AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Sodom Gaelach
Balor Balor Balor

In agallamh eisiach, labhraíonn Sodom Ó hOisín le Balor faoina chúlra Éireannach, i measc rudaí eile.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill
Íomhá
© Seán Ó Domhnaill

“Tá *Beo Ar Éigean *beo ar éigean,” arsa an t-eagarthóir, Éamonn Ó Doornail, le Balor na Súile Nimhe an mhí seo a chuaigh thart. “Ní miste dúinn scúp inteacht a fháil le beocht a chur ar ais sa nuachtán seo. Ná tar ar ais chugam le scéal eile faoi Mhicheál Ó Muircheartaigh ag snortáil cóic amach as Corn Sam Mhic Uidhir, nó faoi Joe Mac Donncha ag tabhairt óráide a mhair níos lú ná sé uair an chloig. Tá a fhios ag madaí an bhaile cén fáth nach mbíonn cuimhne ag Ó Muircheartaigh cén teanga a bhíonn á labhairt aige, agus tá cuimhne ag gach duine ar an oíche nár labhair Mac Donncha ach ar feadh cúig uair an chloig. Fíor-nuacht atá i gceist agam - scéala nach bhfuil ag nuachtán ar bith eile!”

Bhí Balor prioctha ag an bheach. Thuig sé láithreach an t-aon phíosa nuachta a shásódh Ó Doornail: agallamh eisiach le Sodom Ó hOisín i mBagdad! Agus thuig sé an dóigh le é a fháil: bréagriocht a chur air féin! Ach cén bréagriocht? Chuaigh sé ag meabhrú os cionn na tine - tine gháis - nó bhí an mhóin ar fad ite aige le teann imní. Bhí an tine lochtach agus de thairbhe gás ag éalú amach as tháinig cineál fanntaise ar Bhalor bocht. Agus é i lár an támhnéil, nochtaíodh fís dó: aisling gheal darbh ainm Conor Cruise Missile O’Brien. D’fhoghlaim sé cuid mhór ó olagón agus ó éagaoin agus ó thuireamh na haislinge: leagan eile den stair agus bealaí rúnda le brú isteach in áit nach raibh sé ag teastáil. Idir sin agus a ghliceas inbheirthe féin bhí sé réidh. Chuir sé bréagriocht Conor Cruise Missile air féin agus as go brách leis.

“Sé do bheatha, a Chruiser,” a dúirt Sodom leis agus é ag fáisceadh na déithe as fear na Súile Nimhe. Bhí a gcuid deor ag maothú gruanna a chéile, idir dheora áthais agus dheora céasta istigh sa ghualchró faoi shiopa McDonald’s i gcathair Bhagdad. “Tusa agus Michael Dí Ó Daighdeal Dum an t-aon bheirt chairde atá fágtha agam in Éirinn, nó b’fhéidir san Eoraip.”

“Agus cad é faoin lucht léirsithe a bhíonn ag agóid in éadan fhórsaí Mheiriceá a bheith ag úsáid Aerfort na Sionainne? Nach cairde leat iad sin?” a d’fhiafraigh Balor. “Cac an Diabhail orthu mar lucht tóra threascairt na gCulchies,” a ghuigh Sodom. “Ní in éadan Mheiriceá a bhíonn siad ag agóid ach in éadan Aerfort na Sionainne. Ag iarraidh ghnó Mheiriceá d’Aerfort Bhaile Átha Cliath atá siadsan, agus níl ina gcuid léirsithe ach ceann eile dá gcuid Weapons of Mass Distraction. Nuair a bheas an cogadh seo buaite agam is iad na Culchies a bheas i réim, mar is ceart agus mar is cóir. Siúr, nach Culchie tú féin, a Chruiser, agus teach agat thuas ar an chnoc i mBinn Éadair in aice leis an Ghé Ó Broin?’

“Is fíor duit, a Shodom,” arsa Balor na Baothchainte agus an Mhílaochais. “Ach inis dom: cad é faoi chlúdach teilifíse an chogaidh seo? An bhfuil stáisiún ar bith a thugann cothrom na Féinne don Iaráic? NBC? BBC? Fox? CNN? Sky?”

“TG4, gan dabht ar bith,” a d’fhreagair Sodom. “Iadsan amháin nach mbíonn anuas orainn an t-am ar fad. Tugann muintir ‘Ros na Rún’ an-uchtach dúinn, nó is minic a chluintear iad ag rá: ‘Tá an ceart agat, Baighdad! Féar plé duit, Baighdad!”

“Agus cad é faoi RTÉ, a Shodom? An bhfuil tú sásta leis an stáisiún teilifíse sin?” a d’fhiafraigh Balor.

“Cad é mar a bheinn sásta leis an scaifte claibhtéirí cáidheacha sin?” a d’fhreagair Sodom. “An bhfuil a fhios agat cén scannán a bhí acu mar Scannán na Seachtaine, gach uile sheachtain le trí mhí anuas? The Blair Witch Hunt Project.” Ansin tá Charlie Bird acu. Sa bhliain 1991 dúradh leis dul amach chuig an Gulf War. Níor thuig muintir Mheicsiceo cén cogadh a bhí i gceist acu.”

“Agus inis dom, a Shodom, an bhfuil teachtaireacht ar bith agat do léitheoirí Beo Ar Éigean?’ a d’fhiafraigh Balor an Bhéil Bhinn.

“Thig leat a rá leis an eagarthóir Ó Doornail, nuair a théann tú abhaile, go bhfuil mé iontach sásta le Beo Ar Éigean *mar liarlóg,” a d’fhreagair Sodom. “Thig leat a rá leis gur bhain sé úsáid mar is ceart as an síntiús suarach a chuir mé chuige chun na hiriseoirí is measa in Éirinn a fhostú. Seachas an t-alt a scríobhann laoch sin na litríochta, Balor na Súile Nimhe, níl fiúntas ar bith sa nuachtán. Tá sé ina *Weapon of Mass Depression, díreach mar a theastaigh uaim ón tús.”

“Cad é mar atá an oiread sin eolais agat faoi thír na hÉireann? Shílfeadh duine go raibh ceangal fola agat leis an tír,” arsa Balor.

“Tá, ar ndóigh,” arsa Sodom. “As Éirinn a tháinig mo mhuintir ar thaobh mo shin-sin-seanmháthar. As a gcuid seanaithreacha sin a ainmníodh mé.”

“Agus cén t-ainm a bhí orthu siúd?” a d’fhiafraigh Balor.

“Bhal, bhí duine amháin acu cineál aerach agus bhí dúil mhór ag an duine eile sna drámaí a chuirtí ar an ardán do na cuairteoirí Meiriceánacha. Sodom agus Begorrah a tugadh ar an bheirt acu.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.