Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: siopadóireacht na Nollag.
“Tá sé in am againn a bheith ag smaointiú ar na bronntanais Nollag a cheannacht,” arsa Aoife le Gerry. Thit croí Gerry; níor lú air an diabhal ná siopadóireacht na Nollag, ach bhí a fhios aige nach raibh dul uaidh. Bhí an óráid déanta aige bliain i ndiaidh bliana faoi ábharachas an tsaoil, faoin chur amú ama agus airgid, ach ba bheag a bhí ar a shon aige. Ach ní dhéanfadh a dhath maith d’Aoife - chaithfí a dhul amach gach bliain agus iad féin a chur i bhfiacha suas go dtí an dá chluas.
“Tá liosta déanta amach agam anseo,” arsa Aoife. “Ní bheidh muid i bhfad ag dul fríd. Fan go bhfeicfidh tú.”
Ba mhór ag Aoife dá dtabharfadh Gerry faoi seo ar dhóigh aigeanta, chroíúil mar athrach, seachas smut a bheith air a leagfadh leathdosaen.
Rinne Gerry gnúsachtach nach gcuirfeadh sásamh nó míshásamh in iúl ach a bhéarfadh le tuigbheáil nach raibh sé ag luí fúithi.
“An dtabharfaidh muid linn an carr?” ar seisean, “nó an bhfaighfidh muid tacsaí?”
“Is dócha gurbh fhearr dúinn an carr a bheith linn. Beidh muid ábalta cibé a gheobhas muid a chur ann de réir a chéile. Má fhaigheann muid tacsaí beidh orainn deireadh a iompar thart i rith an lae.”
Bhí a fhios ag Gerry narbh fhiú a bheith siar is aniar sa scéal nó gur an deireadh amháin a bheadh air. Bheadh seisean mar bheathach oibre, is cuma caidé. Bheadh sé ag éisteacht le “Gerry, a chroí, an reáchtálfá ar ais go dtí an carr leis sin” i rith an lae. Bhí roithleadh fola ag bruidearnaigh ina cheann cheana féin.
“Más seo mar atá mé anois,” ar seisean leis féin, “is maith mar a bheas mé ag deireadh an lae. Suífidh mé síos anois cúpla bomaite agus ólfaidh mé bolgam tae. B’fhéidir go dtiocfainn chugam féin ansin.”
Ní raibh Gerry ina shuí i gceart nuair is seo anuas an staighre Aoife, ann ach go raibh sí ag cur cos amháin roimhe an cheann eile. Bhí sáltaí ar na bróga a bhí uirthi a bhí sé horlaí má bhí siad orlach agus bhí siad mar a bheadh lann scine ann. Chuaigh an dá shúil siar i gceann Gerry agus chroith sé a cheann.
“Níl spút chéille ag an bhean seo. Ní na bronntanais an t-aon rud a bheas mé ag iompar sula mbeidh an lá amuigh.”
“Tá mé réidh anois,” arsa Aoife, agus í ag déanamh a bealaigh mar a bheadh cearc ar shiocán ann.
“Scrios fia,” arsa Gerry leis féin, “déarfaidh mé é. “Nach síleann tú go bhfuil na bróga sin rud beag ard?”
“Nach maith leat iad?” arsa Aoife agus chuir sí pus beag leanbaí uirthi féin nó is ag smaointiú airsean a bhí sí nuair a cheannaigh sí iad. De ghnáth bheadh a theanga amuigh ag amharc ar an chineál sin bróige.
“Ó, tá siad galánta, ach nach bhfuil tú ag déanamh go bhfuil siad rud beag bídeach ró-ard má tá tú le bheith ar do chosa i rith an lae?” arsa Gerry.
“An bhfuil tú ag déanamh?” arsa Aoife. “Ó, beidh mé i gceart; níl mé ag dul a n-athrú anois cibé. Níl faill ann. Tá mé ag iarraidh a bheith istigh don naoi. Bíonn sé níos suaimhní ar maidin.”
“Féadann sé a bheith,” arsa Gerry leis féin, “ach beidh muidinne ann go dtí go ndruidfear an doras deireanach.”
Shlog sé siar a raibh ar ghrinneall an chupa agus d’éirigh ina sheasamh. Thug Aoife rúcadh beag dá huillinn dó agus dúirt, “Seo, ní deireadh an tsaoil atá ann. Fan go bhfeicfidh tú, bainfidh tú sult as.”
Nuair a d’oscail Aoife an doras le dhul amach go dtí an carr dúirt sí le Gerry, “A Dhia, tá cuil fhuar ar an lá. Tá an t-am sin de bhliain ann, is dócha.”
“Nach cuma faoin aimsir,” arsa Gerry. “Nach mbeidh muid istigh bunús an lae cibé.”
“Bhí mé ag caint le Sandra aréir agus deir sise go bhfuil Réamann ag smaointiú a dhul go Barbados fá choinne na Nollag,” arsa Aoife.
Rinne Gerry gáire. “Sin seanscéal agus coincleach air. Gothaí móra agus buillí beaga, sin Réamann agat.”
“Bhuel, mionann siad go bhfuil siad ag dul i mbliana, cibé an deireadh a bheas air,” arsa Aoife.
“Beidh le feiceáil,” arsa Gerry.
Thiomáin Gerry leis go dtáinig siad chuig an chlós páirceála agus caidé a bhí ann roimhe ach scuaine ag síniú míle.
“Ta sé chomh maith agatsa léimnigh amach anseo,” arsa Gerry, “nó níl a fhios cá fhad a bheas muid sa scuaine seo.”
Léim Aoife amach agus rinne sí ar dhoras an ionaid siopála. Bheadh tamall aici ag siúl thart léi féin anois. Chuaigh sí isteach sa chéad siopa mór a chonaic sí agus tharraing sí ar an seastán a raibh na geansaithe geimhridh air. Caidé a chonaic sí roimpi ach gach cinéal geansaí ina luí ina gcnap ar an tseastán.
“A Dhia inniu,” ar sise léi féin, “tá íospairt iontach déanta anseo. Ní thiocfadh liom a bheith gaibhte ag treabhadh fríd seo.”
Thiontaigh sí ar a sála agus amach an doras léi ag tarraingt ar an áit ar aontaigh sí bualadh le Gerry. Leis sin thug duine inteacht gonc ar an ghualainn di agus ann ach gur leagadh as a seasamh í. Leis an iarracht a rinne sí í féin a choinnéail ar a bonnaí chuaigh sí amach ar a cos. Fan am a dtáinig Gerry uirthi bhí sí ina suí ar stól agus an dá bhróg ar a glúine aici.
“Gerry,” ar sí, “chuaigh mé amach ar mo chos. Tá eagla orm go gcaithfidh muid a dhul chun an bhaile.”
Gan oiread na fríde de náire dúirt Gerry, “Ó, nach mór an trua sin a stór. Bhí mé ag tnúth an oiread sin leis an lá.”
“Anois, níl maith sa mhagadh,” arsa Aoife. “Ach, ar ndóighe, bhí an ceart agat. Ba dheas mo mhargadh na bróga a chaitheamh domh nuair a d’iarr tú orm.”
Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.