CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Seal i Neipeal
Cathal Ó Searcaigh Cathal Ó Searcaigh

Is sliocht é seo as an leabhar nua taistil dar teideal Seal i Neipeal le Cathal Ó Searcaigh, atá á sheoladh an mhí seo.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Kathmandu

Tá an chathair seo iontach fáilteach, iontach fiosrach, iontach fiafraitheach. Mura n-éiríonn leat caidreamh a dhéanamh ar na sráideanna seo, ort féin an locht. Ní dhúnfar doirse an doichill romhat anseo, ach a mhalairt ar fad . . . osclófar iad le haoibh an gháire. Tá bunadh Neipeal oscailte, fial lena ndáimh. Tá siad cineálta, croíúil, agus is furasta cumann a dhéanamh leo. Tá siad beo bocht. An t-aon rud luachmhar atá acu le tabhairt duit ná a ngáire agus tugann siad sin go buíoch, beannachtach, gan fiacail a chur ann.

Tá dúil mhór agam a bheith ag spásáil thart le teacht na hoíche, ag baint suilt as saoithiúlacht bazaarach na sráide. Tá Kathmandu ag honkáil anocht, snagcheol preabach an tráchta i mo chluasa . . . i mo chéadfaí. Na ricseánna lena ngíoscán géar sacsafónach ar uchtóga an bhealaigh, seancharranna ag splutteráil agus ag spréachadh a gcuid trumpaí, gach coiscéim coise ina nóta maise, pléascánta ar phianó na bpavements. Dordán, siamsán, crónán, ag cuisliú chugam ó gach coirnéal. Seo rosc ceoil na cathrach, rapsóid ghorm an chlapsholais in Kathmandu. Mheasfá go raibh na sráideanna seo beag beann ar chóras pleanála. Cosúil le ceoltóir jazz a bhaineann searradh agus séideadh as fonn súchaite, tá na sráideanna seo ag imeacht leo le haer an tsaoil, solúbtha, spleodrach, súgach, ag baint castaí úra as a gcúrsa tromchúiseach nuair a bhuaileann an tiúin iad, ag súgaíocht le seanphleananna gan spionnadh nuair a thig spreang spreagtha orthu. Tá siad faoi dhraíocht ag a dtiúin dhiamhair féin.

Siúlaim thart sna sráideanna cúnga, rúnda seo in Chetrapati, in Thamel agus in Kantipath. Ní léir domh go bhfuil ainmneacha ar bith ar an chuid is mó acu. Anseo is tábhachtaí léargas ná léarscáil. Ar scor ar bith, is fearr liom go mór imeacht liom i mbéal mo chinn ar na sráideanna seo, gan fios agam an siar nó soir atá mo thriall. Lean do ghaosán go réidh, a deirim i dtólamh, agus tiocfaidh do thóin i do dhiaidh. Níl dóigh níos fearr le haithne a chur ar an chathair seo ná do chuid rámhaí a ligean le sruth . . . imeacht i mbéal na séibe . . . Ní aimseoidh duine é féin go deo go dtí go mbeidh sé i ndiaidh é féin a chailleadh ar dtús.

Is beag de sholas na gréine a thig a fhad leis na sráideanna seo. Súnn na tithe arda lena gcuid balcóiní an solas. Ach bíonn na sráideanna ag soilsiú le cuid sari na mban - glas olóige, buí-oráiste, spéirghorm. Niamhraíonn siad an tsráid lena gcuid dathanna. Gan trácht ar na ceannaithe éadaigh lena gcuid stainníní i ngach coirnéal . . . síoda . . . cadás . . . níolón - órbhuí, glasuaine, buíbhreac - chomh glé gleoite le spré solais ar sheoda . . .

Tá an tráchtáil sna sráideanna seo dírithe go huile agus go hiomlán ar thurasóirí. Is doiligh siúl síos an tsráid gan drong a bheith i do dhiaidh ag díol seo, siúd agus uile . . .

“You want hashish… very best I sell, sir, cheap.”

“You want money changed, sir, I am very trustable.”

“Welcome, sir! You want a guide. I am knowing it fully.”

Iad uilig ag iarraidh an dubh a chur ina gheal ort. Cuirim stuaic orm féin ag éisteacht leo, dreach diúltach atá chomh fada le Domhnach fliuch ar Oileán Leódhas, agus cailleann siad a ndíograis agus ar shiúl leo, creabhair na ngoba fada, chuig an chéad chuairteoir eile ag súil go n-éireoidh leo a gcuid pionsúr amplach a shá ina sparán.

