Fágadh Brian Ó Broin is a theaghlach gan chumhacht ar feadh i bhfad mar gheall ar an dochar mór a rinne spéirling sa cheantar mórthimpeall orthu. Cuimhneofar Laetha na Gaoithe Móire ina measc go ceann fada an lá.
Ar an 22ú Deireadh Fomhair 2012 thosaigh stoirmín beag ag bailiú cúpla céad míle ó dheas ó Chúba. Mar a dhéantar le hanfaí teochriosacha mar seo, cuireadh ainm air: ‘Sandy’. Thar chúig lá chuaigh an stoirm thar Iamáice, Cúba, agus Beirmiúda sula ndeachaigh sí amach ar an bhfarraige, agus b’é tuairim an chuid is mó de dhaoine go bhfanfadh sí amuigh os cionn an Atlantaigh is go n-imeodh an gus aisti.
Ach bhain cúinsí ar leith leis an stoirm seo. Tharla an stoirm seo déanach go leor i mbiaiste na spéirlingí agus dá bhrí sin bhí seans ann go meascfadh sí le stoirmeacha geimhridh agus go neartódh sí dá réir. Agus b’shin díreach mar a tharla. Bhailigh stoirm mhór fhuar i dtuaisceart an Atlantaigh agus thosaigh Spéirling Sandy, a bhí ag bogadh ó thuaidh ina treo, ag malartú nirt léi. Ar an 29ú, faoi thionchar na stoirme geimhridh eile, chas Sandy faoi chlé agus thug fogha faoi Nua-Gheirsí agus faoi Cheantar Nua-Eabhrac.
Thosaigh an bháisteach ag a naoi a chlog ar maidin, agus cé nach raibh sé chomh trom is a bhí báisteach Spéirling Irene, a thug cuairt orainn i 2011, choinnigh sé air ag dortadh go dtí an lá dár gcionn. Ba chuma linn faoin bháisteach, ámh - bhí an ghaoth ag ardú freisin, agus faoi lár an tráthnóna bhí réablacha gaoithe ag cúbadh crainnte.
Síobadh Fiáin
Thit dorchadas na hoíche ag a ceathar, agus b’shin an t-am a thugamar faoi deara nach raibh gach rud ina cheart: bhí soilse agus gléasanna aibhléise an tí ag faiteadh an t-am ar fad. Bhíomar ag ithe dinnéir agus an teach iomlán ag díoscán mar sheanbhád i mbaol a bháite faoi na réablacha gaoithe nuair a tharla pléasc taobh amuigh den teach a las gach rud timpeall orainn ar feadh leathmheandair. Ag an nóiméad céanna, d’imigh solas an tí agus gach rud leictreach a bhí againn.
Is lucht campála muid, agus ba bheag faitís a bhí orainn i dtaobh solais agus fuinnimh, ach bhí cúrsaí taobh amuigh ag déanamh scime dúinn. Ba léir go raibh tine leictreach ollmhór cúpla scór méadar ónár dteach, bhí an tsráid lán le feithiclí éigeandála, agus bhí an teach féin ag scréachaíl faoi réabadh na gaoithe.
Má bhí gaoth mhór ann, níorbh ’in baol mór na stoirme, ámh. Bhí an stoirm seo ag casadh tuathal, agus ó bhí croí na stoirme ag teacht i dtír i gceantar Atlantic City, bhí taobh thuaidh na stoirme ag brú uisce na farraige isteach i gCuan Nua-Eabhrac. Agus bhí lánmhara le bheith ann ar a hocht a chlog istoíche (agus arís ar a hocht ar maidin). Agus na crainnte ag titim thart orainne cúpla míle isteach ón chósta, bhí sráideanna Nua-Eabhrac faoi uisce na farraige.
Lagaigh an bháisteach beagán thart fán méanoíche, agus thosaigh an ghaoth ag teacht i bputhanna amháin. I gciúnas agus olldorchadas na hoíche, bhreathnaíomar amach fuinneoga uachtar ár dtí ar íor na spéir - ba chosúil le taispeántas tinte ealaíona é - gach leathnóiméad nó mar sin tháinig splanc a las an spéir agus lean toirneach na pléisce é cupla soicind ina dhiaidh. Séard a bhí ann ná pléascadh na gclaochladán timpeall an chontae trí chrainnte a bheith ag titim orthu.
Cailleadh Cumhachta
Ar maidin, agus an aibhléis gearrtha, níorbh eol dúinne ná d’éinne eile sa cheantar, cé chomh buailte is a bhíomar. Rinne mé iarracht dul amach ag tiomáint, ach níorbh fhiú é, ó bhí crainnte móra titithe thar na bóithre móra gach leathmhíle nó mar sin, agus áit a raibh sin tarlaithe, bhí sreanga beo ina luí ar an talamh freisin. Ní raibh aon dara rogha againn ach filleadh abhaile. B’fhiú an artola a choigilt pé scéal é, ó bhí na stáisiúin go léir dúnta, cheal leictreachais chun an breosla a chaidéalú.
An tríú oíche gan aibhléis, thugamar cuairt ar chairde nár chaill fuinneamh agus don chéad uair ba léir dúinn ó na pictiúir teilifíse chomh uafásach is a bhí an dochar. Ní hamháin go raibh na bóithre go leír dúnta agus an leictreachas ar shiúl ag an gcuid ba mhó de theaghlaigh an stáit, ach bhí nach mór gach tollán cairr agus traenach i Nua-Eabhrac lán le huisce goirt, a bhí cheana féin ag creimeadh pé sreanga leictreachais iontu nár dódh cheana féin. Ach b’ar na ceantracha cósta ba mhó a milleadh. Ceantar mór saoire is ea an Jersey Shore, mar shampla, a leathann céad go leith míle ó cheantar Nua-Eabhrac síos go Atlantic City, agus atá lomlán le tithe saoire agus cónaithe atá tógtha ar thalamh íseal in aice na trá.
Ar thrá na farraige, chonacthas dochar millteanach. Bhí na siúlóidí adhmaid, a shín ar ciumhais na farraige sna bailte cósta, go léir scuabtha nó leathscriosta, agus na gnónna in aice leo freisin. Na tithe nár scuabadh ar siúl ag an bhfarraige, bhíodar lán le uisce agus gaineamh, agus ba mhó an baol go gcaithfí iad a leagan. Faoi dhlíthe nua árachais agus tógála, ba bheag seans go bhféadfaí iad a atógáil ar phraghas íseal. Faoi seo, meastar gur rinneadh 65 míle milliún dollar damáiste don cheantar.
Lean an díth leictreachais ar feadh idir seachtain agus coicís. B’éigean dúinne na hoícheanta ba fhuaire a chaitheamh i dtithe cairde. Ach diaidh ar ndiaidh thosaigh na stáisiúin artola ag athoscailt le gineadóirí, agus ciondáil artola i bhfeidhm acu, rud a d’fhág scuainí fada ar na bóithre agus fanacht cúig uair an chloig orthu siúd a raibh práinn breosla orthu. Ní raibh le cloisteáil fud fad an stáit ach dordán na dtoireasc slabhra ag gearradh crainnte scriosta an stáit agus giúnaíl ardaitheoirí na n-oibrithe leictreachais, teileafóin, agus teilifíse agus iad ag athchrochadh a gcuid línte agus sreanga.
Roinnt seachtaíní i ndiaidh na tubaiste, tá an ceantar ag filleadh ar an saol gnáith arís, ach go deimhin ní dhéanfar dearmad go luath i Nua-Eabhrac ná Nua-Gheirsí ar “Oíche na Gaoithe Móire”.