Tráchtann Donncha Ó hÉallaithe san alt seo ar Michael D. Higgins, an tUachtarán nuathofa, ón aithne a bhí aige ar an bhfear. Deir sé gur bua mór don tír, é a bheith roghnaithe as an seachtar a bhí ag seasamh.
Tar éis an toghcháin Dé Sathairn agus comhaireamh na vótaí fós ar bun, foilsíodh seanghrianghraf ó na seachtóidí, ar an Irish Indepentdent, den Uachtarán nuatofa, Michael D. Higgins. Bhí an mana Gaeilge ‘Stailc anseo’ breactha ar chlár ar crochadh ina láimh aige. Bealtaine 1974 a bhí ann agus tharla an stailc mar nach raibh na húdaráis i gColáiste na hOllscoile Gaillimh - mar a bhí air ag an am - sásta aitheantas cuí a thabhairt don cheardchumann, a bhí ag labhairt thar ceann na léachtóirí.
Shocraigh thart ar 50 léachtóir sóisearach i COG (OÉG anois) ag an am, dul isteach i gceardchumann, de bharr míshástacht ginearálta leis an mbealach a raibh an Coláiste Ollscoile ag caitheamh leo. I súile an tseanréimis, a raibh ceannas acu ar COG le fada, bhí sé sách dona go mbeadh lucht acadúil ag dul isteach i gceardchumann, ach níos measa fós, bhíodar tar éis ballraíocht a ghlacadh sa WUI, an ceardchumann céanna ina raibh na gnáthoibrithe – na feighlithe, na glantóirí agus na teicneoirí! Bhí alltacht níos mó ar chuid de na ollaimh nuair a shocraigh na léachtóirí dul ar stailc! Léachtóirí ollscoile ag dul ar stailc! Níor tharla sé riamh cheana i stair na tíre!
Duine de na hollaimh seanbhunaithe, a raibh sé de cháil air gur fíorannamh a thagadh sé isteach ar obair, thiomáin sé thar an bpicéad. “It was worth joining the union and going on strike” arsa Michael D., “just to see that man being forced to turn up for work.”
Cé go bhféadfadh sé a bheith sách gangaideach go príobháideach, mar pholaiteoir, choinnigh sé smacht iontach ar a bhéal agus é ag caint go poiblí. Is in aghaidh an tsrutha a bhí sé ag snámh nuair a bheartaigh sé dul le polaitíocht i nDáilcheantar coiméadach cosúil le Gaillimh Thiar. Sa chéad toghchán inar sheas sé, 1969, níor éirigh leis ach 1,174 vóta a fháil. Fuair Peadar Mac an Iomaire, a sheas sa toghchán céanna do Chearta Síbhialta na Gaeltachta beagnach 350 vóta níos mó ná é. Choinnigh Michael D. leis an bpolaitíocht ag bailiú nirt ó thoghchán go toghchán, go dtí gur toghadh é an chéad uair don Dáil sa bhliain 1981 le 6,226 vóta.
Ag Canbhasáil leis:
Bhíos gníomhach i bPáirtí an Lucht Oibre ar feadh roinnt blianta sna ochtóidí agus bhí sé de phribhléid agam tréimhsí a chaitheamh ag canbhasáil le Michael D. i gConamara, aimsir toghchán. Togha comhluadar ab ea é: scéalaí iontach agus féith ghrinn den scoth aige. Thaithin sé le daoine ag na doirse. Ar ndóigh bhí sé le cloisteáil go minic ar RnaG, rud a chabhraigh go mór leis sa nGaeltacht. Bhí Michael D. in ann vótaí a mhealladh ó dhaoine nach raibh meas mada acu ar a pháirtí, de bharr an íomhá a chothaigh sé go cúramach: an intleachtóir ag troid ar son an ghnáthdhuine agus ag labhairt amach in aghaidh na héagóra, bíodh sé sa mbaile nó thar lear.
Is cinnte gur chuir sé fíorfhearg air, cé mar a caitheadh le daoine bochta ar an imeall. Is cuimhneach liom, a bheith ag canbhasáil leis lá i gCois Fharraige agus bhuaileamar isteach i mbothán, ar a dtugtaí demountable i gConamara: bosca pre-fab ar dhath liath taobh amuigh agus dorcha taobh istigh, cheal mórán de sholas an lae á scaoileadh isteach ag na fuinneoga beaga. Bhí fíor-droch-chaoi ar an demountable áirithe seo, le poill mhóra san urlár lofa. Thug Michael D. geallúínt don seanfhear a bhí ina chónaí sa mbothán, go ndéanfadh sé a dhícheall rud éicint a dhéanamh faoina chás. D’iarr sé ormsa roinnt grianghraif a fháil de na poill san urlár, rud a rinne mé. Shocraigh sé cruinniú le Bainisteoir an Chontae agus leag sé na grianghraif os a chomhair ag tabhairt le fios dhó go mbeadh na grianghraif le feiceáil ag an tír sna nuachtáin an chéad seachtain eile, mura mbeadh demountable nua curtha ar fáil don seanfhear. Ghéill an Bainisteoir Chontae.
