Más mian le RTÉ ardú a fháil sa táille ceadúnais ba chóir don stáisiún srian ceart a chur ar an bhfógraíocht atá dírithe ar pháistí, a deir Uinsionn Mac Dubhghaill.
Tá na siopaí físeán ag déanamh go maith asam faoi láthair. Ní hiad an chéad rogha atá agam, ach b’fhearr liom eachtraí Hercules nó Batman a thaispeáint do mo chuid gasúr in áit ligint dóibh síorfhógraíocht na Nollag a shlogadh isteach ón teilifís.
Ní féidir éalú uathu. Roicéid, gunnaí, carranna, cluichí ríomhaireachta, bréagáin Harry Potter, bábóga, gúnaí bábóg, bréagáin Lord of the Rings, smideadh, éadaí bábóg, tuilleadh cluichí ríomhaireachta, tuilleadh Harry Potter ... dá ligfimis dóibh breathnú ar na fógraí ar fad bheadh muid bodhraithe ceart ag na leaids ó mhaidin go hoíche. Agus níl an histéire ach ina tús.
Agus an t-alt seo á scríobh agam tuairiscítear go bhfuil an Rialtas ag réiteach le hardú suntasach sa táille ceadúnais a dheonú do RTÉ. Ardú €43 (ó €107 go €150 sa bhliain) atá á lorg acu. Tá argóintí maithe ag RTÉ chun ardú a fháil, ach níor chóir an t-airgead a bhronnadh orthu gan cheist. Ceist amháin a bheadh agam orthu ná seo: cén fáth a bhfuil RTÉ ag sárú a chuid rialacha féin lá i ndiaidh lae maidir le fógraíocht do pháistí?
De réir tuarascála de chuid na Náisiún Aontaithe tá Éire ar cheann den dornán tíortha a chuireann srianta fógraíochta áirithe i bhfeidhm, mar dhea, maidir le cláracha do pháistí. Tá cód cleachtais lag ann a d’eisigh an Rialtas roinnt blianta ó shin. Deir RTÉ féin go bhfuil “féinchinsireacht” i bhfeidhm acu maidir le fógraí áirithe nár chóir a chraoladh thart timpeall ar chláracha do pháistí.
Ní gá ach RTÉ a chasadh ar siúl na laethanta seo agus feicfidh tú nach bhfuil sa gcaint seo faoi “fhéinchinsireacht” ach raiméis gan bhunús. Ní léir aon teorainn leis an bhfógraíocht chliste seo faoi bhréagáin na Nollag, faoi fhíseáin nó faoi earraí tarraingteacha eile atá á pumpáil amach de shíor acu. Ceart go leor, ní hiad is measa, ach ní féidir le RTÉ an dá thrá a fhreastal. Más “craoltóir poiblí” é, iompródh sé é féin mar chraoltóir poiblí. Cuireadh sé luachanna eile seachas luach an euro sa meá agus fógraíocht do pháistí faoi mheas. Más “craoltóir tráchtála” feasta é, cuireadh sé deireadh leis an tseanmóireacht faoi thábhacht an stáisiúin agus admhaíodh sé gurb é leas na hinstitiúide agus ní leas an náisiúin an chloch is mó ar a pháidrín.
Ní féidir le feidhmeannaigh RTÉ a bheith ag gearán leis na polaiteoirí maidir leis an nganntan airgid atá orthu, agus ag an am céanna bheith ag teacht i dtír ar an dream is laige sa tír chun na milliúin euro in ioncam fógraíochta a shaothrú.
Tíortha na hEorpa
Seo mar a sheasann cúrsaí i dtíortha Eorpacha eile:
An tSualainn - cosc iomlán ar fhógraíocht do pháistí faoi bhun 12 bliain d’aois. Tá an tAire Cultúir sa tír ag iarraidh go bhfógróidh an tAontas Eorpach “tréimhse saor ó fhógraí” thart timpeall ar chláracha teilifíse do pháistí.
An Ghréig - cosc ar fhógraí bréagán ar an teilifís. D’fhoilsigh an rialtas thall dréacht-reachtaíocht i 1999 chun cosc iomlán a chur ar fhógraíocht do dhaoine faoi bhun ocht mbliana déag.
