AR NA SAOLTA SEO
Seomra 220
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Sa chlár teilifíse “Room 101” (a bhíonn le feiceáil ar BBC 2) faigheann aíonna deis rudaí nach maith leo sa domhan seo a chur isteach sa seomra áirithe sin chun fáil réidh leo. Samhlaíonn Robert McMillen céard a tharlódh dá mbeadh leagan Gaeilge ann den chlár.

Íomhá
An tUasal Paul Merton
Íomhá
Sir Ronnie Flanagan
Íomhá

Paul Merton: Dia daoibh a chairde agus bhur gcéad fáilte isteach chuig leagan Gaeilge de chlár an BBC, “Room 101” - “Seomra 220”. Is é an t-aoi atá againn anocht ná AN Other, gnáthshaoránach de chuid na Sé Chontae, a chuirfeas síos ar na rudaí is measa leis sa tsaol seo. Má aontaím leis, cuirfidh mé fáth a bhuartha isteach i Seomra 220.

AN Other: An chéad rud ba mhaith liom réitithe a fháil dóBrainse Speisialta an PSNI/RUC.

PM: Cén fáth?

ANO: Le tríocha bliain anuas tá tionchar mailíseach ag an scata fear seo - 100 faoin chéad Protastúnach a bhfuil dlúthbhaint acu leis na Máisiúin - atá saor ó smacht, atá ina “fhórsa taobh istigh de fhórsa” a bhfuil líomhaintí seanbhunaithe agus forleathana curtha ina leith gur chuidigh siad le dúnmharaithe agus le coireanna eile, gur úsáid siad paramílitigh dhílseacha le hionsaithe a dhéanamh agus go ndearna siad a ndícheall moill a chur ar an dul chun cinn polaitiúil.

PM: Ach nár shábháil siad beatha na mílte duine sa choimhlint ó thuaidh?

ANO: Sin an rud a deir siad ach an bhfuil a fhios ag duine ar bith an bhfuil sé fíor? Tá fianaise ag teacht amach diaidh ar ndiaidh go raibh baill an Bhrainse Speisialta páirteach in imeachtaí mídhleathacha, dúnmharú san áireamh. Tá sé ina ábhar conspóide cé acu a dtiocfadh leis an RUC stop a chur le buama na hÓmaí nó nach dtiocfadh dá scaoilfeadh an Brainse Speisialta an t-eolas a fuair siad ó Kevin Fulton. Glacann go leor daoine leis go dtiocfadh leo bás Pat Finucane a stopadh. Tá fianaise ann go dtug siad amach gunnaí do dhílseoirí ar baineadh úsáid astu le Caitlicigh - ach ní Caitlicigh amháin - a mharú.

PM: Ach seo bolscaireacht de cuid na bpoblachtánach cáidheach.

ANO: Leithéidí Johnson Brown?

PM: Cé?

ANO: Iarbhall de CID an RUC é Jonty Brown a bhí i láthair nuair a d’admhaigh spiaire de chuid an Bhrainse Speisialta gur mharaigh sé an dlíodóir Pat Finucane. Cuireadh an admháil ar théip amháin de dhá théip a rinne an RUC ag an am. Nuair a thug Brown an t-eolas seo d’fhiosrúchán Stevens, cuireadh mionnú éithigh ina leith mar nach raibh admháil ar bith ar téip. Níor thug an Brainse an téip a raibh an admháil air do Stevens mar go raibh siad ag baint úsáide as an spiaire mar ghníomhaire dá gcuid féin. Measann Brown gur scrios an Brainse Speisialta an téip a raibh an admháil uirthi. Síleann sé anois go bhfuil sé i gcontúirt a mharaithe ag dílseoirí faoi stiúir an Bhrainse Speisialta. Agus ní Mad Provie ar bith é David Cook, an chéad Ardmhéara Caitliceach ar Bhéal Feirste agus iar-cheannaire Pháirtí an Alliance a dúirt go measann sé gur mó an dochar ná an mhaitheas a rinne siad.

PM: Ach fear iontach deas Ronnie Flanagan. Ní ligfeadh sé dá leithéid tarlú.

ANO: Bhí Flanagan ina shairsint i stáisiún Castlereagh, an t-ionad diancheastóireachta, a raibh an-droch-chlú air sna 1970í agus 1980í. Bhí sé ina bhall den Bhrainse Speisialta nuair a maraíodh Pat Finucane, agus níos moille, bhí sé ina cheannaire ar an Bhrainse. Chomh maith leis sin, tá baill aistrithe ag Flanagan ón Bhrainse go dtí ranna eile sa PSNI, ag cinntiú go mbeidh amhras ann i gcónaí maidir le modhanna oibre agus eiticí na ndaoine seo. Agus ba mhaith liom na ceamaraí sin - nach raibh ar siúl nuair a bhris an triúr gadaí isteach in Castlereagh an mhí seo caite; thug gríosáil do bhall den fhórsa; chuaigh fríd comhaid an-rúnda ar feadh 10-30 bomaite; sciob a raibh de dhíobháil orthu agus d’imigh - a chur i Seomra 220.

PM: Ach tá dhá fhiosrúchán ar siúl faoi láthair a thiocfas ar an fhírinne.

ANO: Aye, dead on. Is fiosrúchán é an chéad cheann atá faoi stiúir na seirbhíse póilíneachta ar cuid de an Brainse Speisialta, agus tá an ceann eile faoi stiúir Sir John Chilcot a bhfuil an-bhá aige le fórsaí rúnda slándála na Breataine. Déanfaidh an bheirt seo an rud is lú a dhéanfas damáiste do struchtúr an chórais slándála. Fiú, má dhamnaítear aon duine as an bhriseadh isteach seo, má phléadálann siad go raibh siad ag obair ar son “an Leasa Náisiúnta”, ba doiligh iad a chur i bpríosún.

PM: Ach is rud nua é seo atá ag teacht chun cinn i ndiaidh Thuarascáil Patton.

ANO: Contráilte. Nuair a tugadh an t-imtheorannú isteach i 1971, thug an Brainse Speisialta ainmneacha 450 duine (náisiúnaithe iad uilig) d’Arm na Breataine a thug ruaigeanna ar cheantracha Caitliceacha agus a thóg 342 fear. Bhí an t-eolas a sceitheadh i bhfad as dáta agus tógadh an t-ilomad fear nach raibh baint dá laghad acu leis an IRA. Tá a fhios againn uilig an drochthionchar a bhí ag an imtheorannú ar chúrsaí an tuaiscirt. Agus bhí an Brainse ar obair i bhfad roimhe sin fosta.

PM: Ach thig leis an Bhord Póilíneachta aon drochiompar a stopadh.

ANO: A mhalairt atá fíor. Sin an fáth gur chuir John Reid fiosrúchán Chilcot ar bun: sa dóigh is nach mbeidh seans ag na natives súil a a chaitheamh ar eolas a thabharfadh le fios go raibh na fórsaí slándála i mbun feachtais sceimhlitheoireachta iad féin le tríocha bliain anuas. Tá an-dochar déanta don Bhord agus Sinn Féin ag gnóthú as.

PM: Okay, okay. Ta an ceart agat. Isteach i Seomra 220 leis an Bhrainse Speisialta.

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.