AR NA SAOLTA SEO
Táillí Ollscoile – an chúis a bhfuilim ina bhfábhar.
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Tá 35 bliain caite ag Donncha Ó hÉallaithe, ag múineadh in Institiúid Teicneolaíochta Gaillimh agus Maigheo. Tá sé éirithe as le mí anuas. Ag tosnú san eagrán seo, beidh sé ag roinnt a chuid tuairimí le léitheoirí Beo faoi cúrsaí an tsaoil. An mhí seo, míníonn sé cén fáth a bhfuil sé i bhfábhar táillí Ollscoile a ghearradh ar mhic léinn tríú leibhéal !

Íomhá
Is aoibhinn beatha an scoláire
Íomhá
Íomhá
Míshásamh i saol an léinn

Creidim go bhfuil sé de cheart ag gach duine bunoideachas agus meánoideachas den scoth a fháil ach gur pribhléid ón stát é an t-oideachas tríú leibhéal. Ar ndóigh, tír ar bith atá ag iarraidh dul chun chinn a dhéanamh, tá sé riachtanach go mbeidh a dhóthain daoine den scoth á mealladh le saothrú airgid a chur ar athló ar feadh roinnt blianta agus dul i mbun cúrsaí oiliúna ag an tríú leibhéal, sa gcaoi is go mbeidh, amach anseo, soláthar dóthaineach dochtúirí, innealltóirí, eolaithe, cuntasóirí, dlíodóirí, múinteoirí agus saineolaithe eile ann le freastal ar riachtanais na tíre.

In Éirinn, téann thart ar 60% de gach rang Ardteiste ag coláistí tríú leibhéal. Is airde an méid sin ná mórán chuile thír eile san OECD. Is ardú é sin ón 44% a bhíodh ag dul ar choláiste sa bhliain 1998. Comhartha maith é an figiúr ardpháirtíochta seo, san oideachas ag an 3ú leibhéal, dá mbeadh na mic léinn ag roghnú cúrsaí, a chinnteodh go mbeadh ár ndóthain innealltóirí, eolaithe agus saineolaithe teicniúla eile againn le freastal ar riachtanais an ‘knowledge economy’ mar a thugtar air. Ach faraor, ní mar sin atá.

Má scrúdaítear an briseadh síos ar na cúrsaí tríú leibhéal a roghnaíonn mic léinn, níl a dhóthain daoine ag roghnú na hinnealltóireachta, na ríomhaireachta ná na heolaíochta. Tá an roghnú a dhéantar as riocht. Tá dhá oiread daoine ag roghnú gnó & dlí, mar shampla, ná an innealltóireacht agus tá an céatadán a roghnaíonn an ríomhaireacht ag leibhéal an-íseal ar fad, in ainneoin go ndeirtear go bhfuil neart postanna in earnáil na ríomhaireachta.

Is in olcas atá an scéal seo gaibhte le 7 mbliana anuas, mar a léiríonn an tábla thíos, a thugann briseadh síos ar rogha a rinne mic léinn ag leibhéal 8, agus iad ag glacadh le háit sna coláistí tríú leibhéal ar fud an stáit.

Má tá neart postanna le líonadh i réimse na teicneolaíochta, cén fáth go bhfuil mic léinn den scoth ag seachaint na gcúrsaí teicneolaíochta agus ag dul i dtreo an Leighis, Gnó, Dlí agus Na Dána?

Is cuid den fhreagra é go bhfuil cuid mhaith de na mic léinn ag roghnú na gcúrsaí is lú obair, is lú uaireanta teagaisc, is éasca. Le heolaíocht nó le hinnealtóireacht, bheadh 30 uair in aghaidh na seachtaine caite ag ranganna. Gearrann cúrsaí mar sin isteach ar an am a d’fhéadfadh duine a bheith ag obair go páirtaimseartha le hairgead a shaothrú chun an carr a choinneáil ag imeacht agus chun tacú leis an saol sóisialta. Dá roghnódh mac léinn céim sna dána, ní bheadh ach a leath de na ranganna ar do amchlár le hais na deabhail bhochta a bheadh ag plé le hinnealtóireacht nó leis an eolaíocht. Tá mé cinnte go bhfuil cúiseanna eile ann freisin.

Cibé ar bith cúis atá leis, tá na mic léinn leis na pointí is airde, á mealladh le Leigheas, Dlí agus Gnó a dhéanamh. Anuraidh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, níor theastaigh ach 280 pointe as an Ardteist le háit a fháil ar an gcúrsa Eolaíochta ach theastaigh 430 le háit a fháil ar an gcúrsa Dlí Corparáideach agus 480 le háit a fháil ar an gcúrsa Dlí Sibhialta. Leis na cúrsaí innealtóireachta agus eolaíochta a líonadh, ní mhór glacadh le daoine, nach bhfuil a ndóthain cumais acu agus de bharr sin, titeann caighdeán na gcúrsaí innealtóireachta agus eolaíochta.

Le scéal fada a dhéanamh gearr, níl ár ndóthain mac léinn d’ardchumas ag tabhairt faoin eolaíocht ná faoin teicneolaíocht. Má tá straitéis forbartha na tíre bunaithe ar an “knowledge economy”, caithfear níos mó de na mic léinn is fearr (500+ poinnte) a mhealladh i dtreo na heolaíochta is na teicneolaíochta. Faoi láthair tá roghnú na gcúrsaí bunaithe ar dhá rud go príomha: éascaíocht agus saint in airgead amach anseo. Níl eolaíocht ná innealtóireacht éasca agus cé go bhfuil postanna maithe ann, ní bheadh an saothrú gar don airgead mór a shaothraíonn an comhairleoir leighis nó an t-abhcóidí dlí.

Feictear domsa go bhféadfaí réiteach a fháil ar an bhfadhb ach táillí ollscoile a ghearradh ar mhic léinn. D’fhéadfaí scoláireachtaí groíúla a bhronnadh ar dhaoine a bhfuil grád B ar a laghad faighte acu ag an ardleibhéal i Matamaitic agus in ábhar eolaíochta/teicneolaíochta amháin eile, chomh maith le híosmhéid de 500 poinnte san Ardteist, ar an gcoinníoll go roghnóidís cúrsa eolaíochta, ríomhaireachta nó innealtóireachta.

Céard faoi na mic léinn eile? Ar ndóigh, chaithfí cúnamh breise, i bhfoirm deontais, a chur ar fáil do dhaoine ó chúlra ioncaim íseal, le páirtíocht na n-aicmí is boichte san oideachas ag an tríú leibhéal, a mhéadú. Don chuid eile, mholfainn córas iasachtaí ón Stát a bhunú, mar atá i dtíortha go leor eile, le hairgead a chur ar fáil le híoc as na táillí agus as costais mhaireachtála na mac léinn. Thabharfadh sé deis don rialtas breis airgid a fháil ó na táillí agus chasfadh sé níos mó mic léinn d’ardchumas i dtreo na heolaíochta is na teicneolaíochta.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.