RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Róise Ní Bhaoill, Róise Ní Bhaoill, Gordon McCoy Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoil agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: an caidreamh idir duine óg agus tuismitheoirí.

Íomhá

Níor cheart go mbeadh lá buartha ar Áine anois nó bhí na scrúduithe thart leis seo. Bhí torthaí na scrúduithe chomh maith sin nach dtiocfadh léi a athrach a iarraidh agus bheadh sí ábalta a dhul ar a rogha ollscoil anois. Mheasfá mar sin gur ar a sáimhín suilt a bheadh sí, ach ní sin mar a bhí. Bhí béile ceiliúrtha socraithe ag a tuismitheoirí agus bhí cuireadh ag Dónall, a stócach, fosta. Bhí Áine ag siúl ar uibheacha ó fuair sé an cuireadh nó cé go raibh aithne acu ar a chéile níorbh ionann beannú dá chéile nó corr-rois cainte a dhéanamh thall is abhus, agus oíche iomlán a chaitheamh ina gcuideachta. Bhí sí ag creathnú roimhe.

Ní raibh a fhios aici cad é faoi Dhia mar a chuirfeadh sí an oíche isteach nó níor cheil a hathair ariamh an dubhghráin a bhí aige ar Dhónall. I dtaca lena máthair de, is cuma cén bharúil a bheadh aicise dó, nó bheadh sí breá múinte, lena aghaidh cibé. Thiocfadh léi a theacht gan Dónall a bheith ann nó bheadh go leor béal bán le déanamh lena hathair le tabhairt air an sparán a fhoscailt breá leathan agus í ag dul chun na coláiste. Bheadh a sáith roimpi ansin nó bhí a fhios ag an saol is a mhac cad é chomh teann is a bhí a hathair leis an airgead.

Nuair a fuair Áine a fhad leis an tábla a bhí curtha in áirithe, bhí a hathair agus a máthair ann roimpi. Bhí Dónall mall.

“Cá bhfuil sé féin?” arsa a hathair. “Nár dhúirt muid a seacht a chlog?”

Ní bheidh sé i bhfad,” arsa Áine.

“Seo áit bhreá,” arsa a máthair.

“Dúradh liom go bhfuil an bia maith,” arsa Áine.

Féadann sé a bheith,” arsa an t-athair. “Tá sé daor go leor.”

Lig an bheirt eile orthu nár chuala siad sin agus lean orthu den chomhrá éadrom a bíos go minic idir tuismitheoirí agus a gcuid páistí, bíodh siad óg nó aosta.

“Sin tú,” arsa Áine agus d’éirigh sí a fháiltiú Dhónaill, a bhí i ndiaidh a theacht isteach.

Níl tú in am nó in uair, a mhic,” arsa an t-athair. “Tá mo bholg thiar ar mo dhroim ag fanacht leat. Suigh síos ansin anois go gasta go gcuirfidh muid isteach ár n-ordú.”

D’amharc Dónall ar Áine agus thuig sé nár cheart dó focal a rá ach bhí fonn air buille a bhualadh ar a hathair, díreach idir an dá shúil.

“Tá sé te,” arsa an mháthair.

“Tá brú teasa ann, nach bhfuil,” a dúirt Áine.

Táthar ag tuar toirní,” a dúirt Dónall.

Níor dhúirt an t-athair a dhath ach shuigh sé siar agus a phíopa á lasadh aige, cé go raibh a fhios aige go maith nár lú ar Áine an diabhal nó duine a bheith ag caitheamh ag am dinnéir.

“Ní fhaca tú a dhath ariamh chomh sotalach leis,” arsa Áine léi féin agus í ag amharc anonn ar a hathair. Ní fhaca sí an lá ariamh nach raibh giodal ina thóin.

“A Dhaidí, nach ndéanfá gnaithe gan an tobac, go dtí go mbeidh an dinnéar thart féin?” arsa Áine.

“Orú, tá tú i gcónaí ag cnádán fán phíopa. Ní fheicim mórán le rá agat nuair atá an diúlach seo thall ag caitheamh na dtoitín a spíonann sé féin. Creidim nach gcuireann an boladh milis atá astu sin isteach nó amach ort. Níor mhiste liom féin ceann acu a chaitheamh. An bhfuil ceann leat anocht, a Dhónaill? Ach b’fhéidir go gcuirfeadh an t-athrach mearbhall orm.’

“Dá mbeadh seans agamsa,” arsa Dónall leis féin, “d’fhágfainn tú agus do chloigeann ag teacht thart.”

“Seo, a Dhónaill,” arsa máthair Áine, “bíodh píosa aráin agat a fhad is atá muid ag fanacht leis an bhéile.”

Shín sí anonn bascaed an aráin chuige. Ghlac Dónall píosa agus cé go raibh sé chomh righin le bonn do bhróige níor dhúirt sé focal.

