AR NA SAOLTA SEO
‘Scrúdú Iarbháis’ an Toghcháin agus - Scrúdú Réamhbháis an Rialtais
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Deir Donncha Ó hÉallaithe nach n-athróidh mórán de thoradh an olltoghcháin ag deireadh thiar thall agus go n-íocfaidh An Lucht Oibre as dul i gComhrialtas le Fine Gael.

Íomhá
An Tánaiste, Éamonn Gilmore TD
le Páirtí an Lucht Oibre ar Flickr
Íomhá
An Taoiseach nua, Enda Kenny
Íomhá
Lucht treorach don Lucht Oibre, chun a millte
Íomhá
Pat Rabbitte TD
Íomhá
Cuach nimhe le hól Tigh Laighean

Toghchán difriúil a bhí ann ar go leor leor bealaí. Bhí an chuma ar an scéal ag tús an fheachtais go bhféadfadh níos mó suíocháin a bheith ag Páirtí an Lucht Oibre ná mar a bheadh ag aon pháirtí eile. Bhí tacaíocht láidir á léiriú sna pobalbhreitheanna don tuairim go bhféadfadh Éamonn Gilmore a bheith mar Thaoiseach. Leis an dtacaíocht sin a dhaingniú, crochadh na mílte postaeirí ar fud na tíre leis an dteachtaireacht ‘Gilmore for Taoiseach’ clóite orthu. Faoi dheireadh an fheachtais, bhí na postaeirí céanna ag breathnú beagáinín seafóideach, de ir mar ba léir go raibh tacaíocht Fhine Gael ag neartú.

Thosaigh lagar ag tíocht ar an dtacaíocht do pháirtí an Lucht Oibre ón uair a dúirt Fine Gael go mba “high tax party” a bhí sa Lucht Oibre. Ní maith leis an meánaicme vótáil do dhaoine a d’fhéadfadh níos mó cáin a bhaint astu. Rinne an Lucht Oibre go maith fós féin agus an líon suíochán a thabhairt go leibheál nár shrois an páirtí riamh roimhe seo. Ach foighid a bheith acu, d’fhéadfaidís dul níos airde fós ag an gcéad toghchán eile, dá bhfanfaidís amach as an rialtas.

Toghchán Stairiúil

athrófar an patrún polaitíochta atá againn sa tír seo, is é sin, Fianna Fáil ag malartú cumhachta ó am go ham le Fine Gael/An Lucht Oibre agus Fianna Fáil ag filleadh tar éis sosa, mar gheall go ndeachaigh an Lucht Oibre isteach sa gcomhrialtas seo. Thosaigh an seanphatrún tar éis an toghchán i 1932, nuair a caitheadh amach Cumann na nGael, an páirtí polaitíochta a bhunaigh an stát, le háit a dhéanamh don fhórsa nua polaitíochta a bhí fáiscthe le chéile ag De Valera as an dream ba réadúla nár ghlac leis an gConradh i 1922 agus a chreid go mb’fhearr a bheith istigh sa Dáil ná taobh amuigh dhó.

Chuir toghchán 1932 deireadh le Cumann na nGael agus as an smionagar a bhí fágtha tar éis an toghcháin, cuireadh Fine Gael le chéile. Thóg sé go dtí anois ar Fhine Gael filleadh ar Dháil Éireann le níos mó suíocháin ná Fianna Fáil. Tá muintir na hÉireann tar éis cumhacht a bhaint de Fhianna Fáil agus é a bhronnadh ar Fhine Gael. Is ar Fhine Gael a thiteann an dualgas rialtas a thiomsú. Níl aon dualgas ar an Lucht Oibre, seachas mar atá ar Fhianna Fáil, a bheith ag tacú le rialtas faoi chinnireacht Enda Kenny. Tá daoine sa Lucht Oibre, nach bhfuil tiomanta ag cumhacht rialtais, a thuigeann go mba cheart don Lucht Oibre fanacht, ach is deacair nós a bhriseadh, cé go mba cheart go mbeadh an ceacht foghlamtha ag an Lucht Oibre, nach chun leasa an pháirtí mhionlaigh a bheith i gcomhrialtas sa tír seo.

Céard tá i ndán do Fhianna Fáil?

Níl aon amhras faoi ach gurb é Fianna Fáil ceann de na páirtithe polaitíochta ba rathúla san Eoraip. Go bhfios dom, níl aon pháirtí polaitíochta san Eoraip ar éirigh leis greim chomh docht a choinneáil ar chumhacht chomh maith le Fianna Fáil. Ó 1932 i leith bhí Fianna Fáil i gcumhacht seachas ceithre thréimhse gearr, nuair a bhí Fine Gael i gceannas ar Chomhrialtas le páirtithe eile: 1948 – 1951; 1954 – 1957; 1973 – 1977 agus 1994 – 1997. Bhí Fianna Fáil náisiúnach, gan a bheith rónáisiúnach. Bhí Fianna Fáil coiméadach, gan a bheith róchoiméadach. Bhí Fianna Fáil in ann cluain a chur ar fheilméirí beaga in iarthar na tíre agus ar an aicme oibre sna cathracha is sna bailte, a bhí ag streachailt leis an saol ar beagán páighe.

