Tá An Leabhar Mòr/The Great Book of Gaelic ar díol sna siopaí anois le tamall anuas agus tá taispeántas na saothar atá sa leabhar ar camchuairt timpeall an domhain faoi láthair. Chaith Ciara Nic Gabhann súil ar an saothar le gairid.
Nuair a thug Máire Mhic Róibín cuairt mar Uachtarán na hÉireann ar Shabhal Mòr Ostaig, campas ollscoile na Gàidhlig san Eilean Sgitheanach in Albain i 1997, labhair sí faoin tábhacht a bhí le “oileánspás a chruthú dúinn féin lena bhfuil ag Albain agus ag Éirinn i gcomhar lena chéile a cheiliúradh”.
An lá céanna, d’fhógair Brian Wilson, aire stáit in Oifig na hAlban, go rabhthas le heagraíocht a chur ar bun a thacódh leis an cheiliúradh sin.
Is mar sin a saolaíodh Iomairt Cholm Cille agus, ó shin i leith, tá an Iomairt taobh thiar de réimse leathan imeachtaí agus tionscadal, a bhfuil an Ghaeilge/an Ghàidhlig istigh ina lár, agus a thugann daoine le chéile as Albain agus as Éirinn (thuaidh agus theas) chun a chéile a spreagadh agus a mhisniú.
Is liosta le lua é cheana féin na tionscadail atá i ndiaidh a theacht chun cinn le cuidiú na hIomairte - cuairteanna ó cheoltóirí, compántais amharclainne agus scríbhneoirí as Albain ar Éirinn agus a mhalairt, grúpaí pobail agus scoileanna ag foghlaim óna chéile, cúrsaí speisialta Gaeilge do Ghàidhligeoirí agus cúrsaí Gàidhlig do Ghaeilgeoirí.
Is é *An Leabhar Mòr *an ceann is suntasaí agus is feiceálaí de na tionscadail seo ó ICC go dtí seo. Is tionscadal é a bhfuil breis agus 200 d’aos dána na Gaeilge agus na Gàidhlig rannpháirteach ann, idir phéintéirí, fhilí, pheannairí agus scoláirí, arna stiúradh ag Calum Mac Gill Eáin ó Phroiseact nan Ealan in Albain.
Bailiúchán ollmhór de phíosaí ealaíne an chéad toradh atá ar an tionscadal seo agus tá taispeántas gleoite den saothar ar camchuairt timpeall an domhain faoi láthair agus ag fáil ardmholadh gach áit a dtéann sé. Seoladh an taispeántas den chéad uair anuraidh i nDún Éideann agus beidh sé le feiceáil in áiteanna éagsúla in Éirinn in 2004 agus mar chuid de chlár Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa i gCorcaigh in 2005.
Saothar iontach comhoibrithe idir aos pinn agus aos scuaibe an dá thír is ea An Leabhar Mòr, agus tosaíonn na samplaí liteartha atá le léamh ann chomh fada siar le hAmhra Cholm Cille, a cumadh go gairid i ndiaidh aimsir Cholm Cille féin - foinse inspioráide na hIomairte - agus críochnaíonn siad le scríbhneoirí mar Shomhairle Mac Gill Eain agus Rita Duffy, Nuala Ní Dhomhnaill agus Craig MacKay - cuid d’aos ealaíne ár linne féin.
Leabhar álainn clóbhuailte, arna fhoilsiú ag Cannongate (féirín iontach Nollag do chara a síleann tú cuid mhór de), an dara toradh, agus an comhoibriú leanúnach idir ealaíontóirí sa dá thír a d’eascair as an tionscadal an tríú toradh agus, i ndeireadh na dála, b’fhéidir, an toradh is luachmhaire agus is buaine. Tá an méid seo le rá ag Calum Mac Gill Eáin ina réamhrá don leabhar: “Dòmhsa dhe, thàinig seo uile à gaol mòr eadar mi fhin agus tè shònraichte bho eilean Éireann”.
Gura fada buan d’Iomairt Cholm Cille.
An Leabhar Mòr/The Great Book of Gaelic.
Foilsitheoirí: Canongate Books
Praghas sna siopaí: €35 (bog)
*Tá sleachta *as An Leabhar Mòr le feiceáil ag www.leabharmor.net. Tá eolas breise le fáil faoi Iomairt Cholm Cille ag www.colmcille.net
Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.