Mar Léachtóir:
Chuireas aithne ar Mhichael D. mar léachtóir i lár na n-ochtóidí. Ag déanamh céime oíche in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a bhíos agus bhí Michael D. ar dhuine de na léachtóirí san áireamh ar an gcúrsa a dtugtar an tSocheolaíocht & an Pholaiteolaíocht air. Cé go raibh sé gafa leis an Seanad ag an am céanna, ní cuimhneach liom gur chaill sé aon léacht linn aon tráthnóna Déardaoin, a bhí sé ceaptha a bheith againn. Thagadh sé isteach sa seomra léachta agus ualach mór cáipéisí is leabhra faoina ascail aige. Scartaí amach a raibh á iompar aige ar an mbinse fada ag bun an tseomra léachta. Thosnaíodh sé agus ar feadh 10 nóiméid nó mar sin, ní bhíodh an léacht ag dul treo ar bith ach Michael D. ag piocadh suas corrbhileog anseo is leabhar ansiúd ón mbinse agus á leagan anuas arís go dtí sa deireadh go n-aimsíodh sé cáipéis éicint as a bhfaigheadh sé an tinfeadh chun léacht den scoth a thabhairt faoi ghné éicint de pholaitíocht na hÉireann. Bhíodh muid faoi dhraíocht aige le cumas a chuid cainte agus úire a chuid smaointe.
Bunaitheoir TnaG:
Níor cheart riamh dearmad a dhéanamh ar an ról tábhachtach a bhí ag Michael D. i mbunú TnaG, nó TG4 mar atá air anois. Bhí tús beag curtha leis an obair bunaithe ag Máire Geoghegan-Quinn, a bhí mar Aire Cumarsáide sa gcomhrialtas a thit as a chéile sa bhliain 1992, sa mhéad is gur cheap sí Pádraig Ó Ciardha mar chomhairleoir di ar cheist na teilifíse. Nuair a thit comhrialtas Fianna Fáil/An Páirtí Daonlathach as a chéile ag deireadh 1992 is comhrialtas idir Fianna Fáil agus an Lucht Oibre a tháinig ina áit agus ceapadh Michael D. Higgins ina Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus an cúram air TnaG a chur ar bun.
De ghnáth, nuair a athraíonn rialtas, athraítear na comhairleoirí. Bhí an Feachtas Náisiúnta Teilifís, an eagraíocht stocaireachta ar son na teilifíse, buartha faoin moill a d’fhéadfaí a bheith curtha ar bhunú TnaG, dá mbeadh comhairleoir as an nua le ceapadh ag an Aire nua. Chuamar chun cainte le Michael D. ag moladh dhó Pádraig Ó Ciardha a choinneáil ar bord. Ghlac sé lenár gcomhairle agus réitíodh an bealach, chun go bhféadfaí an tseirbhís teilifíse trí Ghaeilge a chur ar bun sa bhliain 1996.
Ní raibh sé éasca ar Michael D. cead a fháil óna chomhairí ag bord an Rialtais dul ar aghaidh leis an dtionscnamh teilifíse. Bhí cuid de na hAirí sách faiteach faoin méid sin airgid poiblí a chaitheamh, ar mhaithe le stáisiún teilifíse trí Ghaeilge, i bhfianaise an fheachtais láidir ar bun ag iriseoirí is tráchtairí áirithe sna meáin, ar thug Michael D. orthu “the people for whom Irish is not half dead enough”. Ach choinnigh sé leis agus chuaigh TnaG ar an aer Oíche Shamhna 15 bliana d’éag ó shin, a bhuíochas sin dá dhiongbháilteacht.
Bua don Tír:
Is bua mór don tir é, gur toghadh Michael D. as an seachtar a bhí ag seasamh. Beidh áit lárnach ag an nGaeilge ina uachtarántacht ón tús. Tá mé cinnte nach mbeidh aon áifeála orainn gur roghnaíodh polaiteoir stuama, intleachtóir misniúil agus saor focal gan sárú le bheith mar chomharba ar Mháire Mhic Giolla Íosa. Go maire sé a nuacht agus go ndéana sé muintir na hÉireann mórtasach as ár gcultúr ilghnéitheach is as ár gcumas ildhánach.