Déanann Colm Ó Snodaigh cur síos ar oíche dhraíochtach ag seinm leis an gceoltóir Oki ina cheantar dúchais sa tSeapáin.
Deirtear gur faoi thalamh a d’imigh na Tuatha Dé Danann nuair a cloíodh iad i gcath le muintir Aimhirgin. Ní fios an bhfuilid ann go fóill, fúinn, faoi cheilt, ag fanacht go dtugtar seans dóibh teacht chun solais arís.
Ashikawa
Táimid spíonta. Tá deireadh an turais tagtha – slán fágtha againn le Jean Butler agus leis an mbeirt a bhí linn ó Plankton, an comhlacht a d’eagraigh ár dturas. Táimid ar oileán Oki, Hokkaido, ag taisteal chuig a chathair, Ashikawa. Tá ceolchoirm rúnda eagraithe aige. Tá sé ag glaoch “Ainu Dance Party” air. Tá fonn orainn seinnt dá phobal ach tá muid bloody spíonta.
Sroichimid Ashikawa – tá sé díreach cosúil le haon chathair liath timpeall an domhain. Ach go tobann casaimid isteach i gclós a bhfuil seanfhoirgnimh timpeall air. Seo an áit a bhfuilimid le bheith ag seinnt. Seaniarsmalann Ainu, ionad beag turasóireachta, cuma na gcaogaidí air, cuma shean. Trasna ón halla beag tá tigín traidisiúnta déanta de thuí. Tugtar cuireadh dúinn suí cois tine ann agus ceann de shearmanais sheanda an Ainu a roinnt le hOki, a theaghlach agus Kenato, úinéir agus riarthóir na hiarsmalainne.
Siúlaimid timpeall. Níl muid spíonta a thuilleadh. Táimid i lár Thír na nÓg, Tír na nAinu. Domhan faoi cheilt.
I 1997 ritheadh dlí i bParlaimint na Seapáine a thug aitheantas oifigiúil don treibh Ainu den chéad uair riamh. Ó 1868, nuair a thug an rialtas cead don Seapánach tailte an oileáin, Hokkaido, a phlandáil, tugadh neamhaird orthu, cuireadh brú orthu a bheith “Seapánach”, deineadh iarracht a gcultúr a bhá, bailíodh an-chuid acu le chéile agus seoladh go reservations iad ar nós na nIndiach Rua. Tháinig teip ar an tsochaí Ainu. Cailleadh seantraidisiúin. Thosaigh an teanga ag meath. D’imigh an-chuid acu faoi thalamh.
Tá cónaí ar bhreis is trí milliún duine ar Hokkaido. Deirtear nach bhfuil ach 24,000 duine de bhunadh Ainu ann. Nuair a d’imigh scoláirí an 20ú haois ag lorg na teanga agus úsáid na teanga sa ghnáthshaol, is beag rian di a fuaireadar. Ach de réir mar a thosaigh an Ainu ag lorg cearta sibhialta agus aitheantais, thosaigh na scoláirí ag tabhairt faoi deara go raibh an teanga fós beo – í go mór i mbaol a báis ach beo. An fáth nár tugadh faoi deara í roimhe sin ná nár labhraíodh an teanga go poiblí toisc náire agus faitíos a bheith ar na daoine go n-úsáidfí an teanga ina gcoinne i gcúrsaí fostaíochta agus araile.
I dTóiceo a d’fhás Oki aníos. Ar éifeachtaí speisialta a d’oibrigh sé i Nua-Eabhrac agus ar ais arís i dTóiceo. Timpeall an ama a thit a phósadh le Gael-Mheiriceánach rua-ghruagach, as a chéile, chaill sé a phost agus thit an tóin go huile agus go hiomlán as a shaol. Chuaigh sé go hAshikawa, chuig Kenato, seanchara lena athair, agus chuir ceist air, “Cad a dhéanfaidh mé le mo shaol?”. Chuir Kenato a lámh siar agus rug greim ar uirlis cheoil traidisiúnta an Ainu. “Seo dhuit,” ar sé. “Cén fáth nach seinneann tú é seo?”
Bhí seinnt an Tonkori tar éis bás a fháil ach thosaigh Oki ag éisteacht le pé taifeadtaí a bhí déanta roimhe sin agus thosaigh ag labhairt le seanóirí ar chuimhin leo conas a sheinntí an uirlis. Tá an uirlis á seinnt anois i measc an phobail. Tá níos mó Tonkori á ndéanamh gach lá agus i lámha ábalta Oki tá an uirlis tar éis an domhan a thaisteal, ag canadh amhráin an Ainu.
Tá an soundcheck fada. Níor chuala an fear fuaime na huirlisí atá againn cheana féin. Tá an tuirse tagtha ar ais. Tosaíonn an slua ag teacht isteach. Táimid cinnte go bhfuil scéalta cloiste acu faoin ngrúpa moncaithe Éireannacha a sheinneann ceol spleodrach, a rinne taifeadadh le hOki agus a d’fháiltigh roimh a chultúr, a theanga agus a cheol. Suímid go ciúin cúl stáitse. Is oíche mhór í seo d’Oki. Teacht abhaile de shórt.
Tosaímid. Tá linn. Tá luascadh an cheoil inár gcuislí. Tá Oki ar a shuaimhneas. Tá sé ag caint lena phobal. Tá an pobal breá sásta. Tá gliondar agus ceiliúradh san oíche. Breathnaím timpeall ar an slua. Tá seanbhean suite ar thaobh an halla agus bean níos óige in aice léi. Táid beirt ag éisteacht go cúramach.
Tosaím ag smaoineamh faoi “Aisling Gheal”. Amhrán mór Chúil Aodha. Bhí an t-amhrán dhá chéad bliain marbh gur thóg Seán Ó Riada ar ais isteach sa phobal é. Rinne Iarla Ó Lionáird taifeadadh air ar cheirnín de chuid Chór Chúil Aodha go luath sna seachtóidí faoi stiúir mhac Sheáin, Peadar. Bhuail mé le DJ Gearmánach ón stáisiún clúiteach ceoil Raidió Bremen a chreid go raibh an t-amhrán ar aon dul le “Non, Je ne Regrette Rien” le hEdith Piaf nó aon cheann de mhóramhráin an chéid seo caite.
Tá an oíche ag teacht chun deiridh. Críochnaímid le “The Last Mile Home”. Sa taifeadadh den amhrán sin a rinneamar le hOki, chan sé cúpla véarsa den amhrán sa teanga Ainu. Anocht canaimid an t-amhrán le chéile. Cím meangadh ag teacht chuig béal na mná óige. Aithníonn sí an t-amhrán. Cím í ag tarraingt ar mhuinchille na seanmhná. Tagann meangadh chuig a béal siúd chomh maith. Tá an t-amhrán beo. Tá spiorad na dTuatha Dé Danann tar éis teacht chuig Ashikawa! So, sin an áit ar imíodar!