TEANGA AGUS CULTÚR
Spraoi agus foghlaim i nGaeltacht na hAlban
Deirdre Daly Deirdre Daly

Tugann na sparánachtaí a chuireann an eagraíocht Colmcille ar fáil gach bliain deis iontach do chainteoirí Ghaeilge na hÉireann teacht isteach ar Ghàidhlig na hAlban, mar a mhíníonn Deirdre Daly.

Íomhá
Sabhal Mòr Ostaig
Íomhá
Ionad Chaluim Chille

Tá Colmcille, an eagraíocht a chuireann oidhreacht Ghaelach choiteann Thuaisceart Éireann, na hAlban agus Phoblacht na hÉireann (idir theanga agus chultúr) chun cinn, tar éis sonraí na scéime sparánachta do 2007 a fhógairt. Cuirfidh na sparánachtaí atá á dtairiscint ar chumas cainteoirí Gaeilge freastal ar chúrsaí Gàidhlig in Albain an samhradh seo.

Reáchtálfar na cúrsaí cúig lá i Sabhal Mòr Ostaig (www.smo.uhi.ac.uk), an ollscoil Ghàidhlig san Oileán Sgiathanach, agus in Ionad Chaluim Chille (www.ile.ac.uk) in Oileán Íle, áit a labhraítear Gàidhlig freisin. Clúdaíonn an sparánacht costais an chúrsa agus an lóistín. Tá an scéim ar an bhfód le cúig bliana anois agus tá sparánachtaí á dtairiscint le haghaidh áiteanna ar thrí chúrsa éagsúla i rith an tsamhraidh. Tosóidh an chéad chúrsa i Sabhal Mòr Ostaig ar an 30 Iúil agus an dara ceann ar an 20 Lúnasa.

Cuirfear tús leis an gcúrsa in Ionad Chaluim Chille Íle ar an 9 Iúil agus déanfaidh an t-ionad cúrsa Gaeilge do lucht Gàidhlig a chur ar fáil ag an am céanna. Beidh deis ag na rannpháirtithe a bhfuil Gaeilge na hÉireann acu bualadh le cainteoirí dúchais Gàidhlig a bheidh ag foghlaim Gaeilge agus neart cainte a dhéanamh leo, rud a chabhróidh leis an nasc idir an dá phobal a láidriú. Ceann de thionscnaimh eile Ionad Chaluim Chille is ea Fàs Ìle, naíolann Ghàidhlig do pháistí faoi bhonn sé bliana d’aois. Is féidir le mic léinn a bhfuil clann orthu leas a bhaint as an áis seo le linn an chúrsa i mí Iúil más mian leo.

Agus é ag tagairt don chaoi a bhfuil ag éirí chomh maith sin leis na cúrsaí teanga, bhí an méid seo le rá ag Dòmhnall Angaidh MacLennan, Bainisteoir Ionad Chaluim Chille: “Tá áthas orainn go mbeidh cúrsaí i nGàidhlig na hAlban do chainteoirí Gaeilge agus cúrsa comhthreomhar sa Ghaeilge do lucht na Gàidhlig ar siúl arís in Íle i mbliana. Deis mhaith dúinn é seo agus dár gcairde as Éirinn foghlaim faoi na ceangail idir ár dteangacha, ár gcultúr agus ár modh maireachtála. Tá daoine ag tarraingt ar an áit seo ó cheithre hairde na hÉireann agus tá an dúrud suime ag daoine i bhfoghlaim na Gàidhlig. Táimid go mór faoi chomaoin ag Colmcille mar gheall ar an tacaíocht leanúnach a chuireann siad ar fáil don sparánacht, ar bhain breis is 100 mac léinn a tháinig go hÍle buntáiste aisti le cúig bliana anuas.”

De réir Aonghus Dwane, Oifigeach Tionscadal Colmcille (Poblacht na hÉireann):

“Tá Colmcille fíorshásta scéim sparánachtaí a chur ar fáil arís i mbliana chun deis a thabhairt do chainteoirí Ghaeilge na hÉireann taithí a fháil ar Ghàidhlig na hAlban agus ar an gcultúr, agus deis a thabhairt do bhunadh na hAlban an rud céanna a dhéanamh i gcás na Gaeilge. Tá cúrsaí ar ardchaighdeán á soláthar ag Sabhal Mòr Ostaig agus ag Ionad Chaluim Chille; bíonn idir léann, spórt agus spraoi i gceist, agus neartaítear an caidreamh lenár gcomharsa Ghaelach ar bhealach fíornádúrtha ar an gcaoi sin.”

Chun breis eolais a fháil faoi na cúrsaí i Sabhal Mòr Ostaig san Oileán Sgiathanach téigh i dteagmháil le Dàibhidh Byrne ag cg@smo.uhi.ac.uk. Tá eolas faoi na cúrsaí in Ionad Chaluim Chille Íle le fáil ó Lorraine Ferguson ag sm00lf@uhi.ac.uk

As Baile Átha Cliath í Deirdre Daly. Tá sí féinfhostaithe ach déanann sí obair mhargaíochta do Cholmcille ar bhonn rialta.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.