AR NA SAOLTA SEO
Stair na Gaeilge i Victoria na hAstráile
Ríona Nic Congáil Ríona Nic Congáil

Tugann Ríona Nic Congáil léargas ar an taighde atá ar bun ag Val Noone agus Mary Doyle, agus iad ag iarraidh tuiscint níos fearr a fháil ar thionchar agus ar ról na Gaeilge i Victoria na hAstráile.

Íomhá
An iris Táin
Íomhá
Uaigh Aindrias Londrach
Íomhá
Loch Ard
Íomhá
Ollscoil Melbourne
le Donaldytong ar Vicipéid

Le beagnach dhá chéad bliain anuas, tá neart nasc stairiúil cruthaithe idir an tír seo agus Victoria, cúige in oirdheisceart na hAstráile, ó chúrsaí imirce go cúrsaí polaitíochta: chaith Charles Gavan Duffy (1816-1903), duine de bhunaitheoirí na gluaiseachta “Éire Óg” seal mar Phríomh-Aire Victoria fiú. Ach ní smaoinítear ar an nGaeilge i gcomhthéacs Victoria chomh minic sin, ach amháin má táthar ag léamh saothar Louis de Paor, óir chaith sé siúd roinnt blianta i Melbourne, príomhchathair an chúige sin. Mar sin féin, tá tionchar na Gaeilge fós le brath ann: ó iarsmaí na teanga a tháinig i dtír leis na himircigh sa naoú haois déag go dtí an spéis atá á cothú sa teanga ag díograiseoirí i gcathair Melbourne na laethanta seo. Tugann taighde Val Noone agus Mary Doyle (Astrálaigh de shliocht Gaelach agus daoine atá lárnach i bpobal na Gaeilge i Melbourne) an-léiriú ar stair na Gaeilge i Victoria agus tá leabhar á scríobh acu faoi láthair ar an ábhar sin. Teastaíonn uathu na tagairtí uilig don Ghaeilge le dhá chéad bliain anuas a aimsiú agus a chur i dtoll a chéile sa leabhar sin, agus tá tús maith curtha leis an obair cheana féin.

In Port Fairy, baile beag atá idir cathair Melbourne agus cathair Adelaide, tá reilig Chaitliceach ón naoú haois déag le feiceáil. Ainmneacha Éireannacha atá scríofa ar na leaca uaighe, daoine a chuaigh ar imirce i rith agus i ndiaidh an Drochshaoil. Bhí an Ghaeilge ag cuid de na daoine seo, mar a fheictear nuair a léitear “Fíor-Gaedheal a d’éag sé”, scríofa ar leac uaighe Aindrias Londrach (1828-1912). Níos faide ar aghaidh ar an mbóthar i dtreo Melbourne, feicfear comharthaí bóthair a bhfuil “Loch Ard” agus “Killarney” scríofa orthu, agus na himircigh Ghael ag iarraidh ceangail a chruthú idir an baile nua san Astráil agus an baile a d’fhág siad ina ndiaidh.

Saibhreas na Gaeilge ar Ghoirt an Óir

Is léir ón taighde atá déanta ag Noone agus Doyle, chomh maith le staraithe eile, go raibh Gaeilge ag cuid mhaith de na hinimircigh Éireannacha sa naoú haois déag: tá fianaise ann go raibh Gaeilge ag daoine a bhí gar don choirpeach aitheanta Ned Kelly. Is deacair a rá áfach an raibh Gaeilge ag Kelly féin, ábhar a bhfuil taighde déanta ag Cóilín Ó Riain air (Gaeilgeoir eile atá lonnaithe i gcathair Melbourne). Tugann Noone agus Doyle sampla suntasach den iompú teanga i measc na nÉireannach a bhí ag obair ar ghoirt an óir in Bendigo na hAstráile sna 1850í. Deirtear gur chum an tAthair Maurice Stack as Lios Tuathail an aoir dhátheangach seo a leanas agus gur aithris sé ón gcrannóg í:

Is oth liom a chlos gur chaill Billy Rockett
All the gold that he had through a hole in his pocket
Imídh libh abhaile agus ná déanaidh dearúd
ar an mbailiúchán eile Dé Domhnaigh seo chúinn”.

