a rá,” arsa Nóirín. “Ach mura gcuireann tú riail de chineál inteacht ar do shaol, ní bhfaighidh tú réiteach den mheáchan.”

“B’fhéidir go dtiocfadh linn a dhul ag rith le chéile,” arsa Fiachra. “Thiocfadh liomsa a theacht fá do choinne ar maidin. Thiocfadh linn á dhéanamh sula rachadh muid ag obair.”

Caidé na ciapógaí atá ag teacht ortsa, má tá tú ag déanamh go bhfuil mise ag dul a éirí roimh an lá agus ag dul a imeacht ar chos in airde leatsa?” arsa Nóirín.

“Ní raibh mé ach ag rá ...” arsa Fiachra.

“Bhuel, coinnigh agat féin an cineál sin amaidí,” arsa Nóirín.

“Bíodh agat. Dhéanfaidh mé féin é. Fan go bhfeicfidh tú mé aníos agus síos na cúlsráideacha agus beidh mé chomh caol le cú sula mbeidh an t-earrach amuigh.”

“Sin mo ghasúr,” arsa Nóirín.

“Ach an ndéanfaidh na comharsana ceap magaidh domh, do bharúil?” arsa Fiachra.

“An ag cailleadh uchtaigh atá tú cheana féin?” arsa Nóirín. “Seo anois, bí righin agus rachaidh leat.”

Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.