CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Tá Tír is Talamh Damnaithe

Eascraíonn gach dochar is gach sochar (bíodh gur leis na hIosraelaigh amháin a bhaineann taobh an tsochair sa Phalaistín) as aon rud amháin: córas cinedheighilte an stáit, córas a chuireann éinne as áit ar bith ar domhan, chun tosaigh ar gach éinne eile má thig leis nó léi a chruthú go bhfuil aon chreideamh amháin aige nó aici. Más Giúdach é nó í, tá sé nó sí sna firéin. Tá sé sin chomh contráilte agus chomh dochosanta is atá ‘stát Protastúnach do phobal Protastúnach’, nó ‘stát Caitliceach do phobal Caitliceach’, nó ‘stát geal don chine gheal’. Ní oibríonn stát mar sin ach ar feadh tamaill sula dtéann siad thar fóir le fuath ar an dream atá thíos. Nuair a chuaigh na Naitsithe le gealtachas den chineál sin, ag iarraidh a reacht chur os cionn gach daorchine nár den fhuil Airianach. Tá an chaint chéanna ag teacht amach ó na hIosraelaigh faoi láthair. ‘When Genocide is Permissible’ ba theideal d’eagarfhocal ar na mallaibh.

gnéithe suntais a dhealaíonn scéal agus sléachtadh na bPalaistíneach le ‘trioblóidí’ in áiteanna eile mórthimpeall an domhain. Is iondúil gur thug tír Eorpach faoi cheantar éicint eile, sa chéad seo chuaigh thart agus gur bhain siad feidhm as mionlach a bhí sa tír cheana féin le comhoibriú leo i smachtú an mhóraimh. Turcaigh na Cipire fágaim, 10% de dhaonra an oileáin tráth dá raibh, d’fheil siad go seoigh don Sasanach. Bhí córas na hInde leagtha amach go breá rompu ón tús lena gcuid uasaicmí agus íosaicmí agus an-raidhse creideamh chomh maith.

Ráiteas Balfour

Ní eisceacht amach is amach í an Phalaistín ach tá sé sách eisceachtúil gur ghabh an Sasanach an tír i ndiaidh titim Impireacht na nOtamánach 1922 agus gur bhronn sé ar an dream eile é, aisteach go leor, cúig bliana roimhe sin, 2 Samhain 1917!

Bhí lucht Sióin ceaptha a bheith ag roinnt na tíre, an British Mandate for Palestine, más fíor don Sasanach agus do na Náisiúin Aontaithe, ach chaith an chuach áirithe sin an Sasanach amach ina riabhóg léana gan mórán achair agus chrom ar a rogha rud féin a dhéanamh láithreach. Níl aon talamh ná teach a shantaigh an dream isteach nár ghlacadar chucu féin. Ciallaíonn an drochobair seo uilig go bhfuil na Palaistínigh, dream inste scéil an Nakba brúite isteach ar mullach a chéile in iamhchríocha nó i mBantustáin. Meastar gur seandúchasaigh de chuid na háite iad tuairim is leathmhilliún duine i nGáza agus brúite anuas orthu sin i nGáza, tá tuairim is 1.2 milliún duine eile, teifigh as ceantracha eile.

Gné eile atá aisteach faoi scéal na Palaistíne, is ea na cosúlachtaí atá ag roinnt le heachtraí sa Dara Cogadh Domhanda, go feiceálach, a bhfuil a macasamhail ag tarlú sa lá inniu i nGása.

Cuimhnímis nuair a sáinníodh na Giúdaigh in Iamhchrích Warzawa, ní raibh de chosaint acu ach na tolláin a thógadar. Is dream iad na Palaistínigh nach raibh lámh acu i ndrochobair an Dara Cogadh Domhanda, ach cartadh as tithe is as a dtailte, tá siad sáinnithe anois in iamhchríocha agus bantustána ina dtír féin agus níl á gcosaint anois ar an scrios/blitzkrieg ina dtimpeall, ach tolláin. Tá deireadh le tionscadal na cinedheighilte seictí ach é a ghliondáil suas sa chaoi nach ndéanfar an míle murder atá á santú ag roinnt de na Siónaigh. Go dtí go ndéanfar an ghliondáil sin, beidh na Náisiúin Aontaithe, an tAontas Eorpach agus gach rialtas ar domhan a thacaíonn le córas na cinedheighilte seictí faoi náire, agus ciúin ciontach. Saint agus easpa saibhris a thugann orthu cloí leis an chóras reatha agus leis an gcló deiridh a buaileadh ar nótaí páipéir faoi ainm an dollair, níl ann ach ceist ama go dtige an crú ar an tairne. Tá cromnasc an gheilleagair buailte ar gach éinne agus dearcfaidh siad go léir an treo eile.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.