Beidh Oireachtas na Samhna ar siúl i gContae Mhaigh Eo i mbliana agus is é Tadhg Mac Dhonnagáin, arb as Maigh Eo ó dhúchas é, atá roghnaithe mar uachtarán ar an fhéile. Mhínigh sé do Shinéad Ní Ghuidhir cén fáth a bhfuil sé chomh tógtha sin leis an bhféile.
Nuair a fuair Tadhg Mac Dhonnagáin glao ó Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, roimh an Nollaig ag rá go raibh an coiste áitiúil i gCathair na Mart agus an coiste náisiúnta ag iarraidh a ainm a chur chun cinn mar Uachtarán, baineadh siar as.“Tháinig sé go hiomlán aniar aduaidh orm,” a dúirt Tadhg, nuair a labhair mé leis le déanaí ina theach cónaithe in aice an Spidéil i nGaillimh. “An chéad rud a dúirt mé ná, agus ní raibh mé ag iarraidh aon drochmheas a léiriú, agus bhí ríméad orm glacadh le honóir iontach mar seo, ‘ach nach seanlads is mó a bhíonn ag plé leis?’” Is é dúirt Liam ar ais ná go mb’fhéidir gur cheart do Thadhg breathnú ar a theastas breithe agus an dáta a sheiceáil!
Cineál ambasadóra don Fhéile is ea Uachtarán an Oireachtais agus beidh Tadhg ag freastal ar na trí phríomhócáid: Oireachtas na Cásca i Leitir Ceanainn, bronnadh na nduaiseanna liteartha i mBaile Átha Cliath, agus Oireachtas na Samhna i gCathair na Mart. “Más féidir liomsa pé ar bith scileanna atá agam a chur ar fáil don Oireachtas ar feadh na bliana, beidh mé an-bhródúil as sin a dhéanamh,” a deir sé.
D’fhreastail Tadhg ar an Oireachtas go mion minic roimhe seo, mar ghnáthdhuine ar spéis leis ócáidí agus traidisiúin chultúrtha na tíre, agus mar thuairisceoir le RTÉ freisin. D’fhiafraigh mé de ar thug sin léargas dó ar ghnéithe den fhéile nach mbeadh teacht ag an ngnáthdhuine air. “Cinnte, ó thaobh aithne a chur ar mhuintir na féile agus na daoine atá ag plé leis – deis a fháil, mar shampla, agallamh a chur ar mholtóirí Chorn Uí Riada, ceist a chur orthu cén fáth a ndearna siad an cinneadh seo nó an cinneadh siúd, cén tuiscint a bhí acu ar an sean-nós, cén chiall a bhain le stíleanna éagsúla sean-nóis a chur i gcomórtas lena chéile – ceisteanna mar sin a phlé.”
Bhí Tadhg féin mar iomaitheoir sa bhféile cúpla uair freisin. D’éirigh leis duais a bhaint anuraidh, mar shampla; chuir sé isteach cúpla script sa rannóg “Scripteanna teilifíse” agus bhain ceann de na scripteanna don tsraith Aifric (a craoladh ar TG4 ó shin) duais. Bhain sé duais sa chomórtas d’amhráin nua-chumtha bliain eile.
“Ghlac mé páirt chomh maith mar cheoltóir. I 1986, tá mé ag ceapadh, reáchtáil muid ócáid dar teideal “Blues na Filíochta.” Bhí mé féin, Michael Davitt, nach maireann, na Benzini Brothers agus Aodh Ó Domhnaill páirteach i gclub ceoil agus filíochta, “An Café Gorm”, a bhíodh ar siúl i mbialann i Ranallach. Thug muid an seó sin go dtí an tOireachtas bliain amháin.”
Is cuimhin le Tadhg freastal ar an Oireachtas le múinteoirí eile nuair a bhí sé ag múineadh scoile sna hochtóidí. “Chuaigh muid go dtí an Cheathrú Rua agus chuaigh muid go Gaoth Dobhair. Is cuimhin liom cóisirí ceoil go maidin, ag fanacht sna tithe agus ag freastal ar na comórtais. Cineál teacht le chéile iontach a bhí ann. Thugadh cuid de mhuintir Bhaile Átha Cliath ‘Club an Chonartha agus rothaí faoi’ air.”
