AR NA SAOLTA SEO
Saol na Sráide ag an Duine gan Dídean
Lisa Nic an Bhreithimh Lisa Nic an Bhreithimh Lisa Nic an Bhreithimh

Oibríonn Lisa Nic an Bhreithimh ar thimchuairt anraithe, gníomhaíocht de chuid Chumainn Naomh Uinseann de Pól, Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath. Tá sí ag caitheamh súil san alt seo ar an tuairim choiteann i measc an phobail faoin dream daoine gan dídean agus ar an méid atá feicthe aici de ‘shaol na sráide’.

Íomhá
Amuigh ag roinnt bia le daoine gan dídean
Íomhá
Gan dídean i mBÁC
Íomhá
Naomh Uinseann de Pól, COBÁC
Íomhá
Ar an tsráid i mBÁC

Is minic is cuimhin liom a bheith i mo sheasamh ar shráid san ardchathair is mé ag réitiú tae do dhuine gan dídean nuair a thosaíodh sé (nó sí) ag caoineadh go géar gan choinne. Ní stopfadh sé ar feadh i bhfad agus ba léir an fhulaingt is an cruachás a bhí ina shaol. Labhraíonn daoine faoi shaol an duine gan dídean amhail is a bheadh gach eolas acu ar an scéal. Deir siad gur andúiligh iad uilig nó go ndearna siad rogha éigin a chuir ar an tsráid iad. Is é an rud a thuig mé níos mó ná aon ní eile nuair a thosaigh mé ag obair le daoine gan dídean i mBaile Átha Cliath ná nach bhfuil an t-eolas ar fad ag éinne againn. Níl a fhios againn cén cineál cruatain atá fulaingthe ag na daoine a fheicimid ina shuí ar leic dorais taobh sráide. Níl a fhios againn céard a tharla i saol an duine sin a chuir le saol na sráide ar dtús é. Níl a fhios againn tada go dtí go labhraímid le gach éinne acu ina nduine is ina nduine, mar a dhéanaimid le duine ar bith eile. Ní féidir barúil ar fónamh a thabhairt fúthu mar dhream. Conas is féidir a rá go bhfuil tú in aithne daoine gan aon chaidreamh a bheith agat orthu nó aon chaint a bheith déanta agat leo? Measaim nach féidir, beag ná mór.

Meastar go dtéann thart ar sheasca duine a chodladh ar an tsráid i mBaile Átha Cliath gach aon oíche. Thairis sin tá 2,000 duine sa chontae gan dídean. Is é sin le rá go bhfuil siad ag fanacht i mbrúnna, i dtithe leaba is bricfeásta nó i gcóiríocht shealadach de chineál éigin. Más duine gan dídean thú níl teach nó baile agat, níl aon chomharsa agat, ní bhíonn aon phríobháideachas agat, níl aon áit agat do do pháistí le dul ag súgradh, níl aon troscán nó leaba agat duit féin nó do do chlann agus níl aon áit shábháilte agat do do chuid iarmhas, má tharlaíonn a leithéid agat. Agus ní hé an andúil tús agus deireadh scéal na ndaoine seo. B’fhéidir go raibh mí-úsáid á déanamh orthu sa bhaile. D’fhéadfadh sé nár ghlac a muintir lena gclaonadh gnéis agus nach raibh fáilte rompu sa teach a thuilleadh. D’fhéadfadh sé gur bhochtanas a bhí i gceist leis an gcúlú a bhí níos géire ar dhaoine áirithe. Agus más andúil a bhí i gceist, b’fhéidir go raibh an saol chomh deacair sin ag an duine nach raibh aon dul as acu ach casadh ar dhrugaí nó ar an andúil. Gan tacaíocht clainne is cairde, d’fhéadfadh éinne againn casadh sa treo céanna.

I rith an tsamhraidh sileadh solas ar iarrachtaí fir amháin i gcathair Átha Cliath a bhí agus atá gan dídean. Ba annamh an rud é scéal duine gan dídean a chloisteáil i meáin chumarsáide na hÉireann agus ba annamh fós go raibh moladh á thabhairt dó. Bhíos féin amuigh ag tabhairt bia do dhaoine nuair a chonaic an dream s’againn John Byrne agus é ar barr creatha leis an bhfuacht ar Dhroichead Uí Chonaill oíche Dhomhnaigh, an 3ú Iúil. Bhí dream déagóirí tar éis teacht chomh fada le John, a bhfuil dhá pheata aige, coinín agus madra, agus chaith duine acu an coinín amach in abhainn na Life. Lucht achrainn ceart críochnaithe a bhí sna déagóirí seo. Ba léir nach raibh aon mheas acu ar shaol duine ná ainmhí. Léim John amach sa Life láithreach chun an ainmhí beag a tharrtháil gan an dara cuimhneamh a dhéanamh air féin. B’fhéidir go ndéarfadh daoine gur seafóideach an beart a bhí ann, ach ní dóigh liom féin gur féidir linn breith a thabhairt muna bhfuil muid féin ar an bhfód céanna. Níl sa saol ag John ach an dá pheata agus a chuid cairde. Ní labhraíonn mórán daoine leis i rith an lae ach bíonn na hainmhithe ina bhaclainn chuile lá ó mhaidin go hoíche. Is clann aige iad. Níl aige ach iad. Dá mbeimis féin sa chás céanna agus go raibh duine clainne linn caite amach i gcontúirt a mbáite, níl amhras ach go ndéanfadh go leor againn an rud ceannann céanna. Murach gur bhuail mé le John, d’fhéadfadh go ndéarfainn féin gur rud seafóideach a rinne sé ach nuair a labhair sé liom faoin gclann peataí seo atá aige, tháinig mé ar thuiscint ní b’fhéarr dá chás. Déarfainn arís gur cheart dúinn muid féin a chur ar an eolas sula ndéarfaimid aon dath faoin duine eile.

Níl andúil ar chuile dhuine gan dídean. Ní dhrochdaoine iad uilig. Is minic gur bhuail mé leis na daoine is deise ar bhuail mé leo le fada amuigh ar an tsráid. Cosnaíonn siad a chéile. Tugann siad aird agus taca dá chéile. Cabhraíonn siad lena chéile agus ní hé go bhfuil mé ag rá gur naoimh atá iontu agus gur drochdhaoine muidne ach ba mhaith liom go leathnófaí an dearcadh atá ann faoi mhuintir na sráide. Tá idir óg is aosta ann, idir Éireannaigh is eachtrannaigh, idir dhaoine maithe is dhrochdhaoine. Is daoine difriúla iad uilig agus ba cheart dúinn tuilleadh airde a thabhairt orthu agus tuilleadh eolais a fháil sula labhraímid orthu. Chaith buachaill óg a raibh teach aige ainmhí amach sa Life. Ba é an t-aon uair amháin i naoi mí ar mhothaigh mé scanraithe i mbun na hoibre seo, sin agus uair amháin nuair a bhí deacracht againn sa chathair le fear ar meisce, fear a raibh teach aige. Ní mar a shíltear a bhítear agus ní bhíonn muintir na sráide ‘mar a shíltear’ ach oiread. Coinnigh súil amach dóibh. Tá siad thart i sráid éicint i ngar duit.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

As Baile Átha Cliath ó dhúchas, tá Lisa Nic an Bhreithimh i mbun Máistreachta ar an gcúrsa Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge i gCol. na hOllscoile BÁC. Bhain sí a bunchéim amach i gColáiste na Tríonóide.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.