D’fhoghlaim Shanti Hofshi an Ghaeilge i gCalifornia, agus bhí sí ar a thoil aige nuair a leag sé cos ar thalamh na hÉireann den chéad uair.
An rud a tharraing m’aird an chéad uair ar an nGaeilge ná eachtra a tharla nuair a bhí mé ag staidéar san ollscoil. Bhí sé mar dhualgas orainne a bhí i Roinn na Teangeolaíochta cuidiú leis na hollúna na ranganna a mhúineadh nó na scrúduithe a cheartú. Bhí cúrsa féinteagaisc ann le haghaidh na mac léinn a bhí ag iarraidh teangacha a fhoghlaim seachas na cinn a bhí sna gnáthchúrsaí. An jab a bhí agamsa ná scrúduithe béil a chur ar na mic léinn. Ach faraor, ní raibh mé in ann an aibítir Ghaelach a léamh agus, dá bhrí sin, níorbh fhéidir linn an teanga a thairiscint an bhliain sin (ceapaim nach raibh sí le fáil go minic, ach an oiread).
Is é an ceol an dara rud a spreag mé chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Bhí an-suim agam i gcónaí i gceol tíre Mheiriceá agus i gceol traidisiúnta as tíortha eile. Thaitin an ceol Gaelach go mór liom, go háirithe an sean-nós agus ceol na feadóige. Is cuimhin liom turas a rinne mé agus mála lán feadóg stáin agus leabhar amhrán liom.
Rinne mé corriarracht an teanga a fhoghlaim, ó Buntús Cáinte, Teach Yourself Irish agus a leithéid. An fhadhb a bhí agam i gcónaí, áfach, ná go raibh mé ag iarraidh a bheith ag foghlaim na Gaeilge gan teagmháil a bheith agam le lucht labhartha na teanga.
Rugadh agus tógadh i ndeisceart Chalifornia mé. Chaith mé an-chuid de mo shaol i San Diego, cathair fhíorálainn gar don teorainn le Meicsiceó, agus an áit a bhfuil cónaí orm faoi láthair. Ba mhór an t-ionadh agus an lúchair a tháinig orm nuair a chonaic mé go raibh rang Gaeilge ar siúl i mo chathair féin, i dTeach na hÉireann, ionad cultúrtha atá suite ar imeall páirce poiblí darb ainm Balboa Park. Faoi dheireadh, bhí deis agam an teanga a chloisint agus a chleachtadh le daoine eile! Rang ag an mbunleibhéal a bhí i gceist, agus ba thosaitheoirí an chuid is mó de na daltaí (mé féin san áireamh). Chrom mé ansin ar an teanga a fhoghlaim i ndáiríre. Cheannaigh mé leabhair ghramadaí, foclóirí agus téipeanna. Bhí mé i gcónaí ag léamh nó ag éisteacht leis an teanga. Rinne mé an-dul chun cinn sa teanga ag an am sin.
Is iontach an áit é Teach na hÉireann. Is ceann de thart ar fiche teach sealadach é, a tógadh i 1935 le haghaidh an taispeántais California Pacific International Exposition. Tá sé ann fós, agus ranganna Gaeilge, staire agus ceoil á soláthar ann leis na blianta. Tá go leor múinteoirí Gaeilge tar éis múineadh sa teach céanna. Ba é Mick Ward, úinéir tí tábhairne sa cheantar, an chéad mhúinteoir a bhí agam féin. Bhí ráfla ann go bhfaigheadh aon duine a d’ordódh deoch as Gaeilge ar leathphraghas í, rud nár dheimhnigh mé riamh.
D’éirigh Mick as an múinteoireacht, agus iarradh ar Thomás Page múineadh ina áit. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é Tomás. Tá ceangal láidir aige féin agus ag a mhuintir le cultúr agus teanga na hÉireann. Ba é an píobaire cáiliúil Dáithí Page a athair. D’aistrigh a uncail Bunreacht na hÉireann go Gaeilge na blianta ó shin. Tá cur chuige múinteoireachta faoi leith ag Tomás. Bíonn na daltaí ina chuid ranganna an-ghníomhach agus bíonn orthu a bheith ag éisteacht, ag caint, ag canadh, fiú, as Gaeilge. Baineann sé úsáid go rialta as comhráite agus as drámaí beirte.
