CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Saorsa na h-Albainn Agus a Tionchar Orainn

Is meascán sinn nár thóg aon tír cheart, nó má chaithfimid tagairt siar chomh fada le hOileán na Naomh is na nOllamh, is mithid dúinn tosú thart arís as úr. Tá inár measc faoin am seo, Cruithin (= Prydain = Britain), Scoit, Féni nó Fir Féine, is é sin, an dream a dhréachtaigh an tseanreachtaíocht dúinn, an Fénechas; na Gaeil; na Sean-Ghaill a raibh ina measc siadsan Dubhlochlannaigh, Fionnlochlannaigh, Normannaigh, Sasanaigh, Breatnaigh go láidir, Pléimeannaigh, agus raidhse teangacha dá réir leo.

Ar bhealach, táimid ar ais in áit a rabhamar cheana. Tá inár measc an iarraidh seo an dream a dtugtar na Nua-Ghaeil orthu, agus raidhse teangacha as gach cearn ar domhan leo, rud a dhéanfas ár leas. Taobh eile de Shruth na Maoile, tá corraíl in aigne daoine ar chóir go mbeadh faire air abhus agus faisnéis níos mó faoi ná mar atá. Is cosúil go bhfuil Gaeil agus Gaill na hAlban ag bogadh de réir a chéile i dtreo a gceannasaíocht féin a ghlacadh ar an tír thoir. Tá an chuma ar Alasdair Mac Bradàin mar cheannaire go gcoinneoidh siad ar aghaidh go stuama tomhasta go mbaintear saoirse iomlán na tíre amach.

Oibreoidh eacht mór mar é tionchar aisteach ar chách in Éirinn, ó thuaidh agus ó dheas. Beidh sé ag cuimilt de fhéiniúlacht daoine in achan chearn. Is é an t-ionadh nach bhfuil aon chaint mhórán ar siúl sa tíre seo mar gheall air. Níl siad ach trasna an deáin uainn agus ó thúsa ama, d’imir an dá thír tionchar láidir ar a chéile. Tá cumarsáid ar bun (ag muintir Cholmchille) ach ba cheart don rialtas a bheith i dteangmháil go seasta le Dùn Èideann agus gan a bheith ag brath ar Londain le haghaidh na cumarsáide sin.

Cá bhFios Cad a Tharlóidh?

Ní beag a bhfuil de fhinscéalta sa timpeall faoi gheilleagar na hAlban, faoi ola na hAlban, agus ba cheart do BÁC a bheith eolach i gceart ar gach a bhaineann le saol na hAlban. As dearcadh ar mheáin chumarsáide BÁC, thiocfadh le duine a shamhlú nach maireann in Albain ach Celtic, Rangers, Conallaigh na Gorbels, agus b’fhéidir ar éigeann, Màiri Anna Nic Ualgraig, a bhuí de Raidió na Gaeltachta.

Tá an saol chomh guagach agus oiread saibhris ag sileadh as cuntais an mhóraimh agus isteach i sparáin teanna mhionlach beag an tsaibhris ollmhóir is go gcaithfidh sé nach bhfuil a fhios ag aon dream údaráis go cinnte cá mbeidh na tíortha seo faoi cheann deich mbliain eile, cén t-airgeadra a bheas i réim iontu, ná cén leagan amach a bheas ar na húdaráis iad féín. Níl aon airgeadra ar dhromchla an domhain bhraonaigh bunaithe ar fhírinne a bhfuil is nach bhfuil ar a chúl. Ach go fiú dá mbeadh deireadh tagtha le punt Shasana, le dollar Mheiriceá, le yen is le €uro, beidh Éire agus Alba ann i gcruth éicint agus ní bheidh siad níos faide óna chéile is atá anois. Beidh na ceisteanna mórán mar a chéile ar phobal an dá thír. Tá 5.2 milliún duine thoir agus tá thart ar 6 milliún ar oileán na hÉireann. Ba cheart go mbeimis in ann cuidiú le réiteach ceisteanna a chéile. Cá bhfios nach bhfeicfimid amach anseo clóichead úrnua a chuimseodh Scotaigh agus Gaeil in Éirinn nó in Albain. An té a shantódh a leithéid a fháil as Albain a bheith in ann teacht air agus an té thall a shantódh clóichead na hÉireann, go bhfaigheadh sé amhlaidh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.