THALL IS ABHUS
Spórt agus Ceol Amuigh Faoin Aer sa Bhriotáin
Ruth Nic Giolla Iasachta Ruth Nic Giolla Iasachta Ruth Nic Giolla Iasachta

Thug Ruth Nic Giolla Iasachta do na boinn é ag tús Redadeg, nó Rith, a shín timpeall na Briotáine ar son ghníomhaíocht na Briotáinise, scolaíocht sa teanga sin go háirithe.

Íomhá
An Mari Lizig ag teacht le céibh
Íomhá
Evit ar yezh - ar son na teanga
Íomhá
Gasúir ag cleachtadh 'gouren' - trodaíocht traidisiunta
Íomhá
Bagad Kevrenn Sant-Mark
Íomhá
Les Ramoneurs de Menhirs ag seinm

Lá iontach grianmhar a bhí ann do thús an Redadeg, nó ‘Rith’ na Briotáinise. Cosúil le Rith na Gaeilge i Mí Márta i mbliana a bhí ag móradh teanga agus saíocht na Gaeilge, eagraíodh an Redadeg chun airgead a bhailiú d’fhorbairt na Briotáinise. Mhair an rith sealaíochta ar feadh seachtaine, ó mhaidin go hoíche go maidin arís, ar feadh 1500 cilimeadar, ó chathair Bhrest ar an 12ú go Douarnenez ar an 19ú Bealtaine.

Is é seo an tríú uair don imeacht, a thosaigh anseo i 2008 chun tacú leis na scoileanna lán Briotáinise Diwan (a chiallaíonn ‘Síol’). Is scoileanna poiblí iad, atá ar an saol le níos mó ná tríocha bliana anois. Tá timpeall 3500 daltaí iontu (ón naíonra go dtí an bac/ ardteist) agus tháthar ag oscailt scoileanna nua gach bliain. Ní íocann an Stát as tuarastail na múinteoirí, áfach, go dtí go mbeidh an scoil cúig bliana ar an bhfód. Sin an fáth go gcaithfidh lucht tacaíochta Diwan dul i muinín imeachtaí dála ar Redadeg chun airgead a fháil.

I mbliana an mana a bhí ann don Redadeg ná ‘Brezhoneg ha plijadur’ (An Bhriotáinis agus sult). Dar le lucht eagair na himeachta, comharthaíonn an ‘bazh-eilan’ (baitín sealaíochta) an nasc atá idir na glúinte, idir ceantair, bailte agus bailte fearainn, agus idir spórt agus saíocht. Rith foirne áitiúla, scoileanna agus daoine a raibh suim acu ann ciliméadar nó dhó ar fud an chúrsa leis an mbaitín. Mar is coitianta le haon imeacht poiblí a bhaineann leis an mBriotáinis, bhí festoù-noz agus ceol le cloisteáil ar an mbealach freisin.

Ná Déan Nós is Ná Bris Nós

Ghlac mé féin páirt ann ag tús na himeachta. Tar éis ceol punk-trad leis na Ramoneurs de Menhirs, chuaigh an slua síos chuig caladh Bhrest chun fáilte a chur roimh an mbaitín sealaíochta, a tháinig i dtír i mbád beag, an ‘Mari Lizig’ Bhí ar fhoireann an bháid na seolta a ísliú le teacht isteach sa chaladh de dheasca na gaoithe. Le ceol traidisiúnta ó Kevrenn Brest Sant-Mark, glacadh leis an mbaitín agus ar ais chuig an láthair tosaithe leis. Ar aghaidh le clann an-óg, aos níos sine, tuismitheoirí, daoine a bhí anonn go maith san aois, chun an chéad chúpla chiliméadar timpeall an phoirt a rith. Ansin, suas trí bhaile Brest linn, agus shín an Redadeg amach ar aghaidh ó thuaidh…

I measc lucht reatha ar an lá, bhí Tangi an Ostiz, múinteoir spóirt i Skolaj Diwan Penn ar Bed (= Ceann [tíre] an Bheatha), atá ar tí scata scoláirí a thabhairt go hÉirinn ar turas peil ghaelach ar feadh seachtaine i mí an Mheithimh. Bunaíodh cumann peil gaelach Bro Leon timpeall deich mbliana ó shin ag deartháir Tangi, agus tá timpeall 40 duine ag imirt ann, idir fhir agus mhná. Beidh foireann peil ghaelach na scoile ag feabhsú a gcuid imeartha i gcluichí nuair a chasfaidh siad i gcoinne foirne óga i Sord agus i mBaile an Chaistil. Tabharfaidh siad cuairt ar Pháirc an Chrócaigh freisin. Dar le Tangi, a d’fhreastail ar scoil Diwan é féin ina óige, is rud iontach é dul thar lear agus tabhairt faoi theanga agus faoi chultúr éagsúil. Tá na daltaí, atá idir 10 agus 15 bliana d’aois, ar bís. Is lúthchleasaí díograiseach é Tangi, a bhfuil go leor ciliméadar rite aige don Redadeg i mBrest, i bPorspoder, i Landerne agus i nDouarnenez!

Ag deireadh an reatha i nDouarnenez, thug Michel Le Boulanger, stiúrthóir cultúrtha na Comhairle Ceantair, aitheasc agus rinne an scríbhneoir Mich Beyer amhlaidh. B’eisean a chuir an teachtaireacht rúnda isteach sa mbaitín i mbliana: “…soñj’ta paotr, kement tra a blij dit ober e c’helli ober e brezhoneg…” (smaoinigh, a mhic, cíbé rud gur mhaith leat a dhéanamh, is féidir é a dhéanamh i mBriotáinis).

Múscailt an tSamhraidh

Beidh leath d’airgead an Redadeg (timpeall €60,000) ag dul chuig Diwan, agus an leath eile chuig réimse tionscadal a roghnaíodh ag ‘kuzul ar re fur’ (comhairle na ngaoiseach), comhairle speisialta eagraithe ag foireann an Redadeg le daoine ón earnáil cultúrtha nó teagaisc. Roghnaíodh 7 dtionscadal as 26 iarratais i mbliana.

Ina measc, tá pleananna faoi dhrámaíocht a chur chun cinn ar an idirlíon, cluiche cártaí do chlubanna daoine óga a fhorbairt, leabhair aitheanta nach bhfuil ar fáil i bhFraincis a aistriú agus siúlóidí sóisialta a eagrú chun aithne a chur ar thír Léon (an cuid thiar den Bhriotáin). Cabhraíodh le tionscadal podchraolta an raidió agus chlosleabhar a thaifeadadh anuraidh.

Ach níorb í an Redadeg amháin a tharraing aird an phobail ar chultúr na Briotáine le linn mhí na Bealtaine. Dé Sathairn an 19ú, lá cinn do na reathaithe, bhí mórshiúl speisialta ceoltóirí i gcroílár bhaile Brest: ‘Nevez Amzer ar Sonerien’, nó Earrach na bPíobairí. Síos sráid siopadóireachta Jean Jaures a tháinig siad, dosaen bagadoù (bannaí ceoil thraidisiúnta) ag seinm binioù [píobaí Briotánacha], bombardes [feadóga] agus drumaí go beo bríomhar, ar a mbealach go dtí cearnóg na saoirse - Place de le Liberté.

Is ann a bhí damhsa traidisiúnta timpeall i bhfáinne, le ceol ó timpeall 400 ceoltóirí. Le linn an tráthnóna, chuaigh na bagadoù ag seinm agus ag tabhairt ceardlann in áiteanna éagsúla i lár an bhaile. Ina dhiaidh sin, bhí mórshiúil ‘triomphe’ ar phríomhshráid Siam agus ceolchoirm fest noz traid-leictreach sa Carène in aice port Bhrest. Tugtar ‘nevez amzer’ (aimsir nua) ar an imeacht seo mar ní thosaíonn an samhradh go hoifigiúil sa Fhrainc go dtí an 20ú Meitheamh, agus cé go bhfuil an aimsir go hálainn te anois le seachtain anois, tá muid fós san Earrach dar leo.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

As Co. na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Obair déanta aici ar scannáin agus ar chláir theilifíse. Tréimhse caite aici sa Nua-Shéalainn, mar a ndearna sí taighde dochtúireachta ar theilifís na Māori. Ag múineadh in Ollscoil Brest na Briotáine faoi láthair agus ag déanamh taighde faoi na meáin Bhriotáinise.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.