Céard a tharraingíonn duine isteach i gcultúr? Cén fáth a shantódh duine a tógadh i gcultúr láidir na milliún cainteoirí dúchais, cultúr nach bhfuil chomh líonmhar ná chomh fairsing lena cultúr féin? Sin an cineál ceiste a bhí ar Katie Nic Aindréis thall i Virginia.
Is léir don saol mór is don domhan donn go bhfuil an cultúr gaelach go mór faoi bhláth in Éirinn faoi láthair, go bhfuil spreacadh úr éigin ann. Feictear dúinn go bhfuil spéis sa cheol traidisiúnta níos mó ná riamh, go háirithe i measc na n-óg. Tá spéis sa spórt gaelach ag dul i méid i gcónaí, sna cathracha go háirithe, agus ní féidir a shéanadh go bhfuil cumas cainte sa teanga Ghaeilge go mór san fhaisean faoi láthair chomh maith. Is soiléire é seo i rith Seachtain na Gaeilge atá buailte linn. Ach caidé mar atá ag éirí le cultúr na hÉireann a fhréamhacha a shíniú thar sáile? An bhfuil rath le brath ar chultúr na hÉireann i gcéin?
Ní féidir liom breithiúnas a thabhairt ar gach uile áit a bhfuil rian de chultúr na hÉireann, ach más sampla ar bith é Virginia, áit a bhfuil mé féin faoi láthair, nílimid ag déanamh ródhona thar lear.
I scoil cheoil agus chultúir gaelach mar a bhfuil mé féin anseo, an Blue Ridge Irish Music School, tá rudaí ag dul ó neart go neart. Bíonn ranganna damhsa, gach saghas ceoil, agus teanga na Gaeilge á dtairscint dhá lá in aghaidh na seachtaine sa scoil, agus bíonn dreamanna de réimse leathan aoise ag baint suilt agus tairbhe astu – ó dhaltaí 7mbliana d’aois go daltaí i ngar don cheithre scór. Is léir go bhfuil rud inteacht cumhachtach atá á dtarraingt gach uile sheachtain.
“Absence makes the heart grow fonder”, mar a deir an seanfhocal Béarla. Thig liom féin a dhearbhú, áfach, nach neamhláithreacht an chultúir atá ag cothú na suime doshásaithe seo. Déarfainn féin gur achar ón tír dhúchais is cúis le móréileamh an chultúir ghaelaigh i Meiriceá. Níl aon easpa foinsí do chultúir na hÉireann anseo, agus is dóigh liom mar sin, gurb é an mothú go bhfuil Éire i bhfad uait atá ag spreagadh daoine abhus i leith an chultúir.
Tuigim an fáth, is dóigh liom, a chuireann na Gaeil-Mheiriceánaigh spéis i gcultúr na hÉireann – mothaíonn siad níos gaire don tír dhúchais dá bharr. Ach cad chuige a gcuireann ’ oiread sin daoine anseo suim sa chultúr ghaelach? Cad fúthu siúd nach bhfuil bunús ná oidhreacht Éireannach sa chúlra acu, ach a ghlacann páirt in imeachtaí gaelacha go rialta?
An Polannach Mná
Tá bean óg áirithe agam sa rang Ghaeilge nach bhfuil rian dá laghad den Éireannachas ina cnámha – is as an Pholainn a tháinig a muintir blianta ó shin, ach ní haon áibhéil a rá nach bhfaca mé a leithéid riamh roimhe. Déanann an fonn a bhíonn uirthi i leith na teanga agus an chultúir i gcoitinne maitheas do mo chroí. Cé nár thug sí cuairt ar Éirinn don chéad uair go dtí cúpla bliain ó shin, chuirfeadh dílseacht agus tiomántacht s’aici mearbhall iomlán ort. Tá the Irish Independent mar shuíomh baile ar an ríomhaire aici, baineann sí úsáid as rte.ie le hamharc ar an nuacht ag a sé a chlog gach lá, agus bíonn sí ag éisteacht le RTÉ 2fm agus le Raidió na Gaeltachta go rialta, le feiceáil an féidir léi focal gaeilge nó dhó a phiocadh amach. Sular tháinig mé féin anseo le rang Gaeilge a mhúineadh, bhaineadh sí úsáid as téipeanna agus í ag déanamh iarrachta í féin a mhúineadh. Coiglíonn sí a cuid airgid ar fad i rith na bliana ionas gur féidir léi turas a thabhairt ar Éirinn agus an cultúr a bhlaiseadh ar an láthair féin. Ach cad chuige a bhfuil a oiread sin spéise aici inár dtír dhúchais? An t-aon rud a déarfadh sí ná go bhfuil ‘rud éigin áirithe fá mhuintir na hÉireann’, nach n-aimsítear áit ar bith eile.
Fiú im’ ollscoil féin, tá seastán anois ann sa leabharlann - agus muid ag díriú ar Lá Fhéile Phádraig – atá iomlán tiomnaithe do scannáin Éireannacha, nó ar a laghad, le hÉirinn mar ábhar staidéir acu. Is léiriú é seo den fhíorspéis atá ann i leith rudaí Éireannacha sna Stáit Aontaithe
Feiceann Súil Ghlas Saol Glas
Caithfidh sé go bhfuil rud éigin thar a bheith tarraingteach faoin chultúr ionas go mbeadh a oiread sin daoine gafa leis. Agus tá, má chreidtear formhór na ndaoine ar labhair mé leo anseo. Ní raibh sé ar a chumas ag duine ar bith a ndearna mé comhrá leo cur síos cruinn beacht a dhéanamh ar an ghné den chultúr a chuireann faoi dhraíocht iad, ach luaigh siad luas agus rithimí rúndiamhra an cheoil agus an damhsa, rithim chainte na teanga, agus an draíocht a bhaineann leis an íomhá idileach atá acu den tír. Ni féidir a bheith ródhian ar na Meiriceánaigh a bhfuil íomhá róglóraithe acu d’Éirinn - déanaimid ar fad é, agus is coitianta i bhfad an claonadh seo nuair a bhímid i bhfad as baile nó i bhfad ón áit as a dtáinig ár muintir. Agus cén dochar más fíor nó bréagach an íomhá? Is treiside i bhfad ár gcultúr dúchais an íomhá chéanna.
Go maire an spéis s’acu i bhfad!