AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Seal le Dead Eye O’Dea

Caitheann Balor a shúil nimhe ar chuid de mhórimeachtaí na Gaeilge agus na tíre i gcoitinne le tamall anuas.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill
Íomhá
Íomhá

Ní lia duine ná tuairim,” a deir Balor an Buaiceálaí Bóisceálach, “agus ní luaithe daoine faoi agallamh eisiach agamsa ar Beo ar Éigean ná go mbíonn alt rialta acu in iris mhíosúil na Gaeilge, Saol an Fhorais. A luaithe agus a léigh Colma Ó Toirneach an t-agallamh a chuir mé ar Codger agus Dodger, thairg sé alt in aghaidh na míosa don bheirt bhligeard ar liarlóg s’aigesean ar a deich n-oiread d’íocaíocht agus atá Balor Bocht ag fáil ó Éamó Ó Doornail ar an liarlóg seo! Agus níl iontu ach puipéid! Níl a fhios againn cé hiad i ndáiríre, murab ionann agus mé féin.

“Cé a dúirt go raibh an saol seo cothrom? Agus cé a shamhlaigh go dtiocfadh an lá nach mbeadh pictiúr den fhíor Joe Mac Donagh ag amharc amach go gealgháireach grianmhar orainn ar leathanach tosaigh Saol an Fhorais? Cén boc é sin a bhí ag drannadh amach orainn ón leathanach tosaigh an mhí seo a chuaigh thart? Cé eile ach Fear Dia Mac an Ali, an Maolcheann Milis. Deirtear go mbeidh sé ag feidhmiú go sealadach in áit an fhíor Joe Mac Donagh go dtí go gceaptar comharba Joe. Chuala mé nár labhair sé ach ar feadh trí huaire an chloig agus é ag gabháil buíochais le hÉamonn Ó Caoimhnis as a cheapachán eatramhach. Trí huaire an chloig? Níl sé ach in áit na leathphingine le hais an fhíor Joe Mac Donagh. Chuala mé cogar nach bhfuil Specsavers ná Colgate sásta an chomhurraíocht a bhí siad a dhéanamh ar an fhíor Joe Mac Donagh a dhéanamh ar Fhear Dia. An bhfuil Fear Dia corraithe faoi seo? Níl, ná baol air. ‘Tá mo chuid urraíochta féin eagraithe agam le Pedigree Chum – grrrrrrrr!’ a deir sé.”

Ár soraidh céad slán le Kevin Myarse atá imithe ar shlí na caorthainne – ní thiocfadh leat slí na fírinne a chur i leith an duine uasail, dar ndóigh, ach slí na caorthainne gan dabht. Agus é anois ag scríobh don Indo, beidh go leor aige le bheith ar caorthainn fá dtaobh de. Crothnóidh muid é go mór ó lár an Irish Times, agus ní dhéanfaidh muid dearmad go deo ar an dóigh a shábháil sé muid ón dearcadh contráilte, ó pheaca an uaibhris náisiúnta agus ón fhéinmheas Éireannach. Go n-eirí leat, a Chaoimhín Myarse, san áit ina mbeidh tú i measc mhuintir do chomhbharúla. Mar a dúirt do mháthair mhór mháthartha fút agus í ag tagairt dod’ chosúlacht le duine dá cairde: “Tá sé go léir Myarse!”

Colm bocht brúite O’Grangegorman! An fear donasach, doghrach, dramhsach, Pee Dee-ach! Nach sílfeadh duine go mbeadh níos mó céille ná sin ag an chréatúr? Ach níl. Micí Mealltach Mac Dúil, mar is dual dó, a chuir cogar i gcluais an chráiteacháin, mar a rinne sé roimhe le Perky Parlon. Cad é atá i ndán do O’Grangegorman? “Ní haon trófaí mise!” a bhí sé ag maíomh ar an tele. D’fhéadfá a rá nach aon trófaí é. Mar a dúirt an fear a dúirt ar an fhógra teilifíse do Tayto Crisps, fiú más One in Four atá ann: “There’s always One! There’s always One!”