Is iad na Caismírigh is measa. Iadsan atá i mbun bhunús na siopaí cairpéid in Thamel. Is doiligh iad a chur ó dhoras. Ba chruinne dom a rá go mbíonn sé dhá uair chomh doiligh dul ó dhoras s’acusan. Bíonn siad crúbach agus iad i mbun gnó. Nuair a fhaigheann siad greim ort téann siad i bhfostú ionat. Bíonn deilín na mbacach acu go minic agus iad ag margáil leat.

“Business no good, no selling today. I have much poor mouths to feed. This is my lucky day. You buy Kashmiri carpet . . . the very best . . . 5,000 rupees . . . cheap.”

Bíonn siad ag dréim leat trua a dhéanamh dóibh . . . Agus mura mbeadh a fhios agat a athrach b’fhéidir nach mbeadh ann ach bratóg gan dóigh a chaillfeadh a dhath agus a dhéanamh in aicearracht aimsire. Tá bunadh Neipeal iad féin amhrasach faoi na Caismírigh. “Is ionann cumann a dhéanamh le Caismíreach,” a deir siad, “agus tua a chrochadh os cionn do dhorais féin.”

Bainim an-spraoi as a bheith ag margáil leis na mangairí béal-líofa atá ag díol sceana na nGúrcach, seálta olla, seoda Tibéadacha, fidileacha agus feadóga ar chéimeanna na dteampall in Indra Chowak . . . saoltacht agus spioradáltacht ar comhchéim, d’fhéadfá a rá . . . ag meascadh le chéile chomh neamhchoireach, nádúrtha, neartmhar leis an uisce te agus an t-uisce fuar a bheas á meascadh agam ar ball beag sa chithfholcadán . . .

Tá mé á scríobh seo i mo sheomra sa Kathmandu Guest House . . . Seo ceann de na tithe aíochta is cáiliúla sa chathair - “A two-star hotel with a five star reputation” an mana atá acu. Tógadh an foirgneamh seo i bhfad ó shin agus tosaíodh óstán ann sna seascaidí nuair a bhí na *hippies, *teachtairí na mbláthanna agus an ghrá, ag teacht anseo ina slóite gleoite . . . le smailc an tsolais is an tsóláis a bhaint as dúidíní draíochta an tsléibhe. Cé go bhfuil smál ar a gclú anois, ba iadsan i ndáiríre a chuir eiteoga faoi thionscal turasóireachta na tíre seo.

Áras mórluachach de chuid na Rana a bhí sa teach seo tráth den tsaol - tógtha i stíl bheadaí nuachlasaiceach. Ba iadsan an teaghlach tíoránta a bhí in uachtar i Neipeal ó 1846 go 1951, tráth ar briseadh ar a gcumhacht is ar a gceannsmacht le teacht an daonlathais. Le blianta beaga anuas, de réir mar a mhéadaigh an t-éileamh ar lóistín, cuireadh tuilleadh seomraí leis an tseanphálás sa chruth go bhfuil 120 seomra leapa ann i láthair na huaire.

Tá an seomra seo agamsa glan, néata, leagtha amach go slachtmhar agus neart solais agus spáis ann - a bhuíochas sin do Rajendra Thakuri, an giolla óg a bhfuil sé de chúram air an seomra seo a choinneáil glan, ordúil. Tá sé fairsing agus fionnuar, mar sheomra, agus is ann a thigim le mé féin a chiúnú agus a shuaimhniú i ndiaidh babhta trom meitifisice le Gearmánach éigin sa lobby nó i ndiaidh babhta dian margála sna bazaars. Bíonn an t-allas ina rith liom i ndiaidh cúpla uair an chloig a chaitheamh ag siúl thart i marbhtheas toiteach na sráide. Bíonn folcadh de dhíth go géar orm. Tá sé mífholláin a bheith ag siúl timpeall na cathrach. Bíonn an t-aer agus an tsráid truaillithe go holc. Achan áit bíonn gal te deataigh ag sceitheadh ina scamaill dhubha ghalracha ó sheancharranna agus ó scooters. Bíonn stúr na sráide ag éirí ina phlá phlúchtach, ag déanamh síorionsaí ar sceadamáin agus ar scamhóga. Bíonn daoine cársánach, ag cartadh agus ag casachtaigh i gcónaí, ag caitheamh amach screamh ghlas sheileogach a scamhóg.