Ó thaobh eagrúcháin, ní raibh sárú Fhianna Fáil ann. Bhí préamhacha curtha ag an bpáirtí i ngach pobal sa stát, rud nár éirigh le haon pháirtí eile a dhéanamh. Bhí baill an pháirtí eagraithe isteach i gcumainn áitiúla agus chuir na cumainn teachtaí ag Comhairle Dháilcheantair, a thagadh le chéile go rialta. Bhíodh ar na Teachtaí Dála meas a léiriú ar na cumainn áitiúla agus ar an gComhairle Dháilcheantair idir na toghcháin nó ní thabharfaí an tacaíocht áitiúil dóibh sa chéad toghchán ina dhiaidh sin. Rinne an páirtí iarracht, chomh maith le sin, a chinntiú go mbeadh smacht ag baill, a bhí dílis don pháirtí, ar eagraíochtaí pobail.

Aimsir thoghcháin, bhíodh neart Fhianna Fáil le feiceáil gach áit. Ní bhíodh ar Fhianna Fáil daoine a íoc le postaeirí a chrochadh, mar a bhíodh ar Fhine Gael. Bhí neart ball sásta a bheith ag obair in aisce don pháirtí lá toghcháin: seasamh taobh amuigh de na hionaid vótála, daoine a thiomáint ag na hionaid vótála, cuntas a choinneáil ar cé bhí ag vótáil agus ar cérbh iad an dream nár bac le vóta a chaitheamh.

Bhíodh dílseacht láidir ag teaghlaigh agus ag ceantracha do Fhianna Fáil, a bhí mar bhuntsraith tacaíochta lá toghcháin. Níor lagaíodh an dílseacht sin go dtí an toghchán seo. Tréigeadh Fianna Fáil an iarraidh seo. Ba dheacair dóibh daoine a fháil le stocaireacht ar bith a dhéanamh. Ní bheidh aon Teachta Dála ag Fianna Fáil i 26 cinn de na Dáilcheantracha. Is mór an buille é sin don eagraíocht, mar gan Teachta Dála, is deacair eagraíocht a choinneáil le chéile.

An Chéad Toghchán eile

Tá ré chumhachta Fhianna Fáil thart ach thug an Lucht Oibre deis dóibh éirí aníos arís trí dul isteach i gcomhrialtas le Fine Gael an iarraidh seo. Is é an Lucht Oibre a bheas thíos leis. Mar a tharla sa toghchán seo, beidh na toghdóirí chomh míthrócaireach céanna leis an gcéad rialtas eile is a bhíodar leis an rialtas atá curtha as cumhacht. Beidh na giorruithe agus na cánacha breise ag luí níos troime ar na daoine a vótáil don Lucht Oibre an uair seo agus bainfidh siad díoltas amach. Don Lucht Oibre, tá an baol ann sa gcéad ollthoghchán eile, go n-aistreoidh a chuid tacaíochta go Sinn Féin nó ar ais go Fianna Fáil.

Ní chreidim go mbeidh Fianna Fáil riamh chomh láidir is a bhí tráth ach th’éis an chéad toghchán eile, d’fhéadfaidís a bheith ar an bpáirtí is mó aríst mar gheall ar imeacht an Lucht Oibre isteach sa gcomhrialtas. Dá mbeadh ciall ag an Lucht Oibre gan dul i gcomhrialtas an iarraidh seo, bheadh Gilmore, Rabbitte agus Burton in ann ceannasaíocht a thabhairt sa bhfreasúra in aghaidh na ngiorruithe atá beartaithe ag Fine Gael. Tá an deis sin caillte acu anois faraor.

An Rogha Eile

Creidim nach dtarlóidh aon athrú sa leagan amach polaitíochta in Éirinn mar gheall ar chinneadh an Lucht Oibre glacadh leis an dtairiscint ó Fhine Gael a bheith páirteach i gcomhrialtas. An uair cheana a rinne An Lucht Oibre cinneadh i bhfábhar comhrialtais, thit an líon teachtaí de chuid an Lucht Oibre a toghadh ó 33 i 1992 go 17 i 1997. Mhéadaigh Fine Gael a líon Teachtaí Dála ó 45 go 54 ag an am céanna.

Bhí rogha eile ag an Lucht Oibre: é a fhágaint faoi Fhine Gael tíocht ar shocrú le neamhspleáigh nó le Fianna Fáil faoi thacaíocht a thabhairt do rialtas de chuid Fhine Gael. Ba faoin Lucht Oibre sa gcás sin a bheadh sé bínsí an fhreasúra a líonadh agus Fine Gael a choinneáil faoi bhrú leanúnach sa Dáil agus taobh amuigh dhó maidir leis an dúnghaois gheilleagair agus cánach a bheas á cur i bhfeidhm faoi threoracha an CAI agus an AE. Faraor, ní bheidh breith ar a n-aiféala acu anois.

Dá ndéanfadh Gilmore a pháirtí a thabhairt isteach sa bhfreasúra, tíocht an chéad olltoghchán eile, bheadh an Lucht Oibre in ann cur go mór leis an líon suíocháin Dála agus b’fhéidir go mbeadh bunús éicint leis an mana ‘Gilmore for Taoiseach’ a bheith ar na postaeirí mar a bhí.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.