CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Tábhacht na n-acrainmneacha trí litir
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Míníonn Diarmaid Mac Mathúna cén bhrí atá le cuid de na hacrainmneacha trí litir atá in úsáid go coitianta i saol na ríomhaireachta anois.

Íomhá
Seinnteoir MP3
Íomhá

Cinntíonn siad gur féidir le teaghlaigh grianghraif a sheoladh chuig a chéile. Cinntíonn siad gur féidir le comhghleacaithe obair a dháileadh. Agus cinntíonn siad gur féidir le daoine éisteacht le ceol.

Cad iad na rudaí iontacha seo a chuireann ar ár gcumas é seo ar fad a dhéanamh? An grúpa daoine atá i gceist? An píosa snasta nua trealaimh atá faoi chaibidil? Bhuel, seo cúpla leid duit …

Uimhir a haon: Bíonn trí cinn acu le chéile de ghnáth.

Uimhir a dó: Is fearr leo bheith chun deiridh.

Uimhir a trí: Is beag duine atá cinnte cad dó a sheasann siad.

Tá mé ag caint (ar ndóigh) faoi bhailiúcháin cháiliúla litreacha ar nós MP3, JPG agus DOC. Déanann na hiarmhíreanna comhadainm seo cur síos ar fhormáidí comhaid faoi leith, is é sin an tslí ina bhfuil eolas leictreonach á stóráil ar ríomhairí.

Tarlaíonn a lán rudaí sa chúlra ar ríomhaire chun gur féidir an t-eolas digiteach atá i gcomhad ceoil MP3, mar shampla, a athrú ar ais go dtí rud éigin a bhfuil fuaim mhaith aige i gcluasáin. Sa chaoi chéanna, tá caighdeáin eile cruthaithe ag coistí d’innealtóirí a dhéanann sainmhíniú beacht ar an gcaoi ar chóir an t-eolas i ngrianghraif a stóráil go leictreonach i gcomhad JPG. Agus tá taithí ag aon duine a bhíonn ag úsáid Microsoft Word ar chomhaid DOC - formáid comhaid a choimeádann an téacs i ndoiciméid, chomh maith le heolas ar leagan amach an téacs sin, le chéile.

Cén fáth a bhfuil trí litir in úsáid do na hacrainmneacha seo ar fad? Bhuel, blianta beaga ó shin bhí ar chláraitheoirí ríomhaireachta ar ríomhairí MS-DOS (an teicneolaíocht ar a bhfuil ríomhairí Windows anois bunaithe) a chinntiú nach raibh an t-ainm ar aon chomhad faoi leith níos faide ná ocht litir. Ansin, tar éis lánstad, bhí cead acu trí litir bhreise a úsáid chun insint don chóras oibriúcháin cén fhormáid comhaid a bhí i gceist. Spreag an teorainn “8 + 3” seo a lán ainmneacha cruthaitheacha (ar nós comhad téacs “README.TXT") agus, cé gur féidir ainmneacha níos faide a úsáid na laethanta seo, tá na hiarmhíreanna comhadainm gonta fós linn.

Ach cad dó a sheasann na hAcrainmneacha Trí Litir (nó ATL) seo ar fad? Bhuel seasann, JPG (nó JPEG mar a thugtar air ó am go ham) don *"Joint Photographic Expert Group” *nó An Comh-Shainghrúpa Grianghrafadóireachta mar a thugtar air as Gaeilge. (Is dócha go raibh eagla ar an gcoiste sin go ndéanfaí dearmad orthu mura n-ainmneofaí torthaí a gcuid oibre ina dhiaidh). Is do choiste eile fós a sheasann MP3 nó MPEG-3 mar a thugtar ar ina iomlán: An Sainghrúpa Scannánaíochta nó an *"Moving Picture Experts Group”. *Tá scata formáidí comhad cruthaithe ag an gcoiste gnóthach sin agus tá úsáid fhorleathan á baint as MPEG-4 chun físeáin a scaipeadh ar an idirlíon.

An saol gnó

D’fhéadfaí dul ar aghaidh go deo ag liostáil na n-acrainmneacha ar fad atá in úsáid ar ríomhairí faoi láthair ach stopfaidh mé ansin mar ní shroichfinn deireadh an liosta go deo. Agus ní tharlódh sé sin de bhrí go bhfuil mé an-mhall ag clóscríobh ach de bhrí go bhfuil formáidí nua á gcruthú go rialta. I measc na bhformáidí is nua atá in úsáid go forleathan, tá ná cinn a bhaineann leis an saol gnó. Tá go leor comhlachtaí ag scaipeadh cáipéisí i bhfoirm PDF nó *Portable Document Format *("Formáid Doiciméad Iniompartha” sa Ghaeilge) toisc go bhféachann siad go díreach mar ba chóir i gcónaí agus toisc nach féidir le daoine iad a athrú go héasca.

Anuas air sin tá OpenOffice.org - pacáiste saor in aisce atá in iomaíocht le Microsoft Office agus atá á aistriú go Gaeilge - tar éis réimse formáidí dá gcuid féin a chur i bhfeidhm a stórálann an t-eolas céanna le comhaid DOC i spás i bhfad níos lú. Tá sé ró-luath chun go mbeadh an fhormáid úd ag OpenOffice.org in úsáid go forleathan ach cheana féin tá an Rialtas tar éis an cháinaisnéis a fhoilsiú san fhormáid sin.

Ait go leor, ní gan chonspóid atá roinnt de na formáidí comhad - bhagair an dream ar leo na cearta don fhormáid íomhánna GIF tamall ó shin go raibh siad chun airgead a ghearradh ar dhaoine as eolas a stóráil san fhoirm sin amach anseo. Cé go seasann GIF do *Graphics Interchange Format *(nó Formáid Idirmhalartaithe Grafaice), tá roinnt dearthóirí suíomh gréasáin ag gearradh siar ar úsáid a bhaint as comhaid GIF d’idirmhalartú grafaicí toisc go bhfuil éiginnteacht dhleathúil ag baint leis. Ar ndóigh níl an tionscal ceoil róshásta faoin úsáid fhorleathan atá á baint as comhaid MP3 chun ceol a scaipeadh ach an oiread.

Ach b’fhéidir nár chóir go mbeadh iontas orainn go bhfuil daoine ag troid mar gheall ar rudaí a chinntíonn gur féidir linn cumarsáid a dhéanamh lena chéile. Ag deireadh an lae, is acmhainn chumhachtach iad formáidí comhaid agus tá Tábhacht-As-Cuimse (TAS) ag baint lenár gcairde, na hAcrainmneacha Trí Litir (ATL).

Is léiritheoir é Diarmaid Mac Mathúna sa rannóg chorparáideach in Agtel (www.agtel.ie), comhlacht neamhspleách teilifíse atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Bíonn sé ag obair ar fhíseáin, tionscadail DVD agus suímh ghréasáin do raon leathan eagraíochtaí agus tá baint aige leis an tsraith teilifíse “An Tuath Nua” freisin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.