Inniu agus mé ag spaisteoireacht thart i gcúl-lánaí gortacha na cathrach in Balaju casadh Ganesh orm, buachaill trí bliana déag d’aois, rian an ocrais ar a ghnúis bheag ghnaíúil. Bhí sé ag rúscadh faoina dhícheall i gcarn bruscair nuair a bheannaigh mé dó. Ag lorg éadála a bhí sé, áilleagán de shórt ar bith a mbeadh margadh dó ar an tsráid. Ba dhéirc leis rud ar bith a aimsiú sa tsalachar agus sa tséarachas seo. Tá an chathair lán bochtán, buachaillí beaga go speisialta - a mbunús uilig, dálta Ganesh, beo ar dhéirc na sráide agus ar bhradaíl bheag sna siopaí ach an deis a fháil. Is minic iad faoi luí na mbuillí fosta nuair a thig na póilíní lena ruaigeadh as bealach . . .

Níl de sheilbh shaolta ag Ganesh ach cér bith atá sa bhurla lena thaobh . . . bróga, a deir sé liom, bríste, blaincéad codlata agus seaicéad leathair. Tá na bróga rómhór dó, a deir sé, bronntanas ó Ghearmánach mná a rinne trua de, ach dá mbeadh stocaí níos tibhe aige seans go bhfóirfeadh na bróga i gceart dó. Tá “New York! New York!” greanta ar bhrollach na T-léine corcra atá á caitheamh aige. Tír Tairngire na féile is na flaithiúlachta dóibh siúd ar fad a tógadh ar an ghannchuid. Ó, mianta Meiriceánacha na mbocht! Ach is baolach nach mbainfidh Ganesh greim a leasa as Úll Mór na bhféidearthachtaí go brách. Níl pioc feola ar a chnámha beaga briosca. Tá sé tanaí, tnáite, tarraingthe ina dhreach is ina dheilbh, mar a chuirfeá i gceann a chéile é le cipíní. De thógáil an tsléibhe é, dílleachta a d’fhág an baile in Helambu de bharr bochtanais agus brúidiúlachta:

“In my house, sir, no food no eating enough. My uncle he very cruel. All the time I working hard on farm . . . He beat me. He give me no clothes, no food. I very hungry, sir. I run away to Kathmandu. Now I live on street. I chased by dogs in the night . . . chased by police in the day . . . I sick a lot of times, sir, very sick, here in my stomach. I no education, I have nothing. I am not liking my life, good sir.”

Síos uainn tá bó ag trasnú na sráide, chomh mórluachach ina cuid gluaiseachtaí le banríon na ríochta ag déanamh na gcos i measc na cosmhuintire. Déanann an bhó a cac agus go míorúilteach bíonn lón den scoth, méith, saibhir, cothaitheach ag an ghealbhan binne a phreabann láithreach ó dhíon tí . . . Ní hionann do Ganesh bocht é. Níl bó mhór ar bith aige a dhéanfadh é a fhuascailt as broid na bochtaineachta.

Tá Ganesh ainmnithe as duine de na déithe is mó meas i Neipeal . . . dia an chinn eilifinte, mac le Shiva agus Parvati, dia an áidh agus an rachmais, dia na gaoise is na dea-mhéine. Tugann sé coimirce do lucht taistil agus dóibh siúd atá ag bogadh tí agus teaghlaigh. Ach níl sé ag tabhairt cluas éisteachta ar bith do mo Ganesh beag bratógach. Sheas a dhá shúil ina cheann nuair a bhronn mé 500 rúipí air agus thug sé barróg domh a bhí lán de chroí agus de chairdeas. “I am liking you very much, my father,” a dúirt sé liom agus mé ag fágáil slán aige.

Tá Seal i Neipeal le ceannach díreach ó Chló Iar-Chonnacht (www.cic.ie). Praghas: €20. Tá cóipeanna le bua i gcomórtas mhí an Mhárta Beo! chomh maith.

Is as Mín an Leá, Tír Chonaill, do Chathal Ó Searcaigh. File é a bhfuil cáil idirnáisiúnta air agus tá ráchairt ar a chuid léamh filíochta ag féilte ealaíon ar fud an domhain. Go nuige seo aistríodh a shaothar go hAlbáinis, Béarla, Briotáinis, Catalóinis, Danmhairgis, Fraincis, Gearmáinis, Rómáinis, Cróitis, Seapáinis agus Spáinnis.

Gluais • Glossary

fáilteachwelcoming

iontach fiafraitheachvery inquisitive

lochtblame

a mhalairt ar fadquite the opposite

le haoibh an gháirewith a smile

fial lena ndáimhgenerous with their affection

croíúilcordial

cumannfriendship

luachmharvaluable

tá dúil mhór agamI really like

saoithiúlachtoddness

snagcheol preabach an tráchtathe throbbing jazz of the traffic

mo chéadfaímy senses

ricseánnarickshaws

gíoscánsqueaking

uchtógabumps

ag spréachadhspluttering

pléascántaexuberant

dordándrone

siamsánhumming

crónánmurmuring

rosc ceoilrhapsody

clapsholastwilight

mheasfáyou would think

searradhstretch

fonn súchaitetrite melody

solúbthaflexible

spleodrachboisterous

castaí úranew turns

tromchúiseachimportant, weighty

ag súgaíochtmaking merry

gan spionnadhwithout vigour

spreang spreagthaimpulse to inspire

a dtiúin dhiamhair féintheir own mysterious tune

rúndasecret

léargasinsight

mo thriallmy journey

gaosánnose

i dtólamhalways

do chuid rámhaí a ligean le sruthletting your oars go with the flow

i mbéal na séibesuddenly

ní aimseoidh duine é féin go deoa person will never find himself

balcóiníbalconies

glas olóigeolive green

stainnínístands

síodasilk

cadáscotton

glébright

gleoitepretty

seodajewels

tráchtáilcommerce

dronggang

an dubh a chur ina gheal ortto bamboozle you

stuaicsullen appearance

dreach diúltacha negative appearance

a ndíograistheir enthusiasm

a gcuid pionsúr amplachtheir greedy pincers

téann siad i bhfostú ionatthey become entangled in you

deilín na mbacachthe rigmarole of the tramps

ag margáil leatbargaining with you

ag dréim leatexpecting you

a athrachany better

bratógrag

in aicearracht aimsirein a short period of time

amhrasachsuspicious

tuahatchet

mangairísellers

seálta ollawool shawls

fidileachafiddles

saoltachtwordliness

spioradáltachtspiritiuality

neamhchoireachinnocently

manaslogan

teachtairímessengers

smailcmouthful

dúidíní draíochtamagical clay pipes

smálblemish

clúreputation

eiteogawings

áras mórluachachimportant dwelling

beadaíconceited

tíorántatyrannical

ceannsmachtupper hand

daonlathasdemocracy

éileamhdemand

go slachtmharneatly

neartplenty

giollaservant

ordúilorderly

fairsingspacious

fionnuarcool

babhta trom meitifisicea heavy session of metaphysics

toiteachsmoky

mífholláinunhealthy

truaillithe go holcbadly polluted

galsteam

ag sceitheadh ina scamaill dhubha ghalrachaescaping in black sickly clouds

stúrdust

ina phlá phlúchtachin a suffocating plague

sceadamáinthroats

scamhógalungs

cársánachwheezy

screamh ghlas sheileogachgreen salivary scum

ag spaisteoireacht thartstrolling around

gnúisface

gnaíúilcomely

ag rúscadhrummaging

i gcarn bruscairin a pile of rubbish

áilleagántrinket

séarachassewerage

bradaílpilfering

lena ruaigeadh as bealachto drive them out of the way

seilbh shaoltaworldly possessions

burlabundle

níos tibhethicker

go bhfóirfeadh na bróga i gceart dóthat the shoes would suit him fine

Tír Tairngire na féilethe Promised Land of generosity

miantadesires

Úll Mór na bhféidearthachtaíthe Great Apple of possibilities

brioscbrittle

tnáiteweary

dílleachtaorphan

brúidiúlachtbrutality

gluaiseachtaímovements

go míorúilteachmiraculously

méithrich

cothaitheachsustaining

gealbhan binnehouse-sparrow

broiddistress

dia an áidh agus an rachmaisthe god of luck and wealth

gaoiswisdom

coimirceprotection

bratógachragged

barróghug

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.