CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Siopa ceoil Mhic Néill - ag freastal ar cheoltóirí leis na glúnta anois
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Tá siopa ceoil McNeill’s i lár chathair Bhaile Átha Cliath ag freastal ar cheoltóirí traidisiúnta na cathrach agus na tíre le fada. Sasanach darb ainm Steve Chambers atá ina bhun le tamall beag de bhlianta anuas. Chuaigh Antaine Ó Faracháin chun cainte leis féachaint cén chaoi a bhfuil cúrsaí i ngnó an cheoil na laethanta seo.

Antaine Ó Faracháin: A Stiofáin, cé as thú ó thús agus céard a mheall anall go hÉirinn thú?

Steve Chambers: Is as baile beag i gcroílár Shasana mé, áit darb ainm Burton-on-Trent a bhfuil cáil na grúdaireachta uirthi. Thosaigh mé ag cur spéise sa cheol gaelach nuair a thosaigh mé ag dul go dtí club ceoil i mBurton-on-Trent. Na laethanta sin bhí roinnt ceoltóirí maithe Éireannacha ina gcónaí i gCoventry a bhíodh mar aíonna rialta ag an gclub seo, daoine ar nós Finbar agus Eddie Furey, Seán Cannon atá anois leis na Dubliners agus, ar ndóigh, fear óg darbh ainm Christy Moore - b’fhéidir gur chuala tú trácht air! Agus ansin ag an am sin eisíodh roinnt taifeadtaí iontacha den cheol gaelach a thaifead Bill Leader. Bhí ceann ann de Shéamus Ennis, Séamus Tansey, Máirtín Byrnes agus ceann eile darb ainm “Music from the Coleman Country”. Mar sin, d’éist mé leis na taifeadtaí sin agus leis na ceoltóirí agus bhí an-tionchar acu orm. Chuir an ceol gaelach iontas agus alltacht orm.

AÓF: An seinneann tú féin ceol?

SC: Bhuel is cineál Jack-of-all-trades mé ach ní máistir mé ar aon cheann acu! De réir a chéile freisin thosaigh mé ag cur an-spéise i seanuirlisí ceoil. Bhí, agus tá fós, grá agam dóibh. Sin é an fáth is dóigh go bhfuilim i mbun an ghnó atá agam anois, an grá seo atá agam do na seanuirlisí agus iarsmaí eile mar iad. Agus ós rud é go raibh spéis agam sa cheol gaelach, thosaigh mé ag lorg seanuirlisí a bhféadfainn féin an ceol seo a sheinm orthu, an consairtín, mar shampla, agus an fheadóg mhór. Agus ansin ní raibh aon duine ann ag an am leis na seanuirlisí seo a dheisiú, mar sin bhí orm é sin a dhéanamh mé féin. Agus b’in mar a thosaigh mé.

AÓF: Cathain a thosaigh tú do ghnó i mBaile Átha Cliath, mar sin?

SC: Bhuel roimhe sin chuaigh mé go dtí an coláiste i Manchain, áit a raibh ceol bríomhar gaelach ag an am, agus ansin bhog mé go Londain de bharr go raibh an ceol gaelach chomh láidir ansin ag an am freisin. Sna seachtóidí bhí sé thar cionn ar fad ar fad. Bhí scoth na gceoltóirí againn i Londain. Seans maith go raibh an ceol níb fhearr i Londain an t-am sin ná mar a bhí sé i mBaile Átha Cliath féin fiú! Cén fáth ar bhog mé go Baile Átha Cliath mar sin? Bhuel toisc go bhfaca mé go raibh an seansiopa ceoil McNeill’s ar díol. Agus toisc go raibh mé ag díol seanuirlisí ceoil ag an am, luigh sé le réasún seansiopa a raibh stair ársa ceoil taobh thiar de a cheannach.

AÓF: Inis beagán dúinn faoin stair sin.

SC: Tá an siopa i Sráid Chéipil ó bhí 1834 ann. Bhídís ag déanamh uirlisí éagsúla ceoil. An ceann is cáiliúla a rinne siad, b’fhéidir, ná an buabhall a d’fhógair an t-ionsaí i mBalaclava, atá imithe isteach i seanchas Bhaile Átha Cliath. Tá bailiúchán againn anseo de sheanuirlisí ceoil a rinne muintir Mhic Néill thart ar 1830-1840: feadóg mhór, cláirnéid, fíf mháirseála, agus veidhlín. Mar sin, mheall an stair seo mé chun an siopa a cheannach.

AÓF: Tá go leor siopaí ceoil i mBaile Átha Cliath. Cad atá difriúil faoi do cheannsa?

SC: Is é an t-aon cheann atá ann atá dírithe go hiomlán ar cheoltóirí a sheinneann ceol traidisiúnta, agus a bhfuil foireann ag obair ann de cheoltóirí a sheinneann ceol traidisiúnta.

AÓF: Inis dúinn faoin bhfoireann sin.

SC: Is é Niall Ó Callanáin an bainisteoir atá ann. Seinneann seisean an basúcaí. Sheinn sé le bannaí éagsúla ar nós Deiseal thar na blianta, agus le Máire Bhreathnach. Tá cúpla albam déanta aige dá chuid cumadóireachta féin agus d’eisigh sé ceann nua le déanaí. Tá Seán Ó Broin ann. Mac eisean leis an damhsóir cáiliúil Paidí Bán Ó Broin. Seinneann seisean an fheadóg mhór. Tá Kevin Brady ann a sheinneann drumaí don snagcheol. Ansin tá Paul Doyle ann a dheisíonn téaduirlisí. Seinneann Paul an giotár leis an ngrúpa Providence. Tá fear as Albain darb ainm Ciarán a dheisíonn na fidilí agus ansin, ar ndóigh, Micheál Ó Raghallaigh a dheisíonn na consairtíní agus nach bhfuil ródhona ag baint ceoil astu ach an oiread!

