Scéal forálach faoi bheith ag iarraidh do bheatha a thabhairt i dtír mar cheoltóir in Fuerteventura, le Colm Ó Snodaigh.
Bhí Bomber neirbhíseach nuair a thuirling sé den eitleán – Malaga. Níor ídigh an mothúchán mí-shocair ina bholg puinn nuair a shroich sé an tábhairne sa tacsaí. “O’Connor’s Irish Pub”.
Lasmuigh den tábhairne d’íoc sé fear an tacsaí, rug greim ar a mhála is a ghiotár, thóg anáil dhomhain agus isteach leis.
Chuaigh Eric go Fuerteventura, deich mbliana ó shin – an saol ciúin á lorg aige. Faoiseamh ó amaidíocht Lanzarote – deoch, damhsa, droch-chóicín, drochghnéas Agus níos measa fós - drochghigeanna. Theastaigh uaidh na seanamhráin a chanadh - “Father and Son”, “American Pie” - ach bhí stuif nua á lorg ag lucht an lágair ó Latharna, Learpholl, Lanark agus Luimneach. Oasis, U2 agus araile. Níor thaitin an ceol nua leis. Níor thaitin an meon nua leis. Níor oir a stíl “folkie” don ghlúin nua.
Na tábhairneoirí a rinne an cinneadh dó ar deireadh.
“Tá brón orm, Eric, ach caithfidh tú na hamhráin úra a chanadh. Níl an seanstuif ag oibriú.”
Bhí scéalta cloiste aige faoi Fuerteventura – seanóirí ar saoire ag lorg sos coicíse. Roinnt eile éirithe as an obair agus dúil acu sa saol éasca leamh leisciúil faoin ngrian. Bhí cloiste aige chomh maith go raibh gig nó dhó ann – táillí níos ísle ach saol níos éasca – céad slán le Lanzarote!
Bhí an tábhairne lán meisceoirí glóracha, ag canadh amhrán sacair. “Olé, olé, olé, olé.”
“Conas tá? Is mise Bomber. Tá mé le bheith ag seinnt anseo. An bhfuil Jó thart?”
Tháinig meangadh chuig béal an tábhairneora.
“Bomber! Iontach! Tá muid ag feitheamh ort. Tá an stáitse ullmhaithe againn duit. Tá gach duine ar bís le tú a chloisteáil. Suas leat.”
Bhreathnaigh Bomber ar an slua. Scata fear óg lán go pus le deoch. Ní raibh aon ní de dhíth orthu siúd, a cheap sé, ach tuilleadh dí. Ba chuma. Ceann síos. Ná déan gearán. Bhí jab le déanamh aige.
Agus é ag cur an ghiotáir timpeall a mhuiníl, chuimhnigh sé ar fhocail Jó agus é ag tabhairt cuiridh dó dul amach don samhradh.
“Trí mhí. Sin an méid. Sé lá sa tseachtain. Bia, deoch agus leaba don oíche. Gaineamh, grian agus girseacha. Dhera, déanfaimid star asat anseo.”
Anocht tá seisear ina suí go béasach i mbialann Mambo’s ag éisteacht le hEric.
“Ar mian le haon duine aon ní faoi leith a chloisteáil?” ar sé.
Ní fhreagraíonn siad.
“Aon duine? Bhuel, b’fhéidir gur cheart dom mo chóta a fháil agus dul abhaile, heh, heh, heh.”
Ní dhéanann aon duine gáire.
Canann sé amhrán de chuid na Everly Brothers. Tá a ghuth binn anocht ach tá iomarca “chorus” ar an ngiotár, an iomarca canadh déanta aige sna háiteanna seo, an iomarca mothúchán sna hamhráin seo le bheith canta go leamh os comhair seisir nach bhfuil spéis dá laghad acu in aon ní seachas an burgar ina mbéal agus an bheoir ina lámh.
Tchíonn sé an bainisteoir ag caitheamh súil ghéar mhíshásta ar leimhe na hoíche.
Tuigeann sé gur gá dó ardú suntasach a dhéanamh ar an mothúchán-mhéadar. Tosaíonn an paisean ag sileadh uaidh.
“Bhí tú ar fheabhas,” arsa Jó leis ag deireadh na hoíche.
“Focann ifreann,” arsa Bomber leis. “Tá an PA ina chac. Tá mé bodhraithe aige. Agus níor tháinig mé ar shlua chomh fiáin sin riamh. Éist, caithfidh mé ithe. An bhfuil greim bia le fáil anseo? Freisin, an bhfuil aon seans cúpla pingin a fháil uait – níl pingin rua agam.”
“Bia?” arsa Jó. “Ná bac le bia. Bíodh pionta agat. Agus ná bí buartha faoi phinginí – labhróimid faoi sin amárach.”
Thosaigh Bomber ag éirí imníoch.
“Éist, an bhfuil tú tuirseach?” arsa Jó leis arís. “Tá cúpla táibléad agam nó líne nó dhó den sneachta is fearr ar na hoileáin. Agus tig leat codladh ar an tolg nuair a fhágfaidh an slua. Tá sé breá compordach. Díreach don oíche anocht, an dtuigeann tú. A Chríost, bhí tú go hiontach. Beidh an áit plódaithe agat gach oíche. Deoch eile. Fuisce! Líne eile. Sneachta!”
“Bye bye Miss American Pie...”
Tá súile Eric ar oscailt an oíche ar fad. Tá sé ag súil go mbeidh Mrs Quirke ó Haselmere, Surrey ann anocht.
“Drove my chevy to the levee ...”
Chaoin sí aréir nuair a chan sé “The Fields of Athenry” – bhí sí pósta ar Éireannach tráth. Gheall sí go dtiocfadh sí. Bhí sí ar deargmheisce.
“ ...But the levee was dry.”
Thug sé póigín beag di.
“And good old boys were drinking whiskey and rye ...”
Ba é seo an t-aon bhealach éalaithe a bhí fágtha aige. Breith ar bhaintreach éigin a bhí sásta cónaí ar an oileán, cur suas lena bhealaí éasca.
“...Singing this will be the day that I die.”
Tá súile Eric ar oscailt an oíche ar fad. Tá sé ag súil go dtiocfaidh Mrs Quirke ó Haselmere, Surrey isteach anocht.
D’fhan Bomber oíche amháin eile in ifreann agus d’éalaigh abhaile gan tada a rá le Jó. B’in beagnach deich mbliana ó shin. Phós sé roimh an Nollaig agus tá sé féin agus a bhean ag súil le páiste i mí Mheán Fómhair. Tá sé ag múineadh ceoil anois. Tuigeann sé go raibh an t-ádh dearg leis gur éalaigh sé. Níor chuala sé scéal ó Jó nó faoi Jó ó shin.