CÚINNE NA nEALAÍON
Sióga agus draíocht
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Smaoiníonn Colm Ó Snodaigh siar ar chúpla uair an chloig an-phléisiúrtha a chaith sé ag éisteacht le Martin Hayes agus Dennis Cahill ag seinm i gCill Chainnigh.

Íomhá
Martin Hayes agus Dennis Cahill
Íomhá

The Given Note

On the most westerly Blasket

In a dry-stone hut

He got this air out of the night.

Strange noises were heard

By others who followed, bits of a tune

Coming in on loud weather

Though nothing like melody.

He blamed their fingers and ear

As unpracticed, their fiddling easy

For he had gone alone into the island

And brought back the whole thing.

The house throbbed like his full violin.

So whether he calls it spirit music

Or not, I don’t care. He took it

Out of wind off mid-Atlantic.

Still he maintains, from nowhere.

It comes off the bow gravely,

Rephrases itself into the air.

Seamus Heaney

Ardeaglais Naomh Cainneach. Féile Ealaíon Chill Chainnigh. Martin Hayes agus Dennis Cahill ag

seinnt a gceol casta snasta. Atmaisféar sollúnta. Gach duine ag éisteacht go cúramach. Martin ag cur srath fonn i láthair. Tosaíonn an tsraith le fonn mall ó Chorca Dhuibhne, “Port na bPúcaí”. Tá sé ag rá go ndúirt an cumadóir (duine de mhuintir Dhálaigh, ó Inis Mhiceáláin) gur thug na sióga an fonn dó oíche amháin agus é ina shuí cois tine ag seinnt a veidhlín lena uaigneas a cheansú. Gur tháinig na nótaí chuige san aer, gur éalaíodar amach ón tigh chuig na failltreacha agus ar ais arís gur thóg sé an bogha chuig an veidhlín le nótaí caointe na síog a thionlacan. Gach duine ag gáire. Síoga!

Martin ag tagairt don ESB (atá ag déanamh urraíochta ar an oíche). Tá sé ag labhairt faoi leictreoin. Tá sé ag rá nach bhfuil leictreon feicthe ag éinne riamh, go bhfuil siad róbheag le feiscint faoi na micreascóip is cruinne nó is láidre ar domhan ach fós go gcreideann daoine go bhfuil a leithéid ann – conas eile a bheadh an ESB ábalta leictreachas a dhíol, a deir sé? Gach duine ag gáire arís.

Ó na síoga a tháinig an chéad fhonn den tsraith seo, a deir sé. Níl muid ábalta sióga a fheiscint ach an féidir linn a bheith cinnte nach bhfuileadar ann? Ar nós an cheoil. Tá a fhios againn go bhfuil ceol ann ach ní féidir linn é a fheiscint.


Bhíos i mo bhall de bhanna beag bacach nuair a bhíos sa mheánscoil. Níor tháinig bunscileanna an cheoil go héasca chugainn agus dá bharr sin bhí ár gceol lán amscaíochta agus poll. Dhéanaimis dianchleachtadh roimh chomórtais agus cinnte chuidigh an cleachtadh linn beagán feabhais a chur ar ár seinnt ach i ndáiríre ní mórán a bhí ann.

Tráthnóna amháin, áfach, agus muid sa dara bliain, d’imíomar isteach chuig an seomra gléasta a bhí ar chúl na scoile in aice na foraoise – seanfhoirgeamh pre-fab lán le macallaí a rinne damhsa timpeall orainn. Bhí boladh allais is éadaí spóirt seanchaite ann ach ba chuma linn – bhí obair le déanamh againn. Shuíomar síos go díograiseach – dhá fhidil, maindilín, bodhrán, giotár, dhá fheadóg mhóra, busúcaí agus feadóg stáin amháin. Tar éis cúpla nóiméad thosaíomar ag seinnt “The Humours of Tulla” agus go tobann bhí muid ag seinnt le chéile, nóta ar nóta! Draíocht. Áilleacht. Bhí sé amhail is go rabhamar faoi gheasa agus go raibh bua an cheoil bronnta orainn ar fad ag an am amháin.

Stopamar ag seinnt agus bhreathnaigh timpeall ar a chéile. Thuigeamar! Thuigeamar go rabhamar tar éis croí an cheoil a shroichint – níor shroicheamar arís é go ceann ceithre bliana. Ach ag an nóiméad sin bhí muid cinnte go rabhamar chomh maith leis na Chieftains!


Aibreán na bliana seo. Tá mé ag fanacht ar mo bhean i dtábhairne in Cambridge Shasana. The Earl of Beaconsfield. Oíche Luain atá ann agus gan an seisiún ceoil is beag duine a bheadh i láthair sa tábhairne beag compordach seo. Lorgaím cupán tae. Amharctar orm amhail is go bhfuil dhá chloigeann orm.

Cúig dhuine dhéag sa seisiún. Idir óg agus shean ag seinnt. Idir fhoinn agus amhráin á gcasadh. An ceol lag go maith ach lán le sprid, lán le dóchas, lán leis an tsuim agus an cur chuige a thugann saorchead don cheol gluaiseacht ó ghlúin go glúin beagnach i ngan fhios do dhaoine.

Braithim an spiorad céanna sa ghrúpa seo is a bhí sa chéad bhanna ina raibh mé féin. Leathbhealach tríd an oíche seinneann triúr den ghrúpa leagan de “The Humours of Tulla”. Ní shroicheann siad an pointe a shroicheamarna an tráthnóna sa seomra gléasta. Tá mé cinnte go shroichfidh nuair a thiocfaidh na sióga chucu.


Ar ais chuig an ardeaglais. Tosaíonn Martin agus Dennis ar an bpíosa – píosa an-fhada atá ann, lán le gleannta is sléibhte is castaí cosáin. Breis is fiche cúig nóiméad ar fhad agus flúirse fonn ag teacht i ndiaidh “Port na bPúcaí”.

I measc na bhfonn tá “The Humours of Tulla”. Baineann siad gach ribe éide den bhfonn agus ní mórán níos mó ná creatlach a bhíonn fágtha, ach ar nós na seinnteoirí jazz is fearr sleamhnaíonn siad ar ais isteach sa bhfonn i ngan fhios don slua agus ansin chuig an gcéad fhonn eile.

Draíocht. Gach duine faoi gheasa. Sióga, is dócha.

*Tá an fonn le fáil ar *Martin Hayes and Dennis Cahill – Live in Seattle

http://www.martinhayes.com/albums.htm

*Tá leagan Sheáin Cheaist Uí Chatháin ón mBlascaod Mór de “Port na bPúcaí” le fáil ar *Beauty An Oileáin – Music and Song of the Blasket Islands

http://www.claddaghrecords.com/www/product.asp?pID=37&cID=19

*Tá leagan den fhonn, i dteannta dhán Seamus Heaney, á léamh ag an údar, le fáil ar *The Poet and The Piper

http://www.claddaghrecords.com/www/search.asp?s=the+poet+%26+the+piper&GO.x=0&GO.y=0

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.