Tá díomá ar go leor de phobal iarthar Bhéal Feirste le hairí Shinn Féin sa Tionól agus, mar a mhíníonn Robert McMillen, tá fiú na cairde is dílse a bhí acu go dtí seo sásta an páirtí a cháineadh.
Is am iontach míshuaimhneach é seo le bheith i do bhall de Shinn Féin.
Ó bhí na stailceanna ocrais ann i 1981, chonaic muid an páirtí ag fás as cuimse, a bhuíochas d’íobairt na ndaoine a fuair bás go doilíosach 27 bliain ó shin agus straitéis chliste a oibríodh amach taobh amuigh agus taobh istigh de charcair an tuaiscirt.
Chuidigh Arm na Breataine agus Ian Paisley leo, ar ndóigh. Is minic ráite é nach mbeadh ann don IRA mura mbeadh Paisley ann.
Bhí gach cabhair ag an phlanda óg – grian, uisce, talamh méith, aire mhaith.
I dtoghcháin an Tionóil i 1982, fuair said 10.1% de na vótaí. I dtoghchán Westminster in 2005, fuair siad 24.3%.
Anois, tá Martin McGuinness ina LeasChéad-Aire agus tá ceathrar airí acu as an dáréag atá san Fheidhmeannas ó thuaidh.
Tá siad anois san áit a shantaigh siad, lámh acu ar stiúir na cumhachta – i gcuideachta a gcomhghleacaithe – agus iad ag treabhadh leo i dtreo an bhua.
Nó an bhfuil?
Le tamall anuas, tá an chuma ag teacht ar an scéal go bhfuil an fhéinmhuinín a bhí ag Sinn Féin caillte i gcathair ghríobháin Stormont.
Tá cúrsaí socair go leor sa Roinn Talmhaíochta faoi stiúir Michelle Gildernew ach tá daoine ar lorg substaint éigin taobh thiar de na Chuckle Brothers; tá Caitríona Ruane thar a riocht sa Roinn Oideachais; beidh ar Conor Murphy táillí uisce a thabhairt isteach.
Mianta agus riachtanaisAr an drochuair do Shinn Féin, tá an pobal náisiúnach ag dúil le torthaí dearfacha uathu. D’fhulaing an pobal sin fríd 35 éigin bliain na dTrioblóidí, gan trácht ar an leatrom a imríodh orthu ó cuireadh an stat ó thuaidh ar bun, agus tá siad anois ag dúil le cur i gcrích na mianta agus na riachtanas atá acu, a oiread le gach saoránach eile.
Ach ní fheiceann siad mórán dul chun cinn.
Diúltaíodh d’Acht na Gaeilge (agus ag an am chéanna, tá an tAire Cultúir i Meiriceá ag spré shoiscéal na hUltaise) agus tá lucht tacaíochta traidisiúnta an pháirtí ag éirí míshuaimhneach – cúntóirí ranga nach bhfuair tacaíocht ón pháirtí agus iad ar stailc anuraidh; lucht na Gaeilge ó thuaidh fán díobháil dul chun cinn ar Acht na Gaeilge agus scor an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, agus anois tá cuid de phobal Bhóthar na bhFál ag cur ceisteanna faoi chumas an pháirtí feabhas a chur ar a saol laethúil. Is rud amháin é bheith ag streachailt le hÉire Aontaithe a bhaint amach, ach scéal eile é níos mó airgid a chur i bpócaí daoine bochta, jabanna fiúntacha a chur ar fáil dóibh agus cosaint a thabhairt dóibh ó na bligeaird óga atá á gcrá gach lá den tseachtain.
Ionsaí SquinterAn buille ba throime a bualadh ar Gerry Adams agus a pháirtí ná an t-ionsaí fíochmhar a rinne an scríbhneoir Squinter orthu ina cholún clúiteach ar an Andersonstown News coicís ó shin.Níor pháipéar riamh é a bhí trom ar Shinn Féin – b’ionann líne an pháirtí agus líne an Andytown News go minic agus sin an fáth ar chuir sé iontas ar dhaoine gur cuireadh an locht go neamhbhalbh ar an pháirtí agus ar Adams go speisialta go bhfuil ainriail ann go forleathan ar Bhóthar na bhFál.
Scríobhadh an colún tamall i ndiaidh do ghrúpa ógánach ionsaí fíochmhar a dhéanamh ar iarphríosunach poblachtánach, Frank "Bap"* *McGreevy, ina theach cónaithe, ionsaí a thug a bhás. Tharla sé seo cúpla mí i ndiaidh do Harry Holland bás a fháil nuair a sháigh déagóir scriúire isteach ina chloigeann.
“If a week is a long time in politics, then 20 years is the Upper Palaeolithic Age. It is in that same 20-year period that the slow, steady decline into chaos in certain parts of West Belfast began, and it was on his watch that it has gathered pace to become the runaway train that it is today,” a scríobh Squinter.
“GUBU” a bhí ann go scríobhfaí a leithéid ar an Andersonstown News.
Níl sé féaráilte an locht a chur ar pholaiteoir amháin – agus admhaíonn Squinter nach bhfuil aon duine gan locht – ach seo páirtí a bhuaigh cúig shuíochán Tionóil as sé cinn in Iarthar Bhéal Feirste; tá siad gach áit, i ngach grúpa, i ngach eagraíocht eacnamaíoch, cultúrtha, forbartha, cibé. Is é an páirtí is mó i gComhairle Bhéal Feirste é Sinn Féin agus anuas ar na daoine tofa, tá arm apparatchik ag feidhmiú ar a shon – ach ní thig leo a dhath a dhéanamh fán ainriail atá ag scrios cuid de thoghcheantar Iarthar Bhéal Feirste nó infheistíocht fhiúntach a mhealladh go hiarthar na cathrach.
Cén tionchar a bhí ag alt Squinter?
Baineadh an t-alt de shuíomh gréasáin an Andersonstown News agus gabhadh leithscéal le Gerry Adams!
The Andersonstown News accepts that the tone and the timing of the Squinter article last week, during a period of community mourning, was inappropriate and unnecessary and apologises to Gerry Adams and our readers for any hurt caused – Ed.
Dá mbeadh cumhacht mar sin ag gach polaiteoir in Éirinn ...Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.