Imeacht pobail
Dar le Tadhg, nuair a théann an tOireachtas amach faoin tír, go háirithe chuig an nGaeltacht, gur imeacht pobail amach is amach é, mar go mbíonn a fhios ag daoine céard atá i gceist leis. “Bhí a muintir féin ag glacadh páirte ann, tá go leor acu le fada an lá á dhéanamh sin, ag dul siar blianta fada. Tá an traidisiún fite fuaite leis an saol pearsanta agus déanann sé sin rud an-an-láidir as. Airíonn tú an fuinneamh sin ag an Oireachtas agus sin an draíocht a bhaineann leis.”
Rud mór, dar leis, atá tagtha chun cinn le blianta anuas ná damhsa ar an sean-nós. “Tá obair ar siúl ag daoine ar an talamh, go háirithe an Gaelacadamh agus Pléaráca agus dreamanna éagsúla in áiteacha ar fud na nGaeltachtaí eile, ach is dócha gurb é an t-aitheantas atá faighte ag an ealaín ón Oireachtas agus ón gcomhoibriú le TG4, tá sé tar éis stádas nua a thabhairt agus tá an-bhorradh anois faoi na ranganna damhsa ar an sean-nós.”
Rud a chuir ríméad ar Thadhg glacadh leis an onóir mar Uachtarán ná comhrá a chuala sé idir beirt óga le déanaí. “Bhí duine amháin nach raibh eolas aige faoin Oireachtas agus dúirt sé, ‘Céard tá i gceist leis an Oireachtas?’ agus chas cailín chuige agus dúirt, ‘Níl ann ach na tseachtain is fearr sa mbliain, duh!’
“Sin é mo thaithí thar na blianta: éireoidh le rud ar bith i nGaeilge má tá sé ag líonadh bearna atá ann, nach bhfuil á líonadh i mBéarla. Tá an tOireachtas mar sin agus is cosúil go bhfuil ag éirí go han-mhaith le Scléip na hÓige. Beidh an-spéis agam ansin.”
Agus mé ar tí fágáil, thaispeáin Tadhg an tionscadal atá idir lámha anois aige dom, leabhar nua do dhaoine fásta, ar an dul céanna le saothar eile dá chuid, Gugalaí Gug, a foilsíodh do pháistí. Cnuasach de dhánta ón traidisiún, nó a bhfuil dlúthbhaint acu leis an traidisiún, atá ann, aistrithe ag Tadhg féin agus nótaí i dteannta gach ceann díobh. Tá leagan amach an leabhair go hálainn, agus grianghraif ann a ghlac Ciara Conway. Tá an fhilíocht ar fad ar dhlúthdhiosca, á n-aithris ag triúr aisteoirí ó Chonamara, Peadar Ó Treasaigh, Darach Ó Tuairisg agus Áine Ní Dhroighneáin, agus tá ceol agus fuaimrian ó John Ryan curtha leis.
Agus é ag caint ar an gceol, meabhraíonn Tadhg dom gurb as Maigh Eo a tháinig go leor de na hamhráin thraidisiúnta a bhíonn le cloisteáil thart ar Chonamara.
“Beidh na hamhráin sin le cloisteáil ag bun Chruach Phádraig faoi Shamhain agus beidh sin go hálainn. Tá sé go deas go bhfuil an rud sin ar fad ag dul ar ais, agus rothaí faoi, chuig an áit as a dtáinig sé!”
Bí ag faire amach do Thadhg i gCathair na Mart – mar a deir sé féin, “Beidh mise i láthair, ag swannáil thart agus an slabhra orm! Seans go mbeidh mé fós i mo shuí go moch ar maidin; ceann de dhualgaisí an Uachtaráin ná oiread fuinnimh agus is féidir a chur isteach san ócáid!”
Beidh Oireachtas na Cásca ar siúl i Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, ó 12 – 15 Aibreán 2007 agus is i gCathair na Mart a bheidh Oireachtas na Samhna, ó 31 Deireadh Fómhair - 4 Samhain 2007. Eolas breise: (01) 475 3857; eolas@antoireachtas.ie; www.antoireachtas.ie
Is léachtóir í Sinead Ní Ghuidhir i Roinn an Oideachais in Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Ina theannta sin, múineann sí Gaeilge do dhaoine fásta, tugann sí ceardlanna agus cúrsaí drámaíochta, agus scríobhann sí altanna go rialta d’irisí áitiúla. As Baile Átha Cliath í ach tá cónaí uirthi i nGaillimh.