Más iomaí cineál dátheangachais ar an saol, ní mó ná sásta atá Ruadh Ó Gliasáin le leagan na hÉireann de agus tá sé den tuairim go gcaithfear dearcadh agus iompar teanga ‘mhuintir na Gaeilge’ athrú go mór má táthar leis an teanga a chur chun cinn i saol na hÉireann.
Is dóigh gur saghas brionglóide atá in athbheochan na hEabhraise, a tharla os cionn céad bliain ó shin. Seo teanga a bhí ar meath ar feadh 2,000 bliain beagnach agus a d’aiséirigh ag deireadh an naoú céad déag. Míorúilt, ab ea? Is dócha é. Fear darbh ainm Eliezer Ben Yehuda a chuir tús leis an éacht seo. B’as Lushki, Vitsebsk, taobh na Liotuáine é, tír a bhí mar chuid d’Impireacht Sár na Rúise san am. Tá Vitsebsk sa Bhán-Rúis anois.
Bhí an Ghiúdais (teanga atá cosúil leis an nGearmáinis le roinnt Eabhraise tríthi) agus Liotuáinis aige ón gcliabhán. Bhí an-spéis aige san Eabhrais agus é óg. Chuir sé suim sa náisiúnachas Giúdach freisin. Scríobh sé alt darbh ainm sheelah nikhbadah (Ceist Thábhachtach) a thug cur síos maith ar a chuid luiteamas náisiúnach. D’fhorbair sé an smaoineamh, in ailt a scríobh sé ina dhiaidh sin, go mba chóir do na Giúdaigh a bheith ag labhairt a dteangan féin ina dtír féin. Chuaigh sé féin chuig Iosrael sa bhliain míle ocht gcéad ochtó is a haon lena bhean agus thógadar páiste agus gan ach an Eabhrais amháin á labhairt leis.
Caithfidh sé go raibh sé deacair ar an bpáiste beag bocht gan aon chead a bheith aige aon teanga seachas Eabhrais a labhairt nó a chloisteáil fiú amháin. Nuair a thagadh cuairteoirí chun tí nach mbíodh labhairt na hEabhraise acu, cuirtí a chodladh é. Ní raibh Eabhrais á labhairt ag a chomhaoisigh ach oiread. Tá scéal ann, leoga, go ndearna na gasúir eile maistíneacht air nuair a chualadar é ag labhairt lena mhadra sa ‘teanga bheannaithe’, mar a thugadar uirthi. Is minic a bhíodh sé uaigneach a deir sé ina dhírbheathaisnéis. Caithfidh sé gur éirigh cúrsaí níb fhearr áfach agus is dóigh nach raibh a oiread sin uaignis air de réir mar a bhí deartháireacha agus deirfiúracha eile ag teacht ar an saol agus de réir mar a bhí teaghlaigh eile in Iarúsailéim ag tiontú ar an Eabhrais.
Laghad a Lín i dTosach Ama: Vitsebsk 1912
Ní raibh líon na dteaghlach a thiontaigh ar an Eabhrais in Iarúsailéim rómhór, mar sin féin. Bhíodh sé de nós ag bean Ben Yehuda cístí milse a dhéanamh do theaghlaigh a bhí tar éis tiontú ar an Eabhrais. Faoin mbliain 1900, ní raibh sí ach tar éis ocht nó naoi gcíste milis a dhéanamh don ocht nó naoi dteaghlach a bhí tar éis tiontú chun na hEabhraise. Aisteach go leor, ba leor é an méid sin teaghlach le go mbainfí amach an toirt leorthábhachtach a mbíodh Éamon Ó Cuív ag caint go minic air agus é ina Aire Gaeltachta. Tháinig an Eabhrais ar ais.