An Bheilg - ní cheadaítear fógraíocht do pháistí sa chuid sin den tír ina bhfuil an Phléimeannais ina príomhtheanga labhartha. Tá pleananna ann chun an cosc a leathnú go dtí an taobh Francach.
An Danmhairg - cosc ar fhógraí sa chúig nóiméad roimh agus i ndiaidh cláracha do pháistí.
An Iodáil - cosc ar fhógraí le linn cartún. An Pholainn - cosc ar mhargaíocht dírithe ar pháistí ar an teilifís agus ar an raidió.
An Iorua - cosc áirithe ar fhógraíocht atá dírithe ar pháistí. An Ungáir - srianta nua ar fhógraí agus ar mhargaíocht taobh istigh de na scoileanna.
Tá gluaiseacht ann chun srianta nua a chur i bhfeidhm ar an leibhéal Eorpach: tá na comhlachtaí fógraíochta ag éirí chomh buartha sin faoin scéal go gcaitheann a gcuid cumann gnó cuid mhór ama ag réiteach argóintí i bhfábhar an status quo *agus ag cur brú ar pholaiteoirí gan éisteacht leo siúd atá i gcoinne na bhfógraí. Tá rialachán Eorpach dar teideal “Teilifís Gan Teorainn” le leasú uaidh seo go 2004 agus is ar an réiteach don leasú seo is mó a bhfuil aird na bhfógróirí dírithe. Mínítear an scéal go neamhbhalbh i bplépháipéar a réitigh ISBA, cumann na bhfógróirí sa mBreatain. “Tá an baol ann go dtiocfaidh grúpa de thíortha Eorpacha le chéile chun cosc uile-Eorpach a bhrú chun cinn,” a deirtear (féach www.isba.org.uk). Tuigim an brú atá ar RTÉ dul san iomaíocht leis na mórchainéil idirnáisiúnta ar an gcineál airgid atá ar fáil dó. Ach ní hamháin gur loic an príomhchraoltóir náisiúnta orainn maidir le fógraíocht do pháistí, ach tá sé ag loiceadh go leanúnach orainn maidir le hábhar na gcláracha féin. Tá Éire i measc na dtíortha Eorpacha is mó a athchraolann cartúin agus anamúlacht eile de dhéantús na Stát Aontaithe, agus i measc na dtíortha Eorpacha is lú a dhéanann freastal ar pháistí maidir le cláracha oideachasúla, fíriciúla nó drámaíochta de. Is bocht an scéal é do dhream atá ag éileamh ardú €43 euro sa táille ceadúnais. Céard is féidir linne a dhéanamh faoi? An chéad chéim ná a thuiscint gur féidir rud éigin a dhéanamh faoi, nach gá dúinn an biachlár BigMac seo a shlogadh go deo. Ar fud na hEorpa, agus go fiú sna Stáit Aontaithe, tá tuismitheoirí ag caint is ag brú, ag éileamh agus ag ceistiú luachanna na teilifíse ar bhealach nár tharla riamh cheana. In Éirinn, tá an chosúlacht ar an scéal go mbunóidh an Rialtas údarás nua craolacháin, má éisteann siad le moltaí an Fhóraim um Chraoltóireacht a foilsíodh mí Lúnasa seo caite. Anois an t-am le brú a chur ar na polaiteoirí iachall a chur ar RTÉ rud éigin fónta a dhéanamh, ní hamháin maidir le fógraíocht, ach maidir le hábhar na gcláracha féin. Ar an drochuair, níl aon bhrúghrúpa eagraithe ann sa tír seo chun tabhairt faoin obair seo. An bhfuil éinne amuigh ansin atá sásta ceann a chur ar bun? Idir an dá linn, lig dom fógra beag uaim féin a chraobhscaoileadh: ná bac leis na siopaí an Nollaig seo, cuir bronntanas fiúntach chuig do ghrá geal agus cabhraigh le teaghlaigh bhochta sna tíortha neamhfhorbartha. Tig leat grafóg agus pónairí a chur chuig feirmeoir óg i Ruánda, muc a chur chuig an gColóim nó céachta a chur go Mósaimbíc (Eolas: (www.trocaire.org). Nollaig faoi shéan is faoi mhaise duit! *Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois agus ag obair mar shaoririseoir. Chaith sé seal ag obair mar eagarthóir Gaeilge an Irish Times.