Beidh níos mó deiseanna ag dreamanna in Éirinn agus in Albain bheith ag comhoibriú lena chéile sna blianta atá amach romhainn agus tá Robert McMillen den bharúil go bhféadfadh sin dul go mór chun sochair do shochaí Thuaisceart Éireann.
Tá siad cliste na hAlbanaigh seo. Tá muidne in Éirinn cleachtaithe le maoiniú trasteorann a fháil don iliomad tionscadal tábhachtach – feirmeoireacht, gnó, dealbha ag ceiliúradh na síochána, agus a leithéidí sin. Nach n-aithníonn poblachtánaigh tairbhe na teorann mar fhoinse mhaoinithe? Nár cheart go mbeadh teorainn thart ar Laighin agus ar an Mhumhain agus ar Chonnachta, ceann do na Sé Chontae agus ceann eile do na trí “chontae chaillte”, mar a thugann aontachtaithe ar Dhún na nGall, Mhuineachán agus an Cabhán. Bí ag caint ar Eurobillions!
Bhuel, tá faighte amach ag na hAlbanaigh go bhfuil teorainn iontach tábhachtach acu ach ní an ceann idir a dtír féin agus Sasana. Mar gheall ar athruithe a thiocfas leis an chéad chlár eile de Chistí Struchtúracha na hEorpa 2007-13, beidh cead ag Albain maoiniú trasteorann a iarraidh faoin Territorial Co-operation Objective.
Den chéad uair, is féidir maoiniú trasteorann a fháil do thionscadail a fheidhmíonn thar theorainn mhara, suas go dtí 150 ciliméadar. Ciallaíonn sé seo go mbeidh tionscadail a bheas lonnaithe ar chósta thiar na hAlban i dteideal cur isteach ar mhaoiniú trasteorann lena macasamhail in Éirinn.
Ní nach ionadh, chuir Feidhmeannas na hAlban fáilte roimh an mholadh agus chuir siad coiste ar bun le féidearthachtaí comhoibrithe le hÉirinn, thuaidh agus theas, a iniúchadh.
Dúirt cathaoirleach an choiste, Dennis Canavan, go raibh deiseanna móra maidir le cúrsaí cultúrtha, turasóireachta, spóirt, oideachais, agus iompair ag baint le naisc idir an dá thír a láidriú.
Bheadh an comhoibriú úr seo tarraingteach don dá fhealsúnacht mhóra polaitíochta ó thuaidh agus d’imreodh sé tionchar ar fhéiniúlacht mhuintir na Sé Chontae.
Tá dáimh ag an dá threibh le hAlbain. Tagann buíonta Kick The Pope trasna na farraige le páirt a ghlacadh i mórshiúlta an Dara Lá Déag. Tagann buíonta eile atá ainmnithe as James Connolly agus ceannairí Éirí Amach 1916 anall le bheith ag seinm i bparáidí poblachtánacha agus tá Gaeil na hÉireann agus na hAlban ag teacht le chéile mar thoradh ar dhea-obair Cholmcille (nó Iomairt Cholmcille, mar a tugadh air).
Measann an tUasal Canavan go dtig leis na hAlbanaigh cuidiú le bunadh an tuaiscirt an tseanbhiogóideacht a chaitheamh uathu.
“Tá suim mhór á léiriú in iarrachtaí Fheidhmeannas na hAlban deireadh a chur leis an seicteachas sa tír,” ar sé. “Tá tionscadail éagsúla a bhfuil an mianach iontu comhthuiscint a spreagadh agus meas a chothú ar chreidimh agus ar thraidisiúin éagsúla,” dar leis.
Dáimh leis an chomharsanach béal dorais
Tá naisc chasta pholaitíochta idir tuaisceart na hÉireann agus Albain agus, iontach go leor, tá dáimh ag náisiúnaithe agus ag aontachtaithe araon leis an chomharsanach béal dorais. Maíonn Aodán Mac Póilín, stiúrthóir Iontaobhas Ultach, go bhfuil buntáiste le fáil ag aontachtaithe má chuireann siad béim ar an nasc leis an tír as ar tháinig go leor dá muintir. Is é an Preispitéireachas – a bunaíodh in Albain – an creideamh Protastúnach is mó sna Sé Chontae agus ofrálann Albain féiniúlacht pholaitiúil Bhriotanach nach bhfuil Sasanach, rud a mheallfadh aontachtaithe a mhothaíonn deighilt idir iad agus Westminster, dar le Mac Póilín.
Dalta na bpáirtithe polaitíochta ó thuaidh, is beag difear a bhíodh idir polasaithe na bpáirtithe polaitíochta i Holyrood (ciallaíonn rood crois, dála an scéil) seachas ar cheist an Bhunreachta. (I measc na 120 Ball i bParlaimint na hAlban, tá 50 ball de Pháirtí Lucht Oibre na hAlban, 26 ón SNP, 17 Coimeádach agus 17 Daonlathach Liobrálach).
Roimh theacht na déabhlóide, gan mórán cumhachta acu, bhí na páirtithe Albanacha den bharúil gurb é tuilleadh maoinithe rialtais réiteach gach faidhbe. Anois, agus cumhacht rialtais ag páirtí amháin agus seans ag an SNP bheith i gcumhacht, tá sin athraithe agus is dócha gur mar sin a bheas an tuaisceart má fhaigheann muid feidhmeannas ar ais ag Stormont.
Beidh smaointeoireacht úr de dhíth má bhíonn daoine ag obair sa “teach mór ar an chnoc” arís, ar chúrsaí geilleagair, sóisialta, sláinte, oideachais agus ar gach gné den saol.
Beidh le feiceáil cé acu a bhfuil an bua sin sna páirtithe polaitíochta ó thuaidh ach tá go leor le foghlaim againn ónar gcairde in Albain.
Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.