Tá albam dar teideal [i]Sráid Eoin Shuffle[/i] curtha amach ag an bhfliúiteadóir Aoife Granville as an Daingean i gCiarraí. Labhair Antaine Ó Faracháin léi le deireanas faoin dlúthdhiosca agus faoina cuid ceoil.
Antaine Ó Faracháin: Inis dom i dtosach faoin albam a d’eisigh tú tamall ó shin. Cathain a tháinig sé amach?
Aoife Granville: Tháinig sé amach díreach roimh an Nollaig. Tá meascán de cheol ar an albam. Seinnim an fheadóg mhór agus an veidhlín air, chomh maith le cúpla amhrán a chasadh. I mo theannta ar an dlúthdhiosca tá Donogh Hennessey agus Tony Byrne ar an ngiotár, Ciarán Coughlan ar an bpianó, mo dheirfiúr Deirdre ar an gcláirseach agus deartháir liom, Cuan, ar na cnaguirlisí.
AÓF: Céard a spreag tú le dul i mbun taifeadta?
AG: Níor chuimhníos air riamh ach do chuir daoine eile an smaoineamh isteach i mo cheann. Tá dlúthdhioscaí curtha amach ag cuid mhaith de na ceoltóirí eile timpeall an bhaile.
AÓF: An raibh sé deacair é a chur le chéile nó cén chaoi ar roghnaigh tú na píosaí ceoil le cur air?
AG: Bhí se deacair, chun an fhírinne a rá – fiú amháin na ceoltóirí eile a thabhairt le chéile agus mar sin de. Ó thaobh an cheoil féinig de, tá meascán air. Ta suim ar leith agam i gceol na hAlban agus Cape Breton, chomh maith le ceol Chorca Dhuibhne agus ceol nua-chumtha ó leithéidí John Brady agus Michael Rooney. Theastaigh uaim na tionchair ar fad atá orm a thaispeáint, is dócha.
AÓF: Cén áit a bhfuair tú do chuid ceoil?
AG: Amhránaithe ab ea mo sheantuismitheoirí ar an dá thaobh. Sheinneadh mo mháthair an veidhlín, leis. Nuair a bhíos timpeall seacht mbliana nó mar sin thosnaíos ag seinnt na feadóige stáin leis an mbanna ceoil máirseála ar an mbaile; tar éis tamaill thosnaíos ar an bhfíf leo sin - táim fós ag seinnt leis an mbanna ceoil. Thugas fé ranganna clasaiceacha chomh maith ar an bpianó, veidhlín agus fliúit.
AÓF: An raibh aon cheoltóir speisialta a raibh tionchar mór aige/aici ort?
AG: Bhí ana-chuid dáiríre ach is dócha an duine is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ná Steve Cooney – go háirithe nuair a bhíos ag tosnú ar an gceol traidisiúnta. Thug sé ardchabhair agus spreagadh dom trí na blianta.
AÓF: An ceol as Ciarraí ar fad a sheinneann tú de ghnáth?
AG: Ní hea - seinnim meascán de cheol, dáiríre. Bhíos i gcónaí ag éisteacht le ceoltóirí mar Matt Molloy agus Josie McDermott, mar sin bhí tionchar acu sin ar mo chuid ceoil. D’imíos go dtí ana-chuid ceardlann ceoil ar fud na tíre nuair a bhíos níos óige, leis – go dtí ranganna le leithéidí Tom Doorley, June Nic Cormaic agus * *Séamus Mac Mathúna. Bhí tionchar acu siúd ar mo chuid ceoil, leis. Nuair a chuas go Coláiste na hOllscoile, Corcaigh thosnaíos ag seinnt an veidhlín ana-chuid agus bhíos mar bhall den ngrúpa Fiddlesticks. Thosnaíos ag seinnt ceoil ó Cape Breton, Albain, na Críocha Lochlannacha – is aoibhinn liom ceol na dtíortha sin.
AÓF: Is breá leat na foinn mhalla. Cén fáth sin?
