Chaith Liz Curtis tréimhse thaitneamhach i nGaeltacht na hAlban níos luaithe i mbliana.
An raibh tú riamh sa cheantar thart ar na sléibhte ar a dtugtar Am Monadh Ruadh, thuas i nGaeltacht na hAlban? Ceantar álainn fiáin atá ann, a mheallann na mílte duine i rith na bliana, daoine ar maith leo sult a bhaint as an saol faoin spéir.
Rinneadh Pàirc Nàiseanta a’ Mhonaidh Ruaidh as an cheantar sin i mí Mheán Fómhair 2003. Is í an pháirc náisiúnta is mó sa Bhreatain - 3,000 ciliméadar cearnach an méid atá inti. Clúdaíonn sí limistéar ollmhór idir sráidbhaile Dhail Chuinnidh sa deisceart, Baile Ur nan Granndach sa tuaisceart, agus Bealadair san oirthear.
Tá réimse iontach rudaí le déanamh sa cheantar sin. Bíonn sciáil ar fáil sa gheimhreadh agus san earrach, seoltóireacht agus curachóireacht agus faoileoireacht sa samhradh, agus dreapadóireacht, siúl sléibhe agus rothaíocht sléibhe an bhliain ar fad. Chomh maith leis sin, má fhaigheann tú an leabhrán seachtainiúil *What’s On *ón oifig turasóireachta san Aghaidh Mhòr - an sráidbhaile atá mar chroí an cheantair - is féidir fáil amach faoi roinnt mhaith rudaí eile atá ar siúl, mar chéilithe, cainteanna agus siúlóidí eagraithe.
Agus mé ar cuairt san áit san earrach, chuaigh mé ar chúpla siúlóid eagraithe a thaitin go mór liom. Ní hamháin go bhfuair mé roinnt eolais faoin timpeallacht, ach bhuail mé le daoine deasa freisin.
Reáchtálann na Highland Rangers roinnt mhaith siúlóidí. Is daoine iad seo atá eolach ar an timpeallacht agus atá fostaithe ag scéim de chuid Chomhairle Na Gàidhealtachd agus Scottish Natural Heritage.
Chuaigh mé ar cheann de na siúlóidí sin agus bhí oibrí óg díograiseach darbh ainm Corinne Hambly mar threoraí uirthi. Bhí thart fá 15 nó 20 duine sa ghrúpa, agus meascán maith ann - pinsinéirí agus daoine óga, daoine tanaí agus daoine ramhra, daoine folláine agus daoine a bhí ag streachailt.
Shiúil muid suas ar chnoc mór darb ainm Craig Eileachaidh, in aice leis an Aghaidh Mhòr. Tá na fánaí measartha géar agus clúdaithe le beitheanna. Ar an bharr tá creig ar a gcónaíonn seabhaic sheilge. “Is é an t-éan is gaiste dá bhfuil againn,” arsa Corinne.
An rí rua
Agus muid ag siúl, chuala muid ceol an rí rua. “Foghlaimíonn an rí rua a chuid ceoil,” a deir Corinne, “mar sin, tá blasanna réigiúnacha acu.” Dúirt sí freisin: “Is fearr leis an rí rua a bheith ag canadh ná bheith ag troid.”
Feiceann muid éan go hard sa spéir atá i bhfad níos cogaíche - an cromán. Arsa Corinne: “Nuair a bhíonn an cromán i mbun cúirtéireachta, faigheann sé greim ar choinín, eitlíonn sé bunoscionn agus tugann sé dá leathéan é.”
D’amharc Corinne ar chrann beag a raibh damáiste déanta dá stoc. “Bhí fia odhar anseo a raibh tochas ina bheanna,” arsa Corinne. “Chuimil sé den chrann iad. Tá an fia odhar beag agus caoindéanta agus tá an fia rua cosúil le bó mhór de chuid na sléibhte.”
Chonaic muid dhá fhia odhar agus iad ag léim uainn, a bprompaí bána ag preabadach.
“Cuireann a bprompaí mearbhall ar ainmhithe creiche,” a mhínigh Corinne. “Sa lá atá ann inniu ann, níl ainmhithe creiche acu, ach dhá chéad nó trí chéad bliain ó shin bhíodh mic tíre anseo. Anois, tá cait fhiáine ann, ach níl siad mór go leor le tabhairt faoi fhia. Mar sin, níl smacht nádúrtha ar na fianna anois, ach níl na fianna odhar ina bhfadhb mhór ar aon chaoi.”
Lean sí ar aghaidh: “An t-ainmhí creiche is fíochmhaire atá againn anois ná an easóg. Is féidir léise coinín a sháinniú atá dhá uair níos mó ná í féin.”
Bhí crainn mharbha ina luí ar an talamh anseo is ansiúd. “Coinníonn crainn mharbha cuid mhór rudaí beo,” a deir Corinne. “Mar sin, ní gá i gcónaí fáil réidh leo.”
Aimsíonn sí fungais de chineálacha éagsúla, agus crotal freisin. “Tá cuid mhór crotail anseo, mar go bhfuil an t-aer iontach glan,” ar sise.
Tá an-suim ag Corinne sa chrotal. “Tá sé cosúil le ceapaire. Tá fungas ar an dá thaobh, cosúil leis an arán, agus tá algaí sa lár.”
Tógálach
Tá Corinne lán díograise, díograis atá an-tógálach. Sábhálann sí seilide atá ina luí ar an chosán. Taispeánann sí sciathán leathair marbh dúinn atá á iompar thart aici i mbosca beag.
“Itheann an ialtóg fheascrach trí mhíle corrmhioltóg in oíche amháin,” ar sise.
Tá clú agus cáil ar chorrmhioltóga Ghaeltacht na hAlban, ar ndóigh. “An dóigh is fearr leis an ruaig a chur orthu,” arsa Corinne, “ná do lámha a chuimilt le raideog.” (Seans maith gur sin an fáth a gcuireadh muintir na Gaeltachta píosaí raideoige ina gcaipíní.)
Nuair a bhain muid barr an chnoic amach, d’athraigh an tírdhreach. Ní raibh crainn ann níos mó - ní raibh le feiceáil ach fraoch agus carraigeacha. Bhí an cosán géar agus sleamhain. D’éirigh an aimsir níb fhuaire agus bhí gaoth agus sneachta ann.
Sheas muid ar an bharr agus d’amharc muid trasna Shrath Spè. Bhí fíor na sléibhte le feiceáil go doiléir i bhfad uainn.
Dúirt muid le chéile agus muid ar crith: “Bheadh radharc ar dóigh ann - lá éigin eile!”
Ar an bhealach síos, chuaigh mé i mbun comhrá le lánúin chairdiúil ó Dhùn Deagh darbh ainm Charlie agus Kathleen. Bhí siad ar saoire sa cheantar, ag stopadh i lóistín leaba agus bricfeasta. Dúirt siad go raibh a mac ina chónaí i mBéal Feirste agus ag obair le grúpa pobail.
Thug Charlie agus Kathleen cuireadh dom dul fá choinne cupán tae leo i gcaife san Aghaidh Mhòr. Bhí mé breá sásta glacadh leis an chuireadh sin, a chuir deireadh deas leis an lá.
Tá tuilleadh eolais le fáil faoin pháirc náisiúnta ag: www.cairngorms.co.uk
Más mian leat leaganacha Gàidhlig a fháil de logainmneacha na hAlban, téigh chuig: www.smo.uhi.ac.uk/gaidhlig/faclair/sbg/lorg.php
Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.