Agus glanadh an earraigh ar siúl agat, seans go mbeidh fonn ort tabhairt faoi roinnt jabanna eile sa teach chomh maith. Tá leideanna ag Diarmaid Mac Mathúna maidir leis na suíomhanna gréasáin ar féidir úsáid a bhaint astu agus tú i mbun athchóirithe tí.
Agus carrchlós an tsiopa Woodies DIY lán, bíonn a fhios agat go bhfuil an t-earrach tagtha in Éirinn. Tá Déan Féin É mar chuid lárnach den saol na laethanta seo, agus creid é nó ná creid, is féidir úsáid a bhaint as an idirlíon chun leaideanna a aimsiú a bheidh ina gcuidiú duit agus tú ag iarraidh an obair a dhéanamh ar bhealach níos éasca – agus níos saoire.Má tá comhairle uait maidir leis an mbealach is fearr le rud ar leith a dhéanamh, is cinnte go bhfuil eolas ar fáil ar an idirlíon mar gheall air – níl ag teastáil ach cuardach tapa ar Google. Ní hamháin sin, ach gach seans go bhfuil físeán ar fáil faoi pé rud is mian leat a dhéanamh. Míneoidh sé duit, céim ar chéim, cén chaoi ar chóir duit tabhairt faoin jab – níl ag teastáil ach cuardach tapa ar YouTube nó About.com.Céim amháin chun tosaigh is ea treoir theicniúil a fháil maidir le conas péint a chur ar bhalla. Ach cad mar gheall ar chúrsaí níos cruthaithí – an dóigh is fearr le dathanna péinte a roghnú, cuir i gcás.Iontas na n-iontas, tá cabhair ar fáil maidir leis na cúrsaí seo freisin. Is éard atá i gceist ná feidhmchlár ríomhaireachta a ligeann duit seomra a "phéinteáil" ar do ríomhaire. Ma bhaineann tú úsáid as an bhfeidhmchlár seo, is féidir leat buille faoi thuairim a fháil roimh ré maidir leis an gcuma a bheadh ar do sheomra dá roghnófá dathanna áirithe – agus ní gá duit pingin a chaitheamh!MousePainterBainim féin úsáid as an tseirbhís MousePainter atá curtha ar líne ag Dulux (www.dulux.ie/colours/mousepainter/index.jsp). Tá an comhéadan seo an-éasca a úsáid – tá grianghraif dhubha agus bhána de sheomraí éagsúla ar an suíomh, agus
roghnaíonn tú cibé ceann atá cosúil le do sheomra féin. Ansin, má tá dathanna ar leith i gceist i do sheomra – dath an troscáin nó dath na gcuirtíní, cuir i gcás – is féidir na dathanna sin a phéinteáil isteach. Agus an bhunobair seo déanta agat, cuirtear tús leis an spraoi! Is féidir a bheith ag pleidhcíocht leis na dathanna eile ar fad agus ní gá duit ach an luch a úsáid chun balla iomlán a phéinteáil agus triail a bhaint as dathanna éagsúla.Ar ndóigh, ní bheidh na dathanna ar scáileán do ríomhaire díreach cosúil leis an dath a bheidh ar an bpéint i ndáiríre, ach tugann an feidhmchlár tuairim mhaith duit maidir leis na samplaí péinte ar fiú duit do chuid airgid a chaitheamh orthu agus triail cheart a bhaint astu. Tá cabhair ar fáil chomh maith más ag déanamh oibre sa ghairdín atá tú. Is breá liom an suíomh garraíodóireachta atá curtha ar fáil ag an BBC (www.bbc.co.uk/gardening). Ní hamháin go bhfuil grianghraif le feiceáil ar an suíomh de raon leathan gairdíní – rud a thugann deis duit taighde a dhéanamh agus smaointe a ghoid – ach is féidir leat gairdín nua a chruthú i bhfoirm 3T leis an áis Virtual Garden.Caithfidh mé a admháil go bhfuil sé casta go leor gairdín fíorúil a chruthú leis an mbogearra seo, ach is fiú an tairbhe an trioblóid. Tugann sé deis duit do ghairdín féin a phleanáil agus a chruthú tar éis duit sonraí bunúsacha a ionchur – láthair agus méid na mballaí, cuir i gcás. Is féidir plandaí agus crainn a chur i do rogha
áite agus is féidir iad a bhogadh timpeall go héasca, má theastaíonn uait é sin a dhéanamh.Chuir sé iontas orm ar dtús nach raibh rogha níos leithne crann agus plandaí ar fáil san fheidhmchlár, ach thuig mé i ndiaidh dom triail a bhaint as gur cabhair mhór don úsáideoir é go bhfuil sé socraithe ar an mbealach sin. Leis an gcur chuige seo, tá an bhéim leagtha ar dhearadh an ghairdín, in ionad í a bheith leagtha ar mhionsonraí mar do rogha crann agus plandaí. Is fiú go mór rudaí a choinneáil simplí agus gairdín nua á chruthú agat.B’fhéidir gurb é sin an rud is fearr faoin eolas agus faoin gcomhairle seo ar fad atá ar fáil ar an idirlíon: is féidir linn a bheith ag foghlaim ó na botúin atá déanta ag daoine eile agus na fadhbanna a tháinig chun cinn agus iad i mbun oibre sa teach a sheachaint – rud a shábhálann a lán stró, agus níos mó airgid.
Tá GaelSpell 2007, leagan nua den litreoir cáiliúil a oibríonn le Microsoft Office 2007, díreach foilsithe ag Diarmaid Mac Mathúna ag www.cruinneog.com, i bpáirt le Kevin Scanell. Tá Diarmaid i gceannas ar chúrsaí léiriúcháin sa chomhlacht teilifíse Agtel (www.agtel.ie).