AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
Saol an rúnaí (Cuid 3)
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Fuair Liz Curtis léargas níos fearr ar an phobal dílseach le linn di a bheith ag obair mar rúnaí sealadach ar Bhóthar na Seanchille i mBéal Feirste.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Bóthar na Seanchille: Siopaí beaga agus múrphictiúir
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Múrphictiúir ar Bhóthar na Seanchille
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Múrphictiúir ar Bhóthar na Seanchille
Grianghraf: Liz Curtis

](../2004-03/lizseal.asp) Cuid 1 den alt anseo ](../2004-04/lizseal.asp) Cuid 2 den alt anseo

Bhí tús rud beag corrach le mo thréimhse mar rúnaí sealadach i mBéal Feirste, ach tháinig biseach ar an scéal gan mhoill. Fuair mé cúpla post i lár na cathrach a bhí suimiúil agus taitneamhach, ansin chaith mé cúpla mí ag obair ar Bhóthar na Seanchille, tréimhse a thaitin go mór liom, cé nach raibh mé ag dúil leis sin.

Chaith mé seachtain mhaith i gcomhlacht a bhain leis an tionscal tógála. Bhí an rúnaí a bhíodh ag obair ansin de ghnách ar shiúl ar saoire, agus bhí an oifig leagtha amach go slachtmhar aici. Bhí mise ag obair i m’aonar ar an bhunurlár agus bhí thart fá sheisear fear ag obair thuas staighre. Bhí siad uilig an-deas.

Ansin chaith mé lá amháin ag cur litreacha isteach i gclúdaigh in eagraíocht a bhfuil baint aici le dochtúirí. Fostaíonn siad oibrithe sealadacha nuair a bhíonn *mail-out *le déanamh acu. Bhí beirt mhac léinn ag obair liom, agus iad bríomhar cainteach. Bhí duine acu, bean óg, ag sábháil airgid fá choinne turais trasna na Sibéire go dtí an tSín.

Roimh an Nollaig, chuaigh mé go comhlacht gnóthach a dhearann bogearraí. Díoltar an táirge seo ar fud na hEorpa agus sna Stáit Aontaithe. Bhí cúraimí éagsúla orm, ina measc, an crann Nollag a mhaisiú, ansin seasca cárta Nollag a shíniú ar son an ionadaí díolacháin in Oirthear na hEorpa.

Thaitin an comhlacht sin go mór liom. Bhí sé lonnaithe ar dhá urlár i bhfoirgneamh sóúil i lár na cathrach. Bhí na hoifigí maisithe go maith agus fuinneoga móra iontu, agus bhí cistin dheas sa choirnéal.

Cé go raibh na hoifigí oscailte ó thaobh leagain amach de, bhí an áit iontach ciúin. Bhí na daoine uilig ina suí ag ríomhairí agus a n-intinn dírithe ar a gcuid oibre. B’fhir iad na dearthóirí bogearraí uilig, measaim, ach bhí cúpla bean ag obair i rannóg na gcuntas.

Bhí mise ag obair mar fháilteoir agus ag cuidiú le cúntóir pearsanta an stiúrthóra bainistíochta. Tabharfaidh mé Jane mar ainm uