Chomh maith le hobair na hacadúlachta i SAM, bhí Brian Ó Broin ag faire go géar ar scéal uisce faoi thalamh ghníomhairí Putin sa chomharsain aige féin. Muintir Uí Mhurchú Gúrdheiv, nár leáigh an t-im ina mbéal riamh.
Na chéad áiteanna a ndeachaigh mé nuair a bhog mé go Beirlin sna 1990aí ná Oberbaumbrücke i lár na Cathrach agus an Glienickebrücke ar imeall na cathrach. Is ea, tá grá agam do dhroichid, ach níorbh é seo fáth mo chuairte. B’iad seo an dá áit is mó malartú spiairí aimsir an chogaidh fhuair. Ba mhó arís mo dhúil sna háiteanna seo, mar thugas cuairt orthu sna hochtóidí nuair a bhí balla Bheirlin fós ann. Sheas mé i lár na ndroichead, ag samhlú an atmaisféir: gardaí ar dhá thaobh an bhalla ar dianairdeall, na spiairí ag siúl i dtreo a chéile, iad ag sméideadh ar a chéile b’fhéidir, ag scoitheadh a chéile go mall tomhasta agus ar aghaidh chuig a dtaobhna féin. Tá samhlaíocht láidir agam, mar is léir. Ach ní raibh samhlaíocht ar bith ag teastáil ó phobal aerfort Vín roinnt seachtainí ó shin nuair a d’eitil dhá scairdeitleán isteach ó na Stáit Aontaithe agus an Rúis go malartófaí na daoine a bhí ar bord. Tógadh staighrí clúdaithe amach faoina gcoinne agus d’fhág siad na heitleáin a thug ann iad agus chuaigh isteach sa cheann eile. An malartú thart, d’eitil na heitleáin ar ais go Meiriceá agus go Moscó.
Ba é seo, dar leis na saineolaithe, an malartú deireannach dá gcineál a fheicfidh muid. B’iarsma an eachtra seo den tseanré, ar shlí, ó bhí cuid de na spiairí Rúiseacha ina gcónaí i Meiriceá roimh thitim an Aontais Shóivéadaigh. Ní raibh ach dualgas amháin orthu, is cosúil: súil a choinneáil ar lucht ghnó Mheiriceá agus tuairiscí ar dhearcadh airgeadais agus polaitiúil na tíre a sheoladh ar ais chun na Rúise.
Bhí an Drochshúil Orthu; Dlí Uí Mhurchú
Is é fáth mo shuime sna spiairí seo thar spiairí eile ná nach raibh beirt acu ina gcónaí cúpla míle uaim anseo i Nua-Gheirsí i mbaile darbh ainm Montclair, agus go cinnte, caithfidh sé gur bhuail mé leo uair nó dhó, ó thógamar na busanna céanna isteach go Nua-Eabhrac agus d’itheamar sna bialanna céanna. Má bhuail, ámh, ní cuimhin liom é (agus is é sin bua an spiaire, ar ndóigh!), agus is mór an trua dom é, ó bhíodar ag spiaireacht faoi phasanna Éireannacha leis an ainm Murphy! Caithfidh sé nach raibh an bheirt seo ródháiríre faoina n-ionannais bréige, ó bhí canúintí láidre Slavacha acu, in ainneoin an ainm!
Dar le comharsana na beirte, bhí na “Murphys” (fíorainmneacha: Vlaidimir agus Lidia Gúrdheiv) á bhfaire le tamall. D’fhág comharsana béal dorais na Murphys an tsráid go tapaidh roinnt míonna ó shin agus ina n-áit bhog dream mór fear isteach a bhí de shíor ag déanamh obair chóirithe ar an teach. Bhí veaineanna an chomhlachta gháis ag obair sa tsráid gach lá le tamall anuas. Níorbh iad na Murphys amháin a bhí gníomhach sa chiorcal spiaireachta seo de chuid an SVR, seirbhís spiaireachta na Rúise, agus comharba an KGB; bhí Anna Chapman (fíorainm: Anna Vasilievne Cuistiencó) ag gníomhú i Manhattan, go hoscailte mar dhíoltóir tithe i gceantar Nua-Eabhraic, ach ag eagrú ciorcal, ar an gcúlráid, timpeall na cathrach chun eolas a bhailiú faoi dhúnghaoisí na Stát Aontaithe. Bhí Vicky Pelaez agus Juan Lazaro (fíorainm: Míchaíl Anatolievits Vasencóv) an-ghníomhach i saol na hacadúlachta agus na hiriseoireachta i gCathair Nua-Eabhrac. Bhí Alecseí Caireitnicóv ag obair don ollchomhlacht Microsoft i Seattle, agus cúigear eile timpeall na tíre faoi ainmneacha bréige.
