CÚRSAÍ SPÓIRT
Sárchuradh Domhanda dár gCuid Féin
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Bhí Colm Mac Séalaigh ag faire ar dhornálaíocht Katie Taylor i gCraobh an Domhain agus ar chluichí i gCraobha na hÉireann.

Íomhá
Curadh an Domhain x3, Curadh na hEorpa x4, Katie Taylor
Íomhá
Stró na traenála
Íomhá
Annraoi Ó Sibhleáin
le tribune.ie ar Vicipéid

Mí Dheireadh an Fhómhair tagtha cheana féin, an fómhar bainte agus bainte go maith faoin tráth seo chomh fada is a bhaineann sé le cluichí idirchontae na nGael. Ní hamhlaidh áfach sna contaetha ar fud na tíre mar go bhfuil craobhchomórtais na gclub ag dul ar aghaidh i gcónaí agus tig linn a bheith ag súil is ag tnúth le cuid mhór de chluichí ceannais na gcontae a fheiceáil ar TG4 sna seachtainí atá amach romhainn.

Cé gur mórimeachtaí náisiúnta cultúrtha agus spóirt iad na cluichí ceannais iomána, camógaíochta agus peile atá thart go ceann bliana eile, agus muid ag caitheamh súil siar ar imeachtaí mhí Mheán Fómhair, ní mór tús áite a thabhairt do bhanghaiscíoch spóirt na hÉireann, Katie Taylor, atá tar éis gach a bhfuil déanta ag gaiscígh spóirt na tíre bige seo, idir fhir is mhná, a shárú. Ar an Satharn 18 Meán Fómhair, bhuaigh Katie Craobh Dornálaíochta an Domhain don tríú huair as a chéile. Is í curadh na hEorpa faoi cheathair agus curadh Aontas na hEorpa faoi thrí chomh maith í. Níl a sárú le fáil ar domhan i measc dornálaithe ban. Ainmníodh í mar Dhornálaí an Chomórtais ag deireadh Chraobhchomórtas an Domhain agus aithníodh mar Dhornálaí an Domhain í in 2008, ach is aisteach nach bhfuil aitheantas níos fairsinge tugtha dá cuid gaisce ina tír dhúchais. Tá daoine ann a déarfadh nach bhfuil dornálaíocht na mban inchurtha le spóirt eile ban ar nós lúthchleasa, ach dá fheabhas a bhí Sonya O Sullivan, cuir i gcás mar lúthchleasaí, níor bhain sí an barrfheabhas amach chomh minic ná chomh rialta is bhain Katie. Déarfadh daoine freisin nach bhfuil an iomaíocht chomh géar ná chomh dian i gcás dornálaíocht na mban is atá i spóirt eile, ach aon duine a bhí ag féachaint ar throideanna Katie, agus ar a troid i gcoinne Queen Underwood de chuid na Stát Aontaithe sa bhabhta leathcheannais go háirithe, thuigfidís gurb é a mhalairt atá fíor dáiríre. Bhí luas lasrach faoi troid Chraoibhe le Dong chomh maith agus cruinneas thar na bearta glan feiceálach ann.

Craobh an Domhain

Ba é a bua i mbabhta craoibhe Chomórtas an Domhain an céadú bua as céad is a sé (106) troid ag Katie Taylor ó 2001 i leith. Chun Craobh an Domhain a bhuachan i mbliana, b’éigean do Katie an lámh in uachtar a fháil ar dhornálaithe as na tíortha is mó ar domhan – An India, An Bhrasaíl, An Rúis, Na Stáit Aontaithe agus an tSín. Deir saineolaithe go bhfuil Katie Taylor inchurtha le fear ar bith maidir le scil agus teicníc, agus i ndiaidh a catha i gcoinne Queen Underwood, is léir go bhfuil misneach agus diongbháilteacht dochloíte aici freisin. Níl ach duais amháin fágtha le gnóthú ag Katie Nic an Táilliúra agus is é sin, bonn Oilimpeach. Is í rogha na coitiantachta ag an tráth seo í chun an gaisce sin a bhaint amach ach tá dhá bhliain d’obair dhian agus d’íobairtí pearsanta le cur di ar dtús.