Tharla an t-athréimiú teangan sna comhphobail oibre amuigh faoin tuaith i ndáiríre. Is ann a chas na hinimircigh ar an teangain. Uaireanta, deirtear gurb í an chaoi gur éirigh le hathbheochan na hEabhraise toisc gur theastaigh teanga choiteann ó na buíonta inimirceach ar fad. Tugann Muiris Ó Laoire bréagnú feidhmiúil don tuairim sin ina leabhar ‘Athbheochan na hEabhraise: Ceacht don Ghaeilge?’ (lch. xii sa réamhrá)
An mbeadh sé d’uchtach againn gan ach an Ghaeilge a labhairt sa lá atá inniu ann? An dteastaíonn athbheochan na Gaeilge uainn, i ndáiríre? Measaim féin gurb é an rud a theastaíonn le go mbeadh an Ghaeilge á labhairt ar fud na tíre ná glúin aonteangach Ghaeilge. Is dóigh go bhfuil an-chuid gasúr aonteangach Gaeilge ann faoi láthair, go háirithe iad siúd atá faoi aois scoile. An rud a déarfainnse ná leanúint ar aghaidh ag labhairt na Gaeilge leo gan aon teanga eile.
Caithfidh sé go raibh sé deacair ar bhean Ben Yehuda broic leis an ngníomhaí teangan seo. Sular bhásaigh sí, scríobh sí comhfhreagras deas chuig a deirfiúr a rá léi Ben Yehuda a phósadh i ndiaidh di féin bás a fháil. Tháinig an deirfiúr, lonnaigh in Iosrael agus d’fhoghlaim sí Eabhrais go han-sciobtha. Is dóigh go raibh cumas maith inti agus deiseanna an teanga a chleachtadh leis na páistí a labhair Eabhrais cheana féin.
Bhí saol tubaisteach go leor ag Ben Yehuda. Bhí an eitinn air agus fuair roinnt dá pháistí bás ach lean sé leis ag labhairt na hEabhraise. Meas tú ar tháinig lagar misnigh air riamh? B’fhéidir gur tháinig ach lean sé leis. Ba chuma. Tá scéal ann go raibh bean ag breith linbh sa tsráid gar dá theach. Bhí sí ag screadach, ní nach ionadh, ach i nGiúdais. D’oscail Ben Yehuda an fhuinneog agus scread amach gur mhór an náire é í gan a bheith ag labhairt as Eabhrais agus dhún an fhuinneog arís. Cineál carachtair a bhí in Ben Yehuda is dócha.
Slánú leis an gCur Chuige Rábach
An mbeadh tuismitheoirí in Éirinn anois sásta bac de chineál a chur idir an Béarla agus a gcuid páistí? Sin í an cheist. Ní theastaíonn Béarla chun maireachtáil i ndáiríre, cé go samhlaítear a mhalairt go forleathan. Cén fáth nach n-éireodh linn fostaíocht a chur ar fáil trí Ghaeilge amach anseo?
Bhí an-éirim in Ben Yehuda agus meas dá réir air. D’fhreastail na mílte duine ar a shochraid rud a léirigh an meas a bhí air. Is suimiúil an chaoi gur roghnaigh sé Iarúsailéim le cónaí ann. Thuig sé tábhacht shamhailteach na príomhchathrach. B’fhéidir gur leideadh do chuid againn a ndearna sé agus, más mall is mithid, Gaeltacht a bhunú i mBaile Átha Cliath?
Ba dheas a bheith i do chuileog ar an mballa ag breathnú ar na rudaí ar fad a tharla sa teach sin i Iarúsailéim. Ar athair deas a bhí i mBen Yehuda? Nuair a d’éirigh Ben Avi, a mhac, amach sa saol, d’imigh sé leis ina mhairnéalach agus é thart ar sé bliana déag. Ar shíl a thuismitheoirí go bhfaigheadh an Eabhrais bás dá rachadh an long ina raibh sé go tóin poill? D’imigh sé leis, d’fhill arís agus scríobh leabhar moltach faoina athair.
De réir léamh áirithe ar an mBíobla, is saghas eiseamláire iad na Giúdaigh don domhan ar fad ar an gcaoi le teanga a thabhairt chun cinn sa phobal. Tá siad speisialta. An féidir linn a n-eiseamláir a leanúint? Bheadh sé éasca éacht Ben Yehuda a chur i gcrích arís, dar liom. Féach an méid tacaíochta atá againn in Éirinn anois nach raibh ag Yehuda, breis is céad bliain ó shin.
Tagairtí
- “Athbheochan na hEabhraise: Ceacht don Ghaeilge?” le Muiris Ó Laoire (lch. xii an réamhrá)
- http://ga.wikipedia.org/wiki/Eliezer_Ben-Yehuda