Leis sin tháinig an freastalaí ar ais leis an bhuidéal fíona a bhí ordaithe acu.

“Ar mhaith leat a bhlaiseadh?” arsa seisean leis an an athair.

“Nach cinnte gur mhaith,” arsa an t-athair. Chuir sé an fíon thart sa ghloine, sháith sé a ghaosán ann agus chomh luath is a d’ól sé siar bolgam de, chuir sé soc air féin.

“An bhfuil tú ag dúil linn sin a ól agus an seanbhlas atá air? Ní dhéanfaidh sin gnaithe ar chor ar bith.”

“Gheobhaidh mé ceann eile duit anois. Tá mé iontach buartha fá sin,” arsa an freastalaí, ag teitheadh i dtreo na cistine.

Chonaic Dónall gur las aghaidh Áine agus ní nach ionadh, nó is cosúil gur imir an t-athair an cleas gach iarraidh dá ndeachaigh sé amach.

Phill an freastalaí agus dúirt, “Tá mé buartha faoin mhoill.”

“Féadann tú a bheith,” arsa an t-athair. “Tá mo theanga amuigh leis an tart.”

D’ordaigh Áine crúiscín gnáthuisce ansin ach dúradh léi nach raibh ar fáil ach uisce buidéil ó tharla go raibh Crypto Spiridium i gcóras uisce na cathrach.

“Ólfaidh muid fíon mar sin,” arsa an t-athair, “nó níor dhíol mé ar shon deoir uisce ariamh agus ní rún domh a dhéanamh anois.”

Bhí a fhios ag Áine go mbeadh an oíche seo ina phurgóid ghlan agus is í a bhí.

Nuair a fuair Dónall deis chuir sé focal i gcluas Áine.

“Éist a chroí,” ar seisean. “Ní thig liomsa oíche iomlán de seo a fhuilstean. Déarfaidh mé leo go bhfuil agam le dhul ag obair, go bhfuil duine inteacht tinn agus go bhfuil agam lena áit a dhéanamh.”

“Is dócha gur sin an rud is fearr,” arsa Áine. “Ní fiú don bheirt againn á fhuilstean.”

I ndiaidh an chéad chúrsa ghabh Dónall a leithscéal agus rinne ar an staighre.

“Sin cleas a chonaic mé go minic i m’am,” arsa athair Áine, “ach níor shíl mé ariamh go mbeadh m’iníon féin fágtha ag fear nach gcuirfeadh a lámh ina phóca. Nach agat atá an féirín, a Áine. Fágalaí ceart.”

Shocair a hathair nuair a bhí cúpla gloine eile fíona aige agus thóg sé ceist na hollscoile.

“Anois, a rún,” ar seisean, “is dócha go síleann tú go bhfuil an saol ina shuí ar a thóin agat anois. Bhuel, a ghirsigh, níl sna dea-torthaí ach tús an scéil. Idir tháillí agus chíos agus a bheith ag cur amú airgid ar mhacasamhail an dundaláin a chuaigh amach, beidh pingin mhaith i gceist.”

“Gheobhaidh mé post mar a níos go leor eile,” arsa Áine. “B’fhéidir go dtabharfadh siad ceann domh anseo.”

“Déan dearmad den áit seo,” arsa a máthair. “B’fhearr liom gan jab ar bith a bheith agat go mbeidh tú ar do bhonnaí i gceart, b’fhéidir ansin ...”

Bhí na súile ag líonadh ag Áine leis seo nó is cuma cad é a dhéanfadh sí ní bhfaigheadh sí an bheirt acu a shásamh.

Nuair a chonaic a hathair na deora bhí a fhios aige go raibh sé ag dul rud beag thar an cheasaigh.

“Anois a pheata,” ar seisean, “tá réiteach cuid de do chuid fadhbanna agam cibé. Cheannaigh mé teach i ndeas do cheantar na hollscoile agus thig leatsa cónaí a dhéanamh ann ...”

“Ó, Daidí,” arsa Áine, ag éirí ag tabhairt barróige dona hathair.

“Seo anois, dhéanfaidh mé gnaithe gan an phlásaíocht. Níl de choinníoll ar an tsocrú seo ach go gcuartóidh tú trí tionóntaí eile agus nach mbeidh an cluasán sin atá crochta asat ar cheann acu. Anois, nach agam atá fuascailt gach faidhbe?”

“Bíonn an ghoimh i gcónaí sa choinníoll aige,” arsa Áine léi féin.

“Anois, a Áine,” ar seisean, “má chluinim go bhfuil an marlachán de dhuine sin fá scread asail den teach, nár aifrí Dia orm é, cuirfidh mé amach ar an tsráid thú.”

Mhol Áine lena hathair agus í ag smaointiú go gcaithfeadh dóigh inteacht a bheith thart air seo.

Agus bhí. Gheobhadh Dónall lóistín béal dorais.

Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.