Maxvuel Ó Glicscí i mBun Oibre
An rud is mó atá le tabhairt faoi deara faoin dream seo ná chomh amaitéireach is a bhí a gcuid spiaireachta, agus chomh amaideach is a bhí siad i mbun oibre. Dar le iarfhear céile Anna Chapman i Londain, níorbh iontas ar bith dó gur spiaire í, ó bhíodh sí i gcónaí ag cruinniú le Rúisigh eile go rúnda. Dar le iarchomrádaí seomra Alecseí Caireitnicóv, níor bhuail sé le duine ní ba shleamhaine agus ní ba Rúisigh ariamh. Dar leis an ollamh Richard Murphy, ní raibh sé soiléir in aon chor cén fáth go raibh canúint agus pearsantacht láidir Rúiseach ag an Meiriceánach seo darbh ainm Murphy as Philadelphia. Fós féin, leanadar ar aghaidh ag spiaireacht mar a dhéanfadh spiairí Spooks nó John le Carré. Bhuaileadar le chéile i mbialanna agus mhalartaíodar málaí a bhreathnaigh mar a gcéanna. D’úsáideadar códfhocail eatarthu féin, agus d’fhágadar bearta dá chéile i dtaiscí rúnda timpeall na tíre agus curtha faoin talamh. Chraobhscaoil siad teachtaireachtaí, go sábhála Dia sinn, le tarchuradóirí gearrthoinn! Tar éis an tsaoil, ní fhéadfadh an 11 duine seo a bheith níos soiléire ina gcuid oibre ná mar a bhí siad. Ba cheart dóibh cótaí agus hataí móra dubha a chaitheamh, chomh maith le suaitheantais ag fógairt “SPIAIRE”. An cheist is mó atá ag déanamh scime do sheirbhísí rúnda na Stát Aontaithe faoi láthair ná seo: an bhfuil spiairí na Rúise chomh huafásach sin? Nó ar fhéileacáin mealltacha na hamadáin seo, a cuireadh go Meiriceá d’aon ghnó chun an dallamullóg a chur ar an rialtas nach bhfuil spiairí proifisiúnta ag oibriú saor ó shúile na n-údarás?
Sergei Curtha den Saol?
I ndeireadh báire, an rud is mó atá ag cur iontais ar dhaoine ná chomh beagmhaitheasach is a bhí a gcuid oibre. Ní raibh oiread is duine acu ag bailiú eolais nach raibh ar fáil go hoscailte sna nuachtáin, ar an idirlíon, nó tríd an raidió. Má bhí sé mar phunann acu cairde a chothú i rialtas Mheiriceá, níor éirigh leo.
Má theip orthu, ní fios cén fáth, seachas a n-amaidí féin, ach tar éis dóibh filleadh abhaile chun na Rúise, bhuail Vlaidimir Púitin, príomhaire na Rúise (agus iarspiaire é féin), leo, agus thug le fios do na meáin gur “tréas” ba chúis lena ngabháil. “Droch-chríoch a fhaigheann gach fealltóir” ar seisean. Agus ós ag caint ar fhealltóirí agus rúndiamhair muid i láthair na huaire, tugadh le fios go bhfuair Sergeí Treitiacóv, oifigeach leis an SVR a d’oibrigh mar ghníomhaire an dá thaobh, bás tobann, gan choinne, in aois a 54, i bhFlorida roinnt seachtainí ó shin. Táthar ann a cheanglódh an dá rud, ach i saol dorcha na spiaireachta, ní thiocfaidh míniú sásúil as ariamh.
Idir an dá linn, agus mise ceangailte go dlúth le saol na hacadúlachta agus na meán i gceantar Nua-Eabhrac, cá bhfios nach gcloisfidh sibh uaim arís sar i bhfad faoin ainm Ivan Vlaidimirovits Clitscó agus rialtas Mheiriceá do mo mhalartú do spiaire as Moscó. Dá Svidánia!