AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Taibhreamh Bhaloir
Balor Balor Balor

Cuireadh cosc ar Bhalor dul chuig Irish Fest Milwaukee i mbliana ach d’éirigh leis dul ann, mar sin féin – ina bhrionglóidí.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Má shíl sibh go raibh Beo Ar Éigean ní ba leimhe fiú ná mar is gnách an mhí seo a chuaigh thart, ní ba mharbhánta, ní ba bheaguchtúla... go raibh rud inteacht ar iarraidh, bhí an ceart ar fad agaibh: breis agus míle focal ó Laoch na Litríochta, Balor an Bhéil Bhinn, an Bhlais Bhlasta agus an Phinn Phrionsabálta. Bhí cúis mhaith le halt s’agamsa a bheith ar iarraidh ón liarlóg nó ní raibh cead agam é a scríobh. Chuir an priompallán sin Éamonn Ó Doornail, an t-eagarthóir, mar a thugann sé air féin, chuir sé mé ar fionraí as siocair gur shíl sé nach dtiocfadh le <ainm ag an eagarthóir> cur suas le scigireacht bheag chairdiúil óna chara charthanach chomhbhách Balor Neamhurchóideach Neamhchiontach Neamhchas Naíonda.

Siúr nach bhfuil a fhios ag an saol mór gur dlúthchairde muid, <ainm ag an eagarthóir> agus mé féin, le fada fada an lá, ón am ar cuireadh an bheirt againn ar fionraí ó Chumann Fíorghaelach na bhFíorghaeilgeoirí Fíorghaelacha toisc muid a bheith ró-leathanaigeanta inár n-aigne phoiblí ag an am nár ceadaíodh a leithéid (ach faoi rún). Tá mé thar a bheith buíoch d’<ainm ag an eagarthóir> as an litir a scríobh sé chuig Éamonn Ó Doornail, inar bhain sé na putóga as an eagarthóir as mé a chur ar fionraí agus inar thug sé ordú dó ciall a bheith aige agus Balor a chur ar ais san áit ba dhual dó: ar leathanach tosaigh Beo Ar Éigean. Tá mé iontach buíoch fosta de na mílte léitheoir dil dílis a rinne gearán mar gheall ar nár cuireadh alt na míosa seo a chuaigh thart i gcló.

Agus alt beag neamhurchóideach a bhí ann, ailtín beag bídeach gan tarcaisne gan táire gan tútachas. Ní raibh ann ach cur síos ar bhrionglóid a bhí agam, brionglóid álainn inar chaith Éamonn Ó Doornail liomsa mar a chaitheann gnátheagarthóirí na n-irisí agus na nuachtán agus na dtréimhseachán Gaeilge le tuairisceoirí a dhéanann iarracht mhacánta; mar a chaitheann príomhfheidhmeannaigh na n-eagraíochtaí Gaeilge le hoifigigh nach gcuireann isteach orthu barraíocht i rith na bliana; mar a chaitheann airí stáit le státseirbhísigh a thugann ómós cuí dóibh ó cheann ceann na bliana – is é atá i gceist agam, i mbeagán focal: an mhórluaíocht; an féirín; an beagchúiteamh saothair – an turas go Féile na nGael i Milwaukee. Seo mar a bhí mo thaibhreamh:

Theacht dheirge an dá néal maidin chiúin shamhraidh, chomh tiubh géar agus a nocht ball bán ar an lá, tháinig cnag ar dhoras mo phluaise. Cé a bhí ina sheasamh idir mé agus maidneachan ach Éamonn Ó Doornail, an tEagarthóir Téagartha; clogad crua na ceartaiseachta fána cheann, sciath nuachtán crochta lena thaobh, claíomh géar na fíréantachta ina láimh dheas agus péire peann ina láimh eile, agus nuair a chonaic mé é gléasta mar a bhí agus solas niamhrach na húrmhaidine ag lonrú fríd a chuid gruaige cataí ciardhuibhe, dúirt mé gur mhór an trua nach raibh mo Canon EOS Digital liom nó nach gcreidfeadh duine ar bith ar chlár an domhain an chuma churata, oscartha, laochta a bhí air an mhaidin sin.

Thóg sé a cheann agus d’amharc sé orm díreach isteach sa leathshúil i lár chlár m’éadain agus dúirt: “A Bhaloir, a chara mo chroí, a laoch thar laochra na litríochta, cuirimse de gheasaibh agus de mhórualach ort éirí amach as an phluais sin, ordú taistil a chur ort féin, agus gan stad mara ná mórchónaí a dhéanamh go sroichfidh tú caladh agus cuan insa domhan thiar. I bhfocail eile: tá mé chun tú a thabhairt liom chuig cathair cháiliúil choireach cholach sin na beorach cois Loch Michigan, áit a dtéann maithe agus móruaisle eile shaol na Gaeilge gach samhradh, chuig Féile na nGael i Milwaukee. Tá sé thar am againn, a Bhaloir.”

