Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar “False Memory” in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i mBaile Átha Cliath, taispeántas ina bhfuil breis is daichead píosa de chuid an ealaíontóra Willie Doherty as Doire.
Cruthaíonn Willie Doherty saothar a dhéanann tagairt don eagla agus don teannas a luíonn faoin dromchla go minic sa saol laethúil i dtuaisceart na hÉireann, áit a mbíonn foréigean agus míshuaimhneas i gceist go leanúnach. Díríonn sé isteach ar a thírdhreach agus ar a bhaile dúchais féin den chuid is mó mar fhoinse. Déanann sé scrúdú ar an tslí a bhfuil siad léirithe go polaitiúil ag na meáin chumarsáide agus, dá bharr seo, an bhunbhrí atá le feiceáil iontu athraithe nó lúbtha. Baineann sé féin úsáid as uirlisí agus as teanga na meán chun grianghrafanna, fiséain agus suiteálacha closamhairc a chruthú agus dúshlán tuisceana a spreagadh sa lucht féachana. Is as Doire Cholm Cille ó dhúchas é Doherty agus tá cónaí air ansin go fóill. Tugann a shaothar léargas ar an chaidreamh casta atá ann idir áiteanna agus eachtraí, agus an dóigh ar léirítear iad agus a ndéantar cur síos orthu ó thaobh cuimhne de. Léirigh sé féin sampla den rud seo nuair a dúirt sé in agallamh go raibh an dóigh a bhfaca sé trí dhuine dhéag á scaoileadh le linn Dhomhnach na Fola ar cheann de na heachtraí is mó a chuaigh i bhfeidhm air ina shaol. I ndiaidh an uafáis féin, dúradh nár tharla sé ar chor ar bith. Chruthaigh an taithí sin, dar leis, nach bhféadfaí brath ar na grianghrafanna uilig a tógadh ar an lá chun an fhírinne a chruthú. Tá go leor dá shaothar fágtha oscailte, rud a chuireann brú ar an bhreathnóir dul faoi chraiceann na bpíosaí chun teagmháil níos doimhne a dhéanamh leis na sonraí atá de dhlúth agus d’inneach iontu. Sna suiteálacha They’re All the Same (1991) agus *Same Difference *(1990) ardaíonn sé ceisteanna faoin tslí a dtig le teanga dul i bhfeidhm orainn agus ár dtuiscint a mhúnlú, sa chás seo íomhá meáin de bheirt a bhfuiltear in amhras orthu gur baill iad den IRA.
Dúshlán
San fhíseán Black Spot *tá an radharc tógtha ó dhearcadh ceamara faire ag amharc síos ar chuid de chathair Dhoire thar lá, agus le linn do sholas an lae a bheith ag imeacht. Cuireann Doherty an lucht féachana ag scrúdú an radhairc, chomh maith leis na forsaí slándála a bheith á dhéanamh seo, arís ag tabhairt dúshláin dúinn ár ndearcadh féin a scrúdú. Is minic a bhíonn saothar Doherty ar scála an-mhór; uaireanta, tógtar roinnt ballaí i seomra amháin sa dóigh is go mbíonn an breathnóir druidte isteach. I roinnt mhaith de na grianghrafanna tá suímh fholmha loma le feiceáil, an folús formhéadaithe de bharr an scála. Ar an dromchla bíonn cuma orthu gur radharcanna ciúine suaimhneacha iad, ach mar gheall ar an suíomh ina bhfuil siad á dtaispeáint, bíonn éagruth agus teannas le brath go láidir iontu. Tá ganntanas daoine i gceist sa chuid is mó de na grianghrafanna; glacann an breathnóir áit na ndaoine atá in easnamh. Tá breis is 40 píosa le feiceáil sa taispeántas suntasach seo agus tá saothar tábhachtach i gceist ó gach cuid dá shaol mar ealaíontóir, grianghrafanna a thóg sé nuair a chaith sé seal i mBerlin san áireamh agus a léiríonn ceileantas agus spiaireacht na tréimhse iarchogaidh san Eoraip. Déanann a shaothar tagairt do thréimhsí san am a chuaigh thart atá go fóill ag spreagadh coimhlinte agus bréagnú, chomh maith le cur síos a dhéanamh ar an am i láthair agus ar an todhchaí mar thréimhsí atá lán éiginnteachta. *Beidh an taispeántas False Memory le feiceáil in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann go dtí 2 Márta 2003.
Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.