Má bhí filí Gaeilge ag maireachtáil i Victoria, is cinnte go raibh scoláirí Gaeilge ann freisin. Ba é Nicholas O Donnell (1862-1920) an scoláire ba theanntásaí ina measc, fear a rugadh agus a tógadh san Astráil, ach Éireannaigh ó chúlra Gaelach a bhí ina mhuintir, a d’fhág Éire sna 1850í. Duine de bhunaitheoirí Chraobh Melbourne de Chonradh na Gaeilge a bhí ann, agus díreach cosúil lena chomhghleacaithe in Éirinn, bhain sé leas as an nuachtán chun a smaointe a chraobhscaoileadh: d’oibrigh sé mar eagarthóir ar “Our Gaelic Column” sa nuachtán The Advocate, ó 1902-1912. Ba mhinic a bhí comhfhreagras idir O Donnell agus ceannairí an Chonartha, agus d’fhoilsigh sé codanna de shaothar Dhubhghlais de Híde agus Phádraig Uí Dhuinnín ina cholún Gaelach. Cheannaíodh sé foilseacháin Ghaeilge den uile chineál i rith na hathbheochana, beag beann ar an gcineál seánra lenar bhain siad. Mar gheall air sin, d’fhág sé bailiúchán luachmhar ina dhiaidh, a bhfuil leabhair Ghaeilge ann nach bhfuil ar fáil i gcartlanna ná i leabharlanna na hÉireann – leabhair do pháistí, mar shampla. Tá bailiúchán Uí Dhomhnaill ar fáil i Newman College i lár chathair Melbourne. Cuireann an coláiste sin scoláireacht ar fáil chuile bhliain chun an deis a thabhairt do dhuine ón iasacht taighde a dhéanamh ar bhailiúchán Uí Dhomhnaill.

Cumann Gaeilge na hAstráile

Ní raibh an Ghaeilge le feiceáil ná le cloisteáil chomh minic sin i Victoria ó thús go lár an fichiú haois, toisc go raibh Béarla ag formhór na n-imirceach Éireannach a bhí teacht i dtír as Éirinn. Mar sin féin, tháinig an teanga chun cinn in athuair sna 1980í agus 1990í, mar gheall ar an obair a bhí ar bun ag daoine cosúil le Cóilín Ó Riain, Mossie Ó Scanláin agus Louis de Paor. Sa tréimhse1992-1993, cuireadh Cumann Gaeilge na hAstráile ar bun agus bíonn ranganna teanga seachtainiúla chomh maith le scoil samhraidh ar siúl acu anois. Ar feadh na mblianta, bhí Noone ina eagarthóir ar iris dar theideal Táin, a bhain le cúrsaí Éireannacha san Astráil, agus a raibh ábhar Gaeilge inti ó am go chéile. Tugann Noone agus Doyle le fios go bhfuil ardán nua tugtha don Ghaeilge i Victoria anois agus leabhair Ghaeilge Louis de Paor agus Maurice Mossie Ó Scanláin tagtha faoi thionchar an chúige sin. Seasann na húdair seo in aghaidh iompú teanga ar bhealach, agus iad ag scríobh as Gaeilge san Astráil. Tugtar le fios freisin go ndéanann na húdair seo ionannú idir cruachás an chultúir Ghaelaigh agus an chaoi ar caitheadh le bundúchasaigh na hAstráile go stairiúil.

Is léir go bhfuil suim ag roinnt mhaith daoine sa Ghaeilge i Victoria, agus is é an trua nár smaoinigh rialtas na hÉireann ar scéim cosúil le scéim Fulbright a eagrú roimhe seo, chun scoláirí óga Gaeilge a chur chun na hAstráile agus é mar aidhm acu an Ghaeilge a mhúineadh in ollscoileanna áirithe. Is féidir staidéar a dhéanamh ar an Léann Éireannach in ollscoileanna éagsúla san Astráil, in Ollscoil Melbourne fiú amháin, ach ní dhéantar freastal maith ar an nGaeilge. Ní hamháin go gcuirfeadh scéim den chineál sin go mór leis an spéis atá á cothú sa teanga i Victoria, ach seans go spreagfadh sí scoláirí nua Gaeilge a chuideodh le Noone agus Doyle chun pictiúr níos iomláine de stair na Gaeilge san Astráil a chruthú.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.