Bhí teas millteanach ann. B’éigean dom m’éadach cnis fada a bhaint a luaithe agus a leag mé cos ar thalamh Mheiriceá. Choinnigh mé orm mo bhríste fada fionnaidh, mo chóta mór, mo hata agus mo chuid wellies, ar eagla na heagla agus na hEaglaise. Ní raibh an scáth céanna ar go leor den mhuintir a chuaigh anonn linn. Bhí cuid mhór acu gléasta i mionsciortaí agus cíochbhearta dathannacha... agus bhí na mná chomh téisiúil céanna.

Isteach linn go Páirc na Féile. Bhí muid bodhraithe ag an ghleo agus muid fós scór bloc ón suíomh. “Ceol Gaelach mo thóin!” a dhrantaigh Éamonn liom agus Tommy Makem ag fiosrú in ard a chinn “Will You Go Lassie Go?” Bhí fógra mór os cionn gheata Pháirc na Féile: “Céad Míle Fáilte” a d’fhógair sé. “Nach deas sin?” arsa mise le hÉamonn. “Tá Gaeilge ag muintir Mheiriceá fiú!” An chéad bhoc ar casadh orainn é d’fhiafraigh muid de cárbh as é. “I’m a visitor here from Conamara!” ar seisean.

“Cén chaoi a bhfuil tú?” arsa Éamonn leis.

“Huh?” ar seisean.

“Nach bhfuil aon Ghaeilge agat?” arsa mise leis.

“I only have the cúpla focal,” ar seisean, “And that’s both of them!”

Shiúil muid linn ar aghaidh fríd na sluaite, muid ag déanamh iontais de na daoine a bhí gléasta mar leipreacháin agus de na seamróga a bhí ag fás amach as cloigne daoine. Ghluais muid linn thar an Paddy O’Bingo, an Mother Machree Burger Joint, an Rosie O’Grady Pizza Parlour, agus an Bold Fenian Men Pretzel Outlet. Bhí bannaí ceoil agus grúpaí rince ar gach taobh dínn ag batráil ár gcuid cluas; bhí muid bodhraithe ag bodhráin, ag boscaí, ag banjos; muid ag iarraidh an chluas bhodhar a thabhairt do <ainm ag an eagarthóir> ó Fhoraois na Gaeilge a bhí ag rith thart ó stáitse go stáitse ag óráidíocht ar áilleacht an cheoil agus ar shaibhreas an chultúir agus ar an tábhacht a bhain le cuireadh a thabhairt dó ar ais chuig Irish Fest 2007.

Bhí muid ciaptha ag an Aire Éamon Ó Caoimhnis a bhí ag dul thart ar chairrín gailf le stoc fógartha i láimh amháin agus bata draighin sa láimh eile, é ag croitheadh an bhata os a chionn agus ag cleachtadh a óráide os ard. Bhí a chosmhuintir ag rith ina dhiaidh, ag impí ar an slua éisteacht leis: ‘Is Aire é! Tugaigí aire! Arrah! a fheara, tugaigí aire don Aire!’

Níor thuig muid cad tuige go dtiocfadh duine ar bith chuig áit mar seo. Bhí muid réidh lenár mbealach a bhrú amach fríd an ocht milliún duine a bhí dingthe isteach i bPáirc na Féile nuair a chonaic muid fógra mór a thóg ár gcroí: An Ghaeltacht. Anonn linn. Chnag muid ar an gheata. Osclaíodh poll beag agus fiafraíodh dínn an raibh a fhios againn an pasfhocal. ‘Amharc orm, a húir!’ arsa mise. Nuair a chonacthas mo leathshúil i lár chlár m’éadain cuireadh fáilte romhainn. Isteach linn. Suaimhneas faoi dheireadh, agus thuig muid láithreach an chúis go dtagann muintir na Gaeilge ar ais ina sluaite bliain i ndiaidh a chéile chuig Irish Fest Milwaukee.

Sa nead beag suáilcis seo, i bhfad ón daoscarshlua, i bhfad ó na hairí agus ó na príomhfheidhmeannaigh gan ainm, i bhfad ón Wild Rover *agus ó *Brennan on the Moor, bhí na Paddies ina suí thart ag ceol agus ag ól agus ag bladar; na fíorGhaeil Mheiriceánacha ag freastal orthu le deochanna saor in aisce. Bhí Meaití Jó Shéamuis agus buidéal in achan lámh aige ag mímeáil leis agus an CD ag dul go tréan taobh thiar de. Bhí May Mac Ránais agus Daddy Joe Ó Dónaill sínte siar ag crú na gréine agus ag sú shú na heorna agus dar leo gur ag cumadh lúibín a bhí siad. Bhí Gearóid Ó Mórghutha i ndiaidh deichniúr ban a mhealladh agus gan lár an lae ann fós. Bhí Leamh Ó Cuinneagáin ag cur brú ar gach duine freastal ar chúrsaí Odious Gael, ón chnocán beag a raibh sé sínte air i lár an aonaigh. Cad é faoi Bhalor agus Éamonn Ó Doornail? Níorbh fhada go raibh an bheirt againne sínte fosta – scaifte Meiriceánach fíorGhaelach ag brú deochanna orainn, ag stánadh ormsa agus laoch-adhradh ina súile, iad cinnte gur ag cumadh m’ailt do Beo Ar Éigean na míosa seo chugainn a bhí mé. Agus an ceart ar fad acu, dar ndóigh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.