RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Gordon McCoy, Gordon McCoy, Róise Ní Bhaoill Róise Bhaoill

Sa tsraith seo, cuirfidh Gordon McCoy agus Róise Bhaoill cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díreoidh siad ar théama faoi leith gach . An mhí seo: Cúrsaí éadaigh.

Íomhá
Cartún le Seámn Ó Domhnaill

Bíonn caidreamh ar leith idir an foghlaimeoir agus an cainteoir dúchais a bíos ag obair le chéile is díol iontais do dhuine amháin an duine eile. Glac Róise, a bhíodh ag spalpadh aisti agus ag cur thairsti faoi seo agus siúd, agus gan barúil laghad aici go raibh Gordon ansin ar an tsuaimhneas i gcónaí ag cur focal i dtaisce. go raibh a chroí amuigh ar a bhéal, d’admhaigh sa deireadh go raibh an cleachtas seo ar bun aige; nuair a shocraigh rudaí, chinn muid bailiúchán beag a dhéanamh de na rudaí ar chuir Gordon sonrú iontu. Sa chéad bhailiúchán seo charn muid suas na focail agus frásaí sin is féidir a úsáid agus ag caint faoi éadach do cheirteach.

Bíonn an tréimhse sin i do shaol nuair atá coibhneas tréan idir an scáthán agus féin, nuair nach bhfuil ar d’intinn ach an bóthar a bhualadh agus splanc a bhaint as an tsaol. Is dual duit a bheith ag iomarscáil le ball éadaí ag iarraidh féina dhéanamh suas’ le dhul amach. Is í an duine deireanach is mian leat a fheicéail nuair atá cluimhrithe do mháthair. Ach imíonn a dhath uirthi agus díreach nuair atá cos amháin istigh agus ceann eile amuigh agat ligeann liúigh aisti féin: “Gabh isteach anseo go bhfeicfidh muid ”. Titeann do chroí agus fáisceann do chóta thart ort féin ag dúil nach dtabharfaidh faoi deara go bhfuil fáinne i d’imleacán agus do bholg ar ais bean de chuid na comharsan istigh agus a fhios agat go maith nach ligfear chun siúil go mbainfear cuid den ghus asat. Char mhaith duit cloigeann mhór a bheith ort. Ach an óige leat agus déanann neamhiontas denA Dhia inniu, an bhfeiceann aon duine siúd, aos óg an lae inniu ar shiúl os comhair an tsaoil agus gan tointe orthu dubh san aghaidh ag éisteacht leo ag caint seo.

Éalaíonn chomh tiubh géar agus a thig leat sula ndeir do mháthairBeidh an saol ag caint ort, caith duit sin níl cuma déanamh air”. Is mór an gar go bhfuair éalú d’imeofá ón tsaol ach a bheith ag éisteacht leo beirt ar ábhar éidithe an aosa óig. Chuala uilig roimhe é: cnapann sa níochán, éiríonn cnapánach de réir a chéile, níl teas ar bith ann, níl agat ach amharc air agus lán clupaidí. Ansin déarfaidh siad nach bhfuil ceann críonna sa tír nuair a thig go ceannacht éadaí na laetha seo níl tointe dtig siadna bhaile leo atá saolach. Lena chois sin, cinnte go ndéarfaidh siad go bhfuil siad dubhthinn ag amharc ar an chnap éadaí atá ina luí fán teach nár chuir duine deoraí suas ar a ndroim ariamh.

Is ábhar caibidle an nós atá ag corrdhéagóir iad féin a fholach i ngeansaithe móra musacha nach bhfuil dath ar bith orthu fosta. Ach níl sásamh le déanamh orthu níl siad róthugtha don éadach bhléascach ach an oiread. “A Dhia na glóire, bhfuair sin, chaillfear cibé thú”. Agus nach ag déanamh go n-éalaíonn an stócach ach an oiread, chítear dóibh go dtig cearr beag ar an bhuachaill ag tús na ndéaga, gur cinéal ceamach go minic an glas-stócach, go mbíonn ar shiúl agus a ruball amuigh ar a thóin, a gheansaí siar aniar cuma an cheamaigh amach air é taobh istigh amuigh fosta.

Is ábhar tinnis dóibh fosta an easpa tuigbhéala atá ag an aos óg ar an rud a fhóireann daofa, gur minic iad ag dul thart agus éadach suaithní orthu. Ach bíodh uchtach agat deir siadCaith sin duit. fhóireann duit ar dhóigh amháin an dóigh eile”. leat, mar is dócha go sílfidh do chuid cairde go bhfuil breá cluimhrithe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.