Amach sa Chúige, Isteach sa Chraobh

Maidir le cluichí Gaelacha, scríobh mé an mhí seo caite go bhfuil sé ina bhuntáiste ag contae a bhfuil sé ina uaillmhian acu Craobh na hÉireann a bhaint, an turas chun na craoibhe a dhéanamh tríd an doras cúil. Anois agus Craobhacha na hÉireann buaite ag Tiobraid Árann agus ag Corcaigh san iomáint agus sa pheil faoi seach, treisítear ar an tuairim nach i mí na Bealtaine a bhuaitear na cluichí tábhachtacha ach i míonna an Fhómhair. Nuair a bhí mé ag caint le fear as Tiobraid Árann a bhfuil aithne mhaith aige ar Liam Ó Síoda, bainisteoir Thiobraid Árann, an lá tar éis an chluiche ceannais, dúirt sé gurb é an rud ab fhearr a tharla do Thiobraid Árann ná cailliúint i gcoinne Chorcaí i mbabhta tosaigh chraobh na Mumhan mar go mba ‘chic sa tóin’ don fhoireann ag an am ceart é. I ndiaidh chluiche ceannais na hÉireann 2009, bhí imreoirí Thiobraid Árann á chreidiúint gurb iad ab fhearr in ainneoin gur bhuaigh Cill Chainnigh orthu agus go mbeidís ar ais sa chluiche ceannais gan amhras ar bith. Thug an léasadh a bhronn Corcaigh orthu mar sin ceacht an-tábhachtach dóibh: mura mbíonn an intinn dírithe i gceart ar chluiche, is furasta cailleadh. Bhí imreoirí Thiobraid Árann ag smaoineamh ar Chill Chainnigh agus ní ar Chorcaigh sa chluiche sin. Tar éis an na cailliúna sin i gcoinne Chorcaí, dhírigh siad ar an gcéad chluiche eile agus chuir Cill Chainnigh i leataobh go fóill.

Annraoi Ó Sibhleáin

Maidir le cúrsaí iománaíochta i gcoitinne, tá éachtaí Thiobraid Árann sna cluichí ceannais sinsir agus faoi bhliain is fiche tar éis dreach nua a chur ar íomhá agus ar staid an tseanchluiche. Le roinnt blianta anuas, bhí greim scrogaill agus scóige ag iománaithe Chill Chainnigh ar gach comórtas agus bhí cuid mhór de lucht leanúna na hiomána ag éirí tuirseach den urlámhas daingean a bhí acu ar chúrsaí iomána. Ach, tagann deireadh le gach foirne agus gach curaidh, agus tagann ceann eile chun cinn. Déanta na fírinne, is geall le faoiseamh é go bhfuil contae eile anois ag fógairt go bhfuilid fós beo agus go bhfuil an cluiche ársa fós á imirt le croí is le fuinneamh i gcontaetha eile. Ní hionann sin agus a rá go bhfuil Cill Chainnigh cloíte go deo. Cén chaoi a mbeadh agus a bhfuil d’iománaithe breátha óga ag teacht chun cinn bliain i ndiaidh bliana. Caolsheans áfach go mbeidh gach duine de laochra na gceithre chraobh as a chéile le feiceáil i mbun coimhlinte arís. Gabhfaidh sé rite le hAnnraoi Ó Sibhleáin a bheith chomh maith riamh arís tar éis a ghortaithe glúine i mbliana agus é os cionn tríocha bliain d’aois. Bhí cuma ar imreoirí eile de chuid Cill Chainnigh go mb’fhéidir go bhfuil a ré thart agus go raibh an méid saighdiúireachta a bhí siad in ann a dhéanamh ar son na cúise ag teacht chun deiridh. Dar ndóigh ní féidir gluaiseacht an ama a stopadh nó a mhoilliú. Is fíoreisceachtúil an t-imreoir atá os cionn tríocha bliain d’aois atá in ann an barrfheabhas céanna a bhaint amach san iomaíocht is géire.

Maidir leis an bpeil, tá comhghairdeas ag dul do fhoireann Chorcaí as ucht Craobh na hÉireann a bhuachan tar éis mórán iarrachtaí nach raibh ach an díomá agus an briseadh croí de thoradh orthu de ghnáth le scór bliain anuas. Léiríonn bua Chorcaí agus bua chailíní Átha Cliath sa pheil, agus ní den chéad uair é, cé gur minic an díomá seachas an ríméad a bheith mar dhuais i gcúrsaí spóirt gur féidir, gan an misneach a bheith caillte, an bua a bhaint i ndeireadh báire.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.