AR NA SAOLTA SEO
Tá sé ina chogadh leis sna Sé Chontae
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Féachann Robert McMillen ar chuid de na heachtraí móra a bhí sa nuacht sna Sé Chontae i rith 2001.

Íomhá
Nuala O'Loan
Íomhá
An t-iriseoir Martin O'Hagan a dhúnmharaigh dílseoirí i mBéal Feirste i mí Mheán Fómhair

Sna páipéir stáit a cuireadh faoi bhráid an phobail ag tús na míosa seo, faoin dlí 30 bliain, agus a bhaineann leis an bhliain 1971, dúirt státseirbhíseach go gcaithfeadh rialtas Brian Faulkner déanamh amach cé acu bhí siad “at war” leis an phobal náisiúnaíoch.

“The government needs to decide upon its basic philosophy in relation to the minority. Did it consider itself at war with the minority or did it believe in treating it fairly, firmly and openly? At present, the government’s attitude was not clear.”

Ainneoin go bhfuil David Trimble agus Martin McGuinness i gcomhrialtas Stormont le chéile, déarfadh go leor náisiúnaithe nár athraigh an scéal mórán ó shin.

Caithfidh na haontachtaithe a n-intinn a dhéanamh suas an bhfuil siad réidh leis an chumhacht a roinnt le náisiúnaithe, ar 43 faoin chéad den daonra iad. Tá Páirtí Aontachtach Uladh scoilte ina dhá chuid, dream amháin ag iarraidh bogadh chun tosaigh agus muinín a chur i náisiúnaithe, dream eile ag cur gach bac ar féidir leo sa bhealach, agus David Trimble ag luascadh anonn is anall ar an rópa teann.

Ó thaobh na bparamíliteach de, ó thús na bliana seo caite go dtí tús mhí Lúnasa 2001, caitheadh 134 buama píopa (ar phléasc 50 acu), a mbunús mór ar thithe Caitliceacha. Ba é an UDA a bhí ciontach.

Tá an cogadh ann leis, tá deireadh le sos cogaidh an UDA/UFF, tá easaontóirí poblachtánacha ag cruinniú nirt, tá coimhlint dhian idir Ombudswoman na bPóilíní agus an Phríomh-Chonstábla, agus tá tuirse ar achan duine.

Focal seanchaite

Sin rud amháin fá stair na Sé Chontae - tá sé stairiúil. Ní thig forbairt ar bith chun tosaigh nach mbaintear úsáid as an fhocal seanchaite seo le gravitas éigin a bhronnadh ar eachtra a tharla san iliomad tír fada ó shin: bunú seirbhís phóilíneachta, bunú rialtais a aithníonn bunús an daonra (go fóill beag ar scor ar bith!), dream armtha ag fágáil uathu a gcuid gunnaí, iar-"sceimhlitheoirí” sa rialtas. Mar sin, is focal cuí é “stairiúil”. Is cuid de chnáimhseachas polaitiúil gach tíre é a bhfuil ag titim amach ó thuaidh.

Beidh le feiceáil an dtiocfaidh an leanbh slán. Tá an phrognóis dóchasach, ainneoin comharthaí móra easláinte. Tá an marú ag leanstan ar aghaidh. Is é an cás is déanaí (agus is suimiúla) ná dúnmharú an “ghníomhaire dhúbailte” William Stobie, fear nach féidir ach a shamhlú an méid rún atá tugtha chun na huaighe leis. Máistir ceathrún san UDA a bhí ann agus gníomhaire de chuid fhórsaí slándála na Breataine agus bhí páirt lárnach aige i ndúnmharú an dlíodóra Pat Finucane. I ndiaidh scor an cháis ina éadán, dúirt Stobie féin gur “mionimreoir i gcluiche i bhfad níos mó agus níos fuiltí” a bhí ann.

Ar an toirt, mhaígh Poblachtánaigh gur claonpháirteachas a bhí i gceist, ach ar an láimh eile, tá daoine ann nach gcreidfeadh go ndéanfadh fórsaí slándála dleathacha a leithéid, ainneoin na “appalling vistas” a chonaic muid le 30 bliain anuas.

Cluinfidh muid tuilleadh fá chás Billy Stobie amach seo.

Maraíodh an chéad iriseoir ó thuaidh nuair a scaoil dílseoirí Marty O’Hagan sa Lorgain i gContae Ard Mhacha agus é ag siúl chun an bhaile lena bhean chéile i ndiaidh oíche sa teach tábhairne. Ar an drochuair, Ultach a bhí i Marty, agus i gcomparáid le naomhú Veronica Guerin, rinne pobal na tíre dearmad air go luath.

Is mór an náire dúinn.

Tharla éacht amháin a bhí an-stairiúil, cinniúnach, i stair na hÉireann ar an 23 Deireadh Fomhair. Ar an drochuair, bhí an oiread sin rúndiamhrachta ag baint leis an éacht, nach ndeachaigh sé i bhfeidhm ar an phobal oiread agus ba chóir - díchoimisiúnú.

Ní fios cad é an modh a socraíodh idir an IRA agus an Ginearál de Chastelain, ach thug sé deis don DUP a rá gur “stunt” a bhí ann agus an lá ina dhiaidh thug David Trimble le fios go mbeadh sé ag leagan síos spriocama eile - Feabhra 2002 - do chríochnú an díchoimisiúnaithe, agus d’fhiafraigh de Tony Blair cad é na smachtbhannaí a bhí á mbeartú aige do dhream ar bith nár dhíchoimisiúnaigh.

Ach, an rud ab uafásaí uilig, an rud a d’fhág smál ar an bhliain ar fad ná an drochíde a tugadh do chailíní Bhunscoil na Croise Naofa i dtuaisceart Bhéal Feirste.

“Alabama sna 1960í” a thug Gerry Kelly ó Shinn Féin air, ach is éigin gan ach “tut tut” a rá. Ba chasta, pianmmhar an bealach fhad le Comhaontú Aoine an Chéasta do na polaiteoirí. Beidh sé níos deacra arís i gcás na bpobal as ar fháisc na “saighdiúirí” a fuair bás agus a mharaigh ar son a gcúiseanna.

Ábhar dóchais? Emm...

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.