AR NA SAOLTA SEO/MÓR-CHEIST NA MÍOSA
Sciuird ar Shrath-pheofhair álainn
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Lig Liz Curtis a scíth le déanaí i mbaile suimiúil i nGarbhchríocha na hAlban.

Íomhá
An caife i seanstáisiún Shrath-pheofhairGrianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Cuairteoirí ag ól na n-uiscí sa seomra caidéilGrianghraf: Liz Curtis
Íomhá
The Pavillion ag Srath-pheofhairGrianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Bean gléasta mar Lochlannach i mbun cócaireachtaGrianghraf: Liz Curtis

Is gleann gleoite glas é Srath-pheofhair, agus an t-ainm atá ar an abhainn a ritheann fríd ná Peofhar, focal de bhunús Ceilteach Briotanach a chiallaíonn “álainn” agus “lonrach”.

sráidbhaile sa ghleann agus Srath-pheofhair atá air fosta. Chuaigh mé ann le déanaí agus chuir an áit iontas orm. Spá Victeoiriach a bhí ann agus tá óstáin mhóra ann go fóill, agus seomra caidéil inar féidir leat na huiscí a ól. Ní shílfeá go mbeadh a leithéid i nGarbhchríocha na hAlban, níos faide ó thuaidh ná Inbhir Nis!

Sa ré Victeoiriach bhí neart spánna mar seo le fáil ar fud na hEorpa, ina raibh uisce mianrach agus folcadáin chlábair le fáil. In Éirinn, bhí roinnt mhaith folcadán feamainne le fáil, agus ag Srath-pheofhair thiocfadh leat folcadh móna a bheith agat.

Is áit dhuilleogach réchúiseach í Srath-pheofhair anois. Istigh sa seomra caidéil, tá taispeántas ann faoi stair an spá, agus samhlacha de chuid de na custaiméirí agus den fhoireann le feiceáil. Ina measc, tá samhail d’fhíorbhean darbh ainm Mrs Mitchell, í lomnocht agus clúdaithe le móin, agus freastalaí á tógáil amach as an fholcadán le hulóg. Bhí an folcadán móna mar chuid de leigheas Mrs Mitchell, agus tá a hoideas ón bhliain 1905 ar taispeáint fosta.

D’oscail an chéad seomra caidéil ansin sa bhliain 1861. Ansin tháinig rath ar an sráidbhaile agus d’éirigh sé rachmasach, go háirithe i ndiaidh don iarnród dul ansin in 1885. Chuaigh daoine saibhre faiseanta ann ó chian agus ó chóngar, agus bhí carráistí speisialta don áit ar an traein ó Londain. Tógadh óstáin bhreátha mhóra agus vilí ar an chnoc. Ó thaobh an tsaoil shóisialta de, agus áiseanna leighis agus caitheamh aimsire, bhí an spá ar comhchéim leis na spánna móra ar mhórthír na hEorpa.

Sa seanam, bhí dhá sheomra caidéil ann: ceann mór, nach bhfuil ann anois, agus ceann beag, a athchóiríodh le déanaí. Bhíodh daoine bochta i measc an dreama a théadh go dtí an ceann beag leis na huiscí a ól. Anois, bíonn sé oscailte i rith an tsamhraidh agus ar ócáidí speisialta. Bhain mé féin triail as na huiscí – bhí cuid acu maith go leor, ach bhí boladh uafásach sulfair as cuid eile acu. Caithfidh tú a bheith cúramach – d’ól mé braon beag, ansin léigh mé fógra ar an bhalla a dúirt gur phurgóid láidir an saghas sin uisce!

A lán imeachtaíIn aice leis an seomra caidéil, tá foirgneamh tarraingteach a dtugtar The Pavilion air. Athchóiríodh é seo le déanaí fosta, agus anois bíonn a lán imeachtaí ar siúl ann. Agus mise ansin, bhí aonach seandálaíochta ar siúl, a d’eagraigh The Council for Scottish Archaeology. Bhí stainníní ag roinnt mhaith grúpaí áitiúla agus náisiúnta san aonach. Taobh amuigh, bhí buachaillí óga ag rith thart gléasta mar a bhíodh na Piochtaí, agus sleánna agus sciatha acu, agus bhí bean gléasta sa stíl Lochlannach i mbun cócaireachta i bpota mór dubh os cionn tine oscailte. Bhí ceist agam di: an ndearna na Lochlannaigh fir an chócaireacht riamh?

Síos an bóthar, tá an seanstáisiún le feiceáil go fóill, ach is fada an lá ó bhí traenacha ann. Anois, tá caife san fhoirgneamh agus is féidir leat cupán tae a ól agus tú i do shuí ag tábla ar an ardán. Tá músaem beag suimiúil ann fosta, an Highland Museum of Childhood, a léiríonn cad é mar a bhí saol na bpáistí sa cheantar caoga nó céad bliain ó shin.

Gar don stáisiún,cloch shnoite chlúiteach de chuid na bPiochtaí ar a dtugtar Cloch an Iolair le feiceáil, agus má tá an fuinneamh agat, tá dún cnoic mór le rá, Knock Farril, go hard os cionn an tsráidbhaile.

Má tá suim agat in áiteanna mar Shrath-pheofair agus Knock Farril, agus turas ar intinn agat, tá leabhar den scoth ar fáil, The Highlands, le Joanna Close-Brooks (HMSO 1995, £10.95), ina bhfuil neart léaráidí agus cur síos ar roinnt mhaith áiteanna. Fuair mé é cúpla lá ó shin agus beidh sé liom i gcónaí agus mé sna Garbhchríocha as seo amach.

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i nDún Éideann.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.