Dráma as Gaeilge
Dhá bhliain ó shin léirigh baill an ranga dráma as Gaeilge ar an stáitse. Scéal éadrom fantaisíochta a bhí ann, fite fuaite le ceol agus damhsa. D’úsáid na haisteoirí agus ag na hamhránaithe go léir an Ghaeilge, ach cuireadh míniú as Béarla ar fáil i ndiaidh línte na n-aisteoirí. Bhí an amharclann lán (bhí thart ar 500 duine i láthair) agus fuair an dráma moladh ard, cé nach raibh Gaeilge ag mórán dár lucht féachana. Tar éis an dráma a chur ar an stáitse, rinneamar scannán de agus bhunaíomar eagraíocht chun an teanga a chur chun cinn trí mheán na drámaíochta. Tá rún againn athléiriú a dhéanamh den dráma an bhliain seo chugainn. Tá eolas faoin eagraíocht a bhunaíomar agus faoin dráma féin le fáil ar www.aislingtroupe.com..
Ba é Tomás a spreag mé chun freastal ar chúrsa samhraidh coicíse ag Áras Mháirtín Uí Chadhain, ar an gCeathrú Rua i gConamara. Bhain mé an-taitneamh as an rang, as an gceantar agus as an gcomhluadar a bhí agam leis na daltaí eile (Éireannaigh den chuid is mó). Rinneadh an teagasc go léir as Gaeilge, agus rinneamar ár seacht ndicheall gan Béarla a labhairt, fiú amháin nuair a bhíomar sa teach tábhairne. Lena chois sin, bhí seans agam labhairt le bunadh na háite cúpla uair sna tithe tábhairne. Daoine deasa cairdiúla a bhí iontu uilig. I ndiaidh an chúrsa, rinne mé turas seachtaine timpeall na tíre. Is tír álainn í Éire, go díreach mar a shamhlaínn í, nó níos deise fós. B’aoibhinn liom turas eile a dhéanamh sul i bhfad.
Lean mé ar aghaidh le mo chuid staidéir. Is mór an chabhair é an t-idirlíon nuair atá duine ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim, go háirithe muna bhfuil cónaí air in Éirinn. Bíonn cláracha raidió agus teilifíse, nuachtáin, irisí, cláracha plé, scéalta agus ceachtanna le fáil saor in aisce, ach cúpla nóiméad a chaitheamh ag baint úsáide as inneall cuardaithe. Is féidir leabhair as Gaeilge a cheannach, pé tír ina bhfuil cónaí ort. Is dócha go bhfuil ciste maith airgid déanta ag Litriocht.com (an siopa leabhar ar líne) ón méid leabhar agus téipeanna atá ordaithe agam uathu.
Le dhá bhliain anuas, tá mé féin ag múineadh an bhunchúrsa Ghaeilge i dTeach na hÉireann agus Tomás ag múineadh dhá rang eile, ceann ag an meánleibhéal agus ceann ar an ardleibhéal. Tá breis is tríocha dalta ag freastal ar na ranganna faoi láthair, agus gach saghas duine i gceist. Tá Éireannaigh ann, daoine de bhunadh Éireannach, agus daoine nach bhfuil aon bhaint acu le hÉirinn seachas an tsuim atá acu sa teanga nó sa chultúr. Tagann páistí, déagóirí, daoine proifisiúnta agus daoine atá éirithe as a gcuid oibre. Bíonn an-spraoi go deo againn, mar is daoine den scoth iad a fhreastalaíonn ar na ranganna, agus is spéisiúil na cúiseanna a bhíonn acu leis an Ghaeilge a fhoghlaim.
Suímh ghréasáin:
Aisling Irish Language and Dance Troupe: www.aislingtroupe.com House of Ireland: www.irish-cottage.net