Bhog go leor daoine as tuaisceart na Gearmáine chun na Baváire tar éis an chogaidh agus tá dearcadh na ndaoine seo ar chúrsaí teanga ag cur le meath na Baváirise, dar le Christoph Wendler.
Samhlaigh go bhfuil Gearmáinis shnasta de chuid an Goethe Institut foghlamtha agat agus tú ag tabhairt cuairte ar an nGearmáin den chéad uair. Seans nach dtuigfeá focal ar bith, fiú dá mbeadh Gearmáinis den chéad scoth agat. An chúis a bheadh leis sin ná go bhfuil canúintí éagsúla na Gearmáinise fós á labhairt agus is í an Bhaváiris an chanúint a bhfuil an líon is mó cainteoirí aici. Tá an Bhaváiris le cloisteáil sa mBaváir (ar ndóigh), san Ostair agus i réigiún san Iodáil ar a dtugtar An Tioróil Theas nó Südtirol. Níl aon dabht ach go bhfuil an chanúint sách láidir. Sa mBaváir, áfach, tá sí faoi an-bhrú ag caighdeán oifigiúil na Gearmáinise.
Dream bródúil is ea muintir na Baváire agus cad chuige nach mbeidís bródúil? Is réigiún saibhir ag a bhfuil tírdhreach álainn í an Bhaváir. Cé gur ceantar talmhaíochta a bhí sa mBaváir roimh an Dara Cogadh Domhanda, d’éirigh go han-mhaith le geilleagar an réigiúin i ndiaidh an chogaidh. Bhí comhlachtaí móra ó cheithre choirnéal an domhain sásta infheistiú ansin. Mar sin de, bhí obair, sléibhte arda agus lochanna aoibhne ar fáil san áit chéanna, agus ba iad na nithe seo a spreag daoine ó reigiúin eile na Gearmáine le cur fúthu sa mBaváir. Bhí go maith agus ní raibh go holc.
Tharla, áfach, gur as tuaisceart na Gearmáine do chuid mhaith de na “himiricigh” a tháinig go dtí an Bhaváir. Tá drochmheas riamh anall ag Gearmánaigh an tuaiscirt ar chanúintí. An caighdeán oifigiúil ba chóir do chách a labhairt, dar leo - réamhchlaonadh seanbhunaithe atá ann. Ar an ábhar sin, lig siad orthu nár thuig siad focal ar bith den chanúint “aisteach” a bhí dhá labhairt ag na Baváraigh. Lean siad orthu lena gcuid gearán faoi theanga dhothuigthe na mBavárach ceanndána. Cruthaíodh ceangal in intinn daoine idir an Bhaváiris agus cúngaigeantacht, iargúltacht agus tútachas. Rinneadh ceangal idir an Ghearmáinis chaighdeánach, áfach, agus forás, oideachas agus clisteacht.
Umhlaíocht is náire
D’umhlaigh na Baváraigh don dearcadh seafóideach sin gan fhios dóibh féin agus ghlac go fo-chomhfhiosach leis go raibh Gearmáinis cheart nó “mar ba chóir” á labhairt ag an dream a tháinig aduaidh (rud nach fíor, dála an scéil!). De thoradh an mheoin seo, tá páistí Baváracha ann nach bhfuil sásta teanga a dtuismitheoirí a labhairt. Bheadh náire orthu dá gcloisfí ag spalpadh Baváirise iad.
Tráth dá raibh, d’fhoghlaim páistí nár Bhaváraigh iad a dtuismitheoirí canúint an réigiúin. B’amhlaidh a rinne an Bavárach cáiliúil darbh ainm Karl Valentin, agus is amhlaidh a rinne mo mháthairse ar díbríodh a teaghlach as an tSeic tar éis an chogaidh. Ach a mhalairt de scéal atá ann inniu - déanann gasúir Bhaváracha a seacht ndícheall an “caighdeán oifigiúil” a tharraingt chucu féin. Nuair a bhí mé féin i mo dhalta scoile, bhíodh iontas orm gach uair a fuair mé amach gur Bhaváraigh den seandéanamh iad tuismitheoirí mo chomhdhaltaí. Ní cheapfá é agus tú ag éisteacht leo. Scaití, thugtaí feilméara orm féin nuair a deirinn rud éicint as Baváiris.
Agus mé ag cabaireacht le Bavárach meánaosta ar na mallaibh, dúirt sé liom, “Ní hé an caighdeán oifigiúil is measa liom, ach go bhfuil blas na dtuaisceartach ar chaint na ngasúr óg anois! Sin an fáth go bhfuil mo chroí ag cur fola!” Agus b’fhíor dó. Thar aon rud eile, is í an teilifís atá freagrach as seo. I gcás na sobalchláracha agus na scannán, ní hamháin go dtugtar tús áite do chaint réasúnta caighdeánach, ach tá slang na “dtuaisceartach” á chur chun cinn chomh maith. Feictear dom gurb é croí na faidhbe ná nuair a labhraítear faoi chaighdeánú, is éard atá i gceist i ndáiríre ná tús áite a thabhairt do chultúr amháin seachas cultúr eile.
Tá meath na Baváirise ag dul ar aghaidh níos tapúla sna cathracha agus sna bailte móra ná faoin tuath - ach tá an Bhaváiris fós le cloisteáil sna cathracha mar sin féin. Chun an fhírinne a rá, ní féidir leat a bheith i do Ministerpräsident ("Uachtarán” na Baváire) gan Baváiris a bheith agat. Ach is deacair a thuar céard atá i ndán don chanúint sna blianta atá romhainn, go mór mór mura bhfuil na gasúir sásta í a úsáid - óir is iad na páistí todhchaí gach teanga.
Rugadh agus tógadh Christoph Wendler i München, áit a bhfuil sé fós ina chónaí. Rinne sé staidéar ar an teangeolaíocht (Gearmáinis agus Béarla) agus ar chultúr agus stair Mheiriceá in Ollscoil München. Bhain sé céim MA amach i mí Feabhra 2001. Thosaigh sé a fhoghlaim na Gaeilge i mí na Samhna 1999.