Fuair Balor an Bhéil Bhinn cuireadh speisialta isteach go Sráid Uí Chonaill i lár Bhaile Átha Cliath maidin Domhnach Cásca. Bhí áit ar leith curtha in áirithe dó ag Íochtarán na hÉireann le bheith ag amharc ar an mháirseáil mhíleata. Cén áit a raibh an Tuairisceoir Tuisceanach Tarraingteach le bheith ina shuí ar a thóin mhór Ghaelach? In aice le hÍosa Mhic Ghiolla Mhuire? Taobh thiar di? Cúpla sraith uaithi? Ní hea, m’anam. Thuas ar bharr an bhosca ina bhfuil dealbh an Chroí Ró-Naofa i lár na sráide a bhí ár laoch, agus bean chráifeach sin an phaidrín fhada agus an bhéil mhóir ag scairtí air in ard a cinn ó thús deireadh na paráide. Ar a laghad bhí radharc ar dóigh aige ar mhaithe agus ar mhóruaisle na tíre seo agus na tíre eile in aice linn agus na tíre eile sin nach bhfuil in aice linn agus nach bhfuil muid chomh ceanúil air agus a bhíodh...

Ach bhí spás fá choinne beirte ar an bhosca, agus cé a bhí mar chomrádaí ag Balor ar bharr an bhosca ach Dead Eye O’Dea, an tAire Cosanta. “Cad tuige nach bhfuil tusa thuas ar an ardán in éineacht leis na hairí eile, a Dhead Eye?” a d’fhiafraigh Balor an Fiosraitheoir Fiafraitheach. “Ar mo bhealach suas a bhí mé,” arsa Dead Eye O’Dea, “nuair a chonaic mé an fógra mór a bhí crochta faoi bhun Fhorógra na Cásca ar cheann de cholúin Ardoifig an Phoist. “Cén fógra é sin?” a d’fhiafraigh an Tuairisceoir Tréan. “‘Hand In Your Irons’, a Bhaloir. Sin a bhí scríofa ar an fhógra. Agus, dar ndóigh, ní mhothaím go mbím gléasta i gceart ar chor ar bith gan m’Uzi i mo phóca clé agus m’Armalite i mo bhosca... i mo ballot... i mo phóca eile – gan trácht ar mo mhuifléad piléar thart ar mo mhuineál agus an dá Colt 45 i mo phócaí tóna. Ní thig liom suí go compordach gan na 45s a bheith faoi mo thóin!

“Ar scor ar bith, tá mé iontach sásta bheith amuigh anseo ar an tsráid in aice leatsa, a Bhaloir. Beidh muid ábalta gach rud a fheiceáil ón áit seo, agus beidh mé in ann a insint duit cé atá i ngach carr ag dul thar bráid. Féach an dá Beamer goidte sin ag dul suas síos an tsráid os comhair na paráide amach: sin iad an Ginearál Tommo agus an Major Mickser agus iad ag scaoileadh cúpla céad round salute lena chéile leis na sawn-off gráin-ghunnaí.

“Thuas ansin san áit ar chóir domhsa a bheith, sin é Uncle Gaybo atá anseo le súil a choinneáil ar an trácht, le cinntiú nach siúlann aon duine de na saighdiúirí a bheas as céim amach os comhair tanc nó carr iarnaithe.

“Thall ansin ar an taobh eile den tsráid tá scaifte d’easpaig Chaitliceacha agus d’easpaig Phrotastúnacha ina mbaclíne idirchreideamhach ag iarraidh a chinntiú nach gcasann aon chomplacht saighdiúirí ar dheis trí thimpiste. Bheadh contúirt ann go rachaidís isteach doras Anne Summers, tá a fhios agat a Bhaloir.

“Oops! Gabh mo leithscéal. Sin an fón póca ag bualadh. Fan bomaite. Hi Bertie. Ú. Á. Ó. Bhail, ceart go leor... Éist, a Bhaloir, ní miste domh imeacht. Deir Bertie liom go bhfuil cead agam dul ar ais go dtí an t-ardán agus mo chuid gunnaí a choinneáil liom, ar an choinníoll go suím in aice le Micí Mealltach Mac Dúil agus ceann de mo chuid gunnaí a scaoileadh leis trí thimpiste. Ooooops! Ná scríobh é sin, a Bhaloir. Ná scríobh sin!”

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.