AR NA SAOLTA SEO
Sólás áirithe do náisiúnaithe i dtorthaí an daonáirimh
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Bhíothas ag tuar sular foilsíodh torthaí dhaonáireamh na Sé Chontae go dtitfeadh líon na bProtastúnach faoi 50%, ach ní hamhlaidh a bhí an scéal. Measann Robert McMillen, áfach, go bhfuil sólás áirithe le fáil ag náisiúnaithe agus ag poblachtánaigh ó na torthaí.

Íomhá
Mitchell McLaughlin, Sinn Féin: níor fíoradh a thairngreacht
Íomhá
Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams

Cad é an ceangal atá idir an móramh Protastúnach ó thuaidh agus Mark Twain? Freagra: Áibhéil a bhí ann a bheith ag rá go raibh siad marbh.

Nuair a foilsíodh torthaí an daonáirimh ó thuaidh an mhí seo caite, baineadh geit as náisiúnaithe a bhí ag tuar go muiníneach go dtitfeadh líon na bProtastúnach sna Sé Chontae faoi 50%.

Sa deireadh, fuarthas amach go raibh 1,685,267 duine ina gcónaí i dTuaisceart Éireann, 40.3% acu ina gCaitlicigh, 20.7% in bPreispitéirigh, 15.3% acu ina mbaill d’Eaglais na hÉireann agus 3.5% ina Modhaigh. Bhí 6.1% eile ina mbaill de ghrúpaí eile Protastúnacha nó Críostaí, agus dúirt 13.9% nach raibh creideamh ar bith acu. Nuair a cuireadh ceist orthu sin faoin chreideamh lenar tógadh iad, d’athraigh na figiúirí go Caitlicigh 43.8%, Protastúnaigh 53.1%, 0.4% creideamh eile agus 2.7% nach raibh creideamh ar bith acu.

(Dála an scéil, bhí cumas éigin sa Ghaeilge ag 10.4% den daonra os cionn 3 bliana d’aois; bhí 4.6% den daonra ábalta an Ghaeilge a léamh, a scríobh agus a thuigbheáil.)

Ach má bhí aontachtaithe ag dúil go dtosódh olagón agus ochón ó na poblachtánaigh, bhí dul amú orthu, agus seo an fáth.

Bhí drochscéala agus dea-scéala ar chéad leathanach an *Irish News *lá foilsithe fhigiúirí an daonáirimh. “Móramh Protastúnach le mairstin 20 bliain eile” a dúirt ceannlíne amháin.

Cinnte, bhí náisiúnaithe iontach meallta sna figiúirí a nochtadh sa daonáireamh, Sinn Féin ach go háirithe. Ní fada ó shin gurbh é tairngreacht Mitchell McLaughlin go mbeadh 46% de dhaonra na Sé Chontae ina gCaitlicigh, agus go dtitfeadh líon na bProtastúnach go dtí níos lú ná an leath.

Ag meá na n-impleachtaí

Bhí gach tráchtaire ag meá na n-impleachtaí síceolaíocha a bheadh a baint lena leithéid de thoradh don phobal Protastúnach. Anois, caithfidh siad na himpleachtaí a mheas a bhaineann le toradh a bhéarfaidh faoiseamh éigin agus muinín úr d’aontachtaithe. (Glacaim féin leis gurb ionann Caitliceach agus naisiúnach agus Protastúnach agus aontachtach, ainneoin go bhfuil aithne agam ar Chaitlicigh aontachtacha agus ar Phrotastúnaigh náisiúnacha.)

I mí an Mhárta 2002, mhol David Trimble go mbeadh reifreann ar cheist na teorann ar an lá céanna is a bheadh an chéad olltoghchán Tionóil eile ann. Ba é príomhaidhm an reifrinn ná níos mó vótóirí UUP a mhealladh amach, rud a chuideodh le Trimble in éadan pháirtí Ian Paisley, an DUP.

Ach le torthaí an daonáirimh, tá seans ag aontachtaithe an chaint a bhí ag éirí níos coitianta le míonna anuas fá Éirinn Aontaithe a mhúchadh. Feicfear go bhfuil an “tuile poblachtánachag trá, go dtáinig a lá ach go bhfuil sé thart anois.

Ach ba é an phríomhscéal ar an *Irish News *an lá céanna ná “Councils Set to do business in Irish.” Foilsíodh tuairisc a mhaígh go gcaithfeadh gach comhairle áitiúil ó thuaidh riar do Ghaeilgeoirí. Dúirt an tuairisc go gcaithfeadh comhairlí Thuaisceart Éireann glacadh le hiarratais scríofa agus bhéil i nGaeilge, glacadh le húsáid na Gaeilge i ndíospóireachtaí comhairle, cáipéisí a dhréachtú i nGaeilge agus fir/mná teanga a fhostú.

Mar sin, ainneoin go raibh poblachtánaigh - Sinn Féin, ach go háirithe - meallta i dtorthaí an daonáirimh, tchí siad go bhfuil an tionscadal mór atá á stiúradh acu - Éire aontaithe a bhaint amach - ag dul sa treo cheart, dar leo.

Leasuithe

leasuithe ag dul ar aghaidh ag baint le póilíneacht, dímhíleatú agus an clár cothromaíochta, mar a thugtar air, a mbeidh náisiúnaithe sásta leo. Fá cheann 20 bliain eile, ní bheidh *raison d’etre *an stáit, caomhnú an Phrotastúnachais, ann níos mó. Agus sin an argóint a bhí ag an dream atá in éadan an fhoréigin phoblachtánaigh: má athraítear an stát ón taobh istigh, má bhíonn poblachtánaigh agus náisiúnaithe ag feidhmiú i Stormont, agus brú díreach éifeachtach ar Rialtas na Breataine, bainfear Éire aontaithe amach.

Agus bhí dea-scéala amháin sa daonáireamh do Shinn Féin.

Is é “struchtúr aoise” Thuaisceart Éireann an ceann is óige sa Ríocht Aontaithe. Is páistí faoi shé bliana déag 23.6% den daonra. Is Caitlicigh iad bunús na bpáistí seo, agus is iad na daoine óga seo a bheas ag vótáil do Shinn Fein san am atá le theacht.

Agus sin an fáth go bhfuil aontachtaithe ag iarraidh na rialacha a athrú, ar ndóigh.

Bhí móramh amháin sásúil go leor fad is a bhí an móramh sin ag aontachtaithe. San am atá le theacht, tá aontachtaithe anois ag iarraidh “móramh dúbailte”, is é sin go gcaithfeadh, ní tromlach simplí den daonra, ach móramh Caitliceach agus Protastúnach araon a bheith ann.

Ní leor é tromlach simplí má vótálann móramh beag de mhuintir na Sé Chontae ar son athaontú na tíre; tá neamhsheasmhacht pholaitiúil tuartha ag aontachtaithe. Ní náisiúnaithe atá á rá seo - tá an bhagairt ag teacht uathu sin atá ag tabhairt seanmóirí dúinn ar thosaíocht a thabhairt don phróiseas daonlathach.

An dtig linn cur suas le fiche bliain eile den choimhlint seo?

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.