CÚINNE NA nEALAÍON
Stair dheilbhín clúiteach Hollywood
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Míníonn Ciara Nic Gabhann cad é mar a fuair deilbhín na nOscar a ainm.

Íomhá
Íomhá
An cumadóir cáiliúil Felix Mendelssohn
Íomhá
Íomhá

Tá an t-am sin chóir a bheith ann arís. Dé Domhnaigh seo chugainn, 5 Márta, beidh súile an domhain ag amharc ar na réaltaí móra scannáin ag déanamh a mbealaigh go lonrach suas an cairpéad dearg chuig an Kodak Theatre i Hollywood, iad lán dóchais go mbeidh siad ag imeacht abhaile ag deireadh na hoíche agus an deilbhín beag clúiteach sin, a aithníonn achan duine mar Oscar, faoina n-ascaill acu.

Is é seo an t-ochtú bliain is seachtó atá an tAcadamh ag bronnadh na nOscar mar chomhartha aitheantais agus measa ar lucht scannáin, agus in ainneoin gur beag áit ar domhan nach mbeadh aithne ar an fhear beag órga seo, níl an oiread sin daoine eolach ar a bhunús ná ar an dóigh a bhfuair sé a ainm.

Bunaíodh an Academy Award of Merit, sa chruth a aithnítear go forleathan anois e, i 1928 agus is éard a bhí ann ná ridire ina sheasamh ar ríl scannáin agus claíomh crosáidí ina lámh aige. Thart timpeall ar an ríl, tá cúig spóca le feiceáil agus seasann gach ceann acu d’earnálacha éagsúla an Acadaimh: na haisteoirí, na scríbhneoirí, na stiúrthóirí, na léiritheoirí agus na teicneoirí.

Ba é Cedric Gibbons, an príomhstiúrthóir ealaíne le MGM, a dhear an deilbhín agus tá sé 13.5 orlach ar airde, tá 8.5 bpunt meáchain ann agus bhí an chéad deilbhín múnlaithe i gcré-umha agus ansin clúdaithe le hór 24 carat.

Is trí thaisme ar bhealach a tugadh Oscar ar an ridire beag. Tugadh ainmneacha eile air i dtosach nach raibh ar bhealach ar bith chomh spéisiúil ná chomh mistéireach sin. Thug nuachtán amháin an “Golden Trophy” air, mar shampla, agus “The Iron Man” an t-ainm a bhí ag Weekly Variety air.

Tá sé mar chuid de bhéaloideas Hollywood, áfach, go ndúirt leabharlannaí an Acadaimh, Margaret Herrick, go raibh an deilbhín an-chosúil lena huncail Oscar agus is mar sin, is cosúil, a baisteadh é.

Scéalta Fiannaíochta

Ach cad é mar tharla sé go raibh ainm duine de laochra na Fiannaíochta ar fhear a rugadh sa Ghearmáin? Is scéal é sin atá lán chomh hiontach ina bhealach féin le scéal Fiannaíochta ar bith. Bhí an oiread céanna dúile ag Gaeil na hAlban sna scéalta Fiannaíochta is a bhí ag muintir na hÉireann, agus dá bharr sin bhí na scéalta le cluinstin go forleathan in Albain. Chuala fear darbh ainm James MacPherson na scéalta seo agus d’fhoilsigh sé leaganacha Béarla díobh a dúirt sé a d’aistrigh sé díreach ó na bunleaganacha Gàidhlig. Sna leaganacha Béarla seo athraíodh “Fionn” go “Fingal”, “Oisín” go “Ossian” agus “Deirdre” go “Darthula”.

Is doiligh a shamhlú sa lá atá inniu ann an tionchar a bhí ag na “haistriúcháin” seo ar mheon aos ealaíon na hEorpa san 18ú agus an 19ú haois. Spreag siad ceoltóirí ar nós Mendelssohn le cuairt a thabhairt ar gharbhchríocha na hAlban agus is as an chuairt sin a d’eascair an píosa álainn ceoil Uaimh Fhingal. Ba chuid de bhunábhar inspioráide Ré Rómánsach na hEorpa sna healaíona an saothar seo agus dúradh, fiú amháin, gur ghnách le Napoleon cóip de leabhar MacPherson a bheith ina phóca aige agus é i mbun a chuid feachtas míleata.

D’éirigh sé faiseanta cuid de na hainmneacha Fiannaíochta seo a thabhairt ar pháistí san Eoraip, go háirithe sa Ghearmáin, agus is mar sin, blianta níos moille, a tháinig Uncail Oscar Margaret Herrick go Meiriceá.

Ní raibh Oscar i gcónaí mar atá sé anois agus is iomaí athrú a tháinig air i gcaitheamh na mblianta. Ó na tríochaidí anuas go dtí na caogaidí, mar shampla, d’fhaigheadh aisteoirí óga cóipeanna beaga den deilbhín in áit cinn mhóir. Fuair an bolgchainteoir Edgar Bergen Oscar déanta as adhmad a raibh béal inbhogtha air agus bronnadh deilbhín ar fhíormhéid chomh maith le seacht gcóip bheaga ar Walt Disney nuair a thug sé an chraobh leis lena scannán Snow White and the Seven Dwarfs.

Le linn an Chéad agus Dara Cogadh Domhanda rinneadh an deilbhín as plástar mar chomhartha tacaíochta don fheachtas náisiúnta cogaidh.

Tá rud amháin nach bhfuil athraithe ó na laethanta tosaigh: an t-ardú céime agus an t-aitheantas a thugann an Oscar duit, más duine de na haisteoirí ádhúla sin tú a bhaineann ceann nó fiú má fhaigheann tú ainmniúchán. Mar sin, má tá Oscar ar an mhatal sa bhaile ag duine ar buantaispeántas poiblí nó má tá sé curtha go discréideach aige nó aici sa seomra folctha, is fiú go mór é a bheith aige nó aici.

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.