Ní thuigeann Dáithí Ó Colchúin cén fáth ar thug na meáin chumarsáide san Astráil oiread airde ar chruachás beirt mhianadóirí a bhí sáinnithe faoin talamh agus ar thug siad neamhaird ar scéal eile a bhí chomh corraitheach céanna.
Ba é scéal mór na míosa san Astráil an chaoi ar tháinig beirt mhianadóirí slán tar éis dóibh coicís a chaitheamh sáinnithe faoi charraigeacha 900 méadar faoi thalamh in Beaconsfield i dtuaisceart na Tasmáine. Thosaigh an scéal ar an 25 Aibreán nuair a bhuail crith talún beag an ceantar. Cé nach raibh sé ach 2.1 ar scála Richter, ba leor é le maidhm thalún a thosú sa mianach óir. Bhí seacht nduine dhéag ag obair sa mianach ach d’éirigh le ceithre dhuine dhéag acu éalú go pras. Ta éis dhá lá fritheadh corp duine den triúr a bhí fanta. Bhí an-amhras faoin mbeirt a bhí fós ar iarraidh. Trí lá ina dhiaidh sin fritheadh amach go raibh siad fós beo nuair a chuala foireann tarrthála ag caint iad. Cuireadh píopa beag 12 méadar ar fhad agus 100 mm trasna isteach chucu chun bia, deoch, cógais agus ceamara a sheoladh chucu, agus teachtaireachtaí a sheoladh amach. Tosaíodh ag pleanáil tolláin 16 méadar ar fhad agus méadar trasna ach bhí sé trí lá sula raibh an gaireas cuí réidh le tosú ar an tollán. Ghearr sé sin 12 méadar den tollán agus críochnaíodh é le huirlisí láimhe ar fhaitíos go mbeadh aon bhaol tuilleadh carraigeacha a chur anuas sa mullach ar na fir istigh.
Ar deireadh thiar, ar an 9 Bealtaine, críochnaíodh an tollán agus tugadh amach an bheirt. Seachas deacracht a bhí acu ag siúl ar feadh tamaill ní raibh drochbhail orthu. Ón am a bhí a fhios go raibh siad beo, bhí na meáin ag dul as a meabhair. Bhí foirne móra ag na meáin as gach ceard den tír in Beaconsfield agus iad ag déanamh scéal mór millteach dó fiú nuair nach raibh aon cheo nua le rá faoi. Nuair a tháinig na fir amach thosaigh coimhlint idir na meáin le scéal eisiach a fháil uathu. Díoladh agallamh le stáisiún teilifíse agus píosaí le cúpla iris ar $2.6 milliún. Ag deireadh na míosa bhí siad le dul go dtí na Stáit Aontaithe le haghaidh cúpla agallamh teilifíse agus ceapadh go mbeadh tuilleadh airgid le fáil acu thall. Mar a tharla, an lá céanna ar tháinig an bheirt as an mianach, sábháladh triúr i gcás eile a bhí ina bhealach féin níb iontaí fós. I gCaolas Torres in oirthuaisceart na hAstráile, sábháladh beirt fhear agus buachaill a chaith 22 lá i bhfarraige gan beatha ar bith acu. I lár mhí Aibreáin, d’fhág siad Oileán Murray, an t-oileán is faide soir sa gcaolas. Thug siad a n-aghaidh ar oileán eile a bhí 40 ciliméadar siar ó thuaidh uathu. Ach rug gála orthu agus séideadh soir agus ó dheas iad, is cosúil, áit nach raibh aon chúnamh, aon bháid nó aon oileáin. Chaith siad dhá lá is fiche ag stracadh leis na gálaí agus na cuaranfaí a bhí go tiubh sa gceantar.
Chuaigh lucht tarrthála sa tóir orthu ach tar éis cúig lá cuireadh deireadh leis an iarracht sin de bharr drochaimsire agus mar gur ceapadh nach raibh seans ar bith go raibh siad slán. Ach bhí. Ní raibh de bheatha ag an triúr ach corriasc úr a d’aimsigh siad sa bhfarraige. Le linn an turais, chaill duine de na fir 30 cileagram agus an fear eile 20 cg. Ag deireadh an ama ní raibh acu leis an mbád a bhogadh agus a stiúradh ach a gcuid lámh san uisce. Ina ainneoin sin bhí siad in ann beagán dul chun cinn a dhéanamh agus nuair a bhí siad i bhfoisceacht 30 ciliméadar dá n-oileán féin, bhí dóthain cumhachta fós sa bhfón póca a bhí acu le teachtaireacht téacs a chur chuig duine muinteartha leo ag míniú cén áit ar cheap siad a rabhadar. Ba leor sin. Pé cúis a bhí leis, ba bheag aird a thug na meáin ar an scéal seo. Ba dheacair tada a fheiceáil faoi ar na páipéir nó ar an teilifís. Ní raibh foirne móra ag fanacht leo ag teacht i dtír nó ag tabhairt tuairiscí mar gheall ar a gcéad choiscéim ar thalamh tirim. Níor íocadh airgead mór (nó airgead beag) leo le haghaidh scéal eisiach nó scéal ar bith eile. Nach ait an mac an saol. Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.