Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: laetha saoire.
Bhí Bróna tógtha. Bhí an tacsaí ag teacht fá cheann leathuaire agus ní raibh na pasanna le fáil thíos nó thuas.
“Cad é faoi Dhia a rinne tú leo?” arsa Frank.
“Órú, chuir mé i dtaisce iad nuair a tháinig muid ar ais an iarraidh dheireanach agus dheamhan má thig liom smaointiú cá bhfuil siad,” arsa Bróna.
Níl a fhios cá mhéad uair a fágadh Frank bocht sa riocht ina raibh sé ag an bhomaite sin. Chuirfeadh Bróna rud i dtaisce ar eagla go gcaillfí é agus ansin bheadh an teach le cuardach nuair a bhí an diabhal rud de dhíth. Bheadh siad san fhaopach glan mura bhfaighfí na pasanna. D’fhéadfadh siad slán a fhágáil ag an Spáinn.
“Fán go bhfeicfidh mé anois,” arsa Bróna. “Cuirim corr-rud i dtaisce faoi bhosca na mbrioscaí ar mhullach an phriosa aird sa chisteanach. Do bharúil an mbeadh siad ansin?” arsa Bróna.
Amach le Frank chomh tiubh géar agus a thiocfadh leis agus suas leis ar stól na cistine. Thóg sé an bosca agus go hádhúil le Dia nocht na pasanna roimhe. Bhí an t-ádh dearg ar Bhróna nó bhí Frank ag deireadh na péice. D’amharc Bróna ar Frank agus bhí a fhios aici go mbeadh sé mar a bheadh cearc aicíde ann ar feadh tamaill anois. Ar ndóighe, bhí ábhar aige nó bheadh sí féin réidh leis an mhuineál a chasadh ag Frank dá mbeadh an bhróg ar an chos eile.
“Sin an tacsaí,” arsa Frank. “Siúil leat.”
“Tá súil agam go bhfuil achan rud linn anois,” arsa Bróna.
“Seo, siúil leat, déan dearmad de cibé nach bhfuil leat anois. Ní fhanóidh sé seo i rith an lae linn,” arsa Frank
“Ach ...” arsa Bróna.
“Ní ach nó ach é, druid an doras agus siúil leat,” arsa Frank agus é ag cailleadh foighde.
Ghéill Bróna dó agus amach léi go dtí an tacsaí. Chuir Frank na málaí sa charr agus shuigh seisean isteach.
“Cá bhfuil bhur dtriall?” arsa an tiománaí.
“An Spáinn,” arsa Frank.
“Nach méanar daoibh. Bhéarfainn féin a dhath a bheith ag tarraingt ar an ghrian,” arsa an tiománaí. “An bhfaca aon duine ariamh a leithéid de shamhradh?”
“Nach sin go díreach an rud atá ár dtabhairt chun na Spáinne,” arsa Frank.
D’fhág fear an tacsaí ag doras tosaigh an aerfoirt iad.
Níor mhothaigh siad beirt an eitilt ag dul thart, idir an deoch agus an scannán a bhí á thaispeáint.
Bhuail an t-aer bogthe san aghaidh iad chomh luath agus a tháinig siad don eitleán.
“A Dhia, a leithéid de theas,” arsa Bróna.
Chroith Frank a cheann agus ar sé le Bróna, “Nár shíl mé gur sin an rud a dtáinig muid ar a thóir.”
“Bhuel, is é, ach tá measarthacht ar achan rud,” ar sí.
Rinne Frank iomlán neamhiontais dar dhúirt sí agus rinne sé ar an oifig eolais. Shuigh Bróna síos nó cé nár thuirling sí ar thalamh ach deich mbomaite roimhe sin ní raibh brí míoltóige inti anois leis an teas seo. “Níl séideán gaoithe féin ann,” arsa Bróna agus í ag déanamh trua di féin.
Phill Frank agus dúirt, “Tá an teach ósta fá fhad siúil dúinn. Beir ar na málaí sin agus ní bheidh muid bomaite ina cheann.”
“Nach dtig linn tacsaí a fháil? Beidh muid marbh ag an teas seo,” arsa Bróna.
“Nach bhfuair muid tascaí ar maidin,” arsa Frank. “Shílfeá gur leor ceann amháin sa lá duit.”
Bhí smál ag teacht ar an phictiúr sin a bhí ag Bróna di féin ina suí i gcluain bhláthanna agus sifín ina béal. “Sin an rud fá Frank,” arsa sise léi féin, “chan ag suirí lena chuid airgid a bíos sé cibé.”
Chrom Bróna agus thóg sí an mála agus amach an doras léi. Le sin, rinne Frank fead ghlaice agus seo anall tacsaí.
Bhris an gáire ar Frank ach char dhúirt Bróna ach “Nach réidh a tháinig an bhréag leat,” agus shuigh sí isteach sa tacsaí.
Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.