AÓF: Cén chaoi a bhfuil cúrsaí gnó na laethanta seo?

SC: Tríd is tríd níl cúrsaí gnó rómhaith na laethanta seo d’éinne! Aon duine a bhfuil siopa aige, tá sé ag rá go bhfuil an gnó cineál ciúin i mbliana.

AÓF: Cad iad na hathruithe is mó a chonaic tú sa ghnó thar na blianta?

SC: Bhuel tagann uirlisí agus imíonn siad. Bíonn tréimhsí ann nuair a bhíonn an-tóir ar uirlis áirithe agus ansin maolaíonn sé sin agus tagann uirlis eile chun cinn. Mar shampla, níl mórán tóra ar an gcairdín faoi láthair i gcomparáid leis an tóir a bhí air cúpla bliain ó shin. Sílim gur shroich an cairdín a bhuaicphointe le linn na tréimhse a raibh an-tóir ar Sharon Shannon. Bíonn tréimhsí ann d’uirlisí éagsúla. Sílim, thar aon uirlis eile, go bhfuil tóir ar an gconsairtín faoi láthair.

AÓF: Céard iad na huirlisí a bhíonn i stoc agat?

SC: Fidilí, feadóga móra, bodhráin, bainseónna, cairdíní, maindilíní, téaduirlisí eile, agus giotáir ar ndóigh.

AÓF: Agus dá mbeadh duine éigin ag lorg uirlis áirid an mbeifeá in ann í a fháil dó/di?

SC: De ghnáth bheinn.

AÓF: Tá tú ag obair le tamall ar chansairtín a bheadh feiliúnach do thosaitheoirí. Inis dom faoin tionscadal sin.

SC: Níl sé ar an margadh fós, agus tá go leor ag fanacht air cheana féin, mar sin nílim ag lorg a thuilleadh orduithe lena aghaidh faoi láthair. Tá cúpla eiseamláir déanta againn díobh ach tá mé fós ag iarraidh fadhbanna beaga a cheartú sula dtéann siad amach ar an margadh. Is é an bunsmaoineamh a bhaineann leis ná consairtín a dhéanamh nach bhfuil ródhaor do dhaoine a cheannach. Ceann a bhfuil fuaim mhaith ag baint leis agus nach mbrisfidh go furasta. Is é an aidhm atá agam ná ceann a chur ar an margadh a chosnódh thart ar €700, cás san áireamh. Ach faoi láthair níl muid ag tógáil a thuilleadh orduithe lena aghaidh. Níl a fhios agam fós cathain a thiocfaidh sé ar an margadh.

AÓF: Cén uirlis is mó a dhíolann tú sa siopa?

SC: An fheadóg stáin, déarfainn, agus b’fhéidir an bainseó faoi láthair. Tá traidisiún de chéad bliain ar a laghad i mBaile Átha Cliath de théaduirlisí. Ach bíonn a seal féin ag gach uirlis, mar a dúirt mé.

AÓF: Cá bhfaigheann tú do chuid uirlisí? An gceannaíonn tú ag ceantanna iad, mar shampla?

SC: Áit ar bith a bhfuil siad ar fáil. Na laethanta seo tá fidilí atá ar ardchaighdeán ag teacht ón tSín! Ceannaíonn muid seanfhidilí ag ceantanna nuair is féidir linn. Ach tá na Sínigh ag déanamh fidilí atá an-deas ar fad faoi láthair agus is féidir iad a cheannach ar €400-500! Uirlisí maithe iad ar phraghas maith.

AÓF: An ndíolann tú uirlisí ag an bhFleadh, nó ag féilte ceoil eile ar nós Scoil Shamhraidh Willie Clancy?

SC: Ní dhíolann. Tá an lá sin thart. Tráth den tsaol bhíodh sé an-deacair uirlisí a fháil agus mar sin bhíodh daoine ag fanacht ort ag an bhFleadh, agus beart mór de nótaí airgid ina lámh acu chun uirlis a cheannach uait, ach tá an lá sin imithe. Tá siopaí ceoil ar fud na tíre anois agus is féidir teacht ar uirlisí i bhfad níos éasca anois seachas mar a bhíodh fadó.

AÓF: Cén chomhairle a chuirfeá ar thuismitheoir atá ar tí uirlis cheoil a cheannach dá pháiste?

SC: Braitheann sé ar an uirlis, ar ndóigh, ach mholfainn d’éinne gan an ceann is saoire atá ar fáil a cheannach, ach an ceann is fearr gur acmhainn dóibh a cheannach. Beidh sí níos éasca a sheinm agus beidh fuaim níos fearr aisti. Is iomaí tosaitheoir ar cuireadh drochmhisneach air de bharr go raibh drochuirlis aige. Coinneoidh uirlis mhaith a luach ar aon chaoi agus beidh sí níos éasca a dhíol arís, más gá. Agus mairfidh sí níos faide.

Tuilleadh eolais faoin siopa agus faoi easpórtáil uirlisí: www.mcneillsirishmusic.com info@ mcneillsirishmusic.com

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.