AG: Is dócha go raibh suim agam riamh sna hamhráin – go háirithe amhráin na Mumhan. Toisc gurb i an fheadóg mhór an uirlis is cóngaraí don nguth is dóigh liom go bhfuil sé oiriúnach do na foinn.
AÓF: Cad iad na rudaí is tábhachtaí, dar leat, agus tú á gcasadh?
AG: Is dócha gur cheart don gceoltóir tuiscint a bheith aige ar thraidisiún na hamhránaíochta. Gan é níl sé chomh furasta sin iad a sheinnt i gceart ó thaobh ornáidíochta agus mothúchán de.
- *
*AÓF: Cad a chuireann isteach ort nuair a chloiseann tú duine á gcasadh? *
AG: Is dócha go gcuirtear an iomarca ornáidíochta sna foinn uaireanta. I mo thuairimse níor cheart ornáidíocht a chur isteach muna féidir iad a chanadh. Caithfear bheith dílis don amhrán. Níor cheart a bheith flashy sna foinn – ba cheart é sin a choimeád do na ríleanna agus na poirt!
AÓF: Cad as ar tháinig ainm an albaim?
AG: Bhuel, bhíos ag lorg teidil ar feadh tamaill agus do chuir cara liom, ceoltóir áitiúil, Páidí Ó Beaglaoich, an rud isteach i mo cheann. Téim amach sa dreoilín gach aon bhliain le cleas Shráid Eoin agus is é an rince a dheintear leis an dreoilín áirithe sin ná saghas shuffle – sin a ghlaonn Páidí air ar aon nós. Tá poirt ón dreoilín ar an albam, mar sin cheapas go mbeadh sé oiriúnach. Chomh maith leis sin, is é an dreoilín téama mo dhochtúireachta i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
AÓF: Tá tú ag déanamh staidéir ar an ábhar sin, mar sin. Inis dom beagán faoi sin.
AG: Bheartaíos imeacht thar n-ais ar an gcoláiste dhá bhliain ó shin. Bhíos ag déanamh cuid mhaith oibre thíos i Roinn an Cheoil i gCorcaigh ar aon nós (mar mhúinteoir ar an bhfeadóg mhór agus sa chartlann cheoil ansin). Theastaigh uaim rud éigin a dhéanamh ar ábhar an dreoilín toisc go bhfuil sé chomh tábhachtach sin dom. Tá repertoire ceoil ag bannaí an dreoilín i gCorca Dhuibhne atá difriúil le haon áit eile agus tá an traidisiún fíorthábhachtach don bpobal áitiúil. Tá uasghrádú déanta agam i mbliana ó MPhil go PhD – beidh bliain nó dhó eile le déanamh agam ar aon nós. Tá sé i gceist agam scrúdú a dhéanamh ar fhéilte éagsúla eile cosúil le Up Helly Aa (Sealtainn) agus na Tinte Cnámh i Lewes Shasana. Bead ag imeacht go dtí na háiteanna sin i mbliana – táim ag súil leis sin.
AÓF: An mbíonn tú ag múineadh ceoil?
AG: Bím, ceart go leor. Tá ranganna agam féinig i gCorca Dhuibhne agus chomh maith leis sin bím ag múineadh ranganna praiticiúla i Roinn an Cheoil i gCorcaigh. Bím anseo is ansiúd i rith an tsamhraidh – Scoil Éigse, Scoil Samhraidh Willie Clancy agus a leithéidí sin.
AÓF: Cén áit ar féidir le daoine an t-albam a fháil? An bhfuil suíomh gréasáin agat?
AG: Tá sé le fail ó Cheirníní Cladaigh (www.claddaghrecords.com) agus sa chuid is mó de na siopaí ceoil traidisiúnta. Tá suíomh agam féin, www.aoifegranville.com, agus is féidir cúpla traic ón albam a chloisint ar mo shuíomh myspace: www.myspace.com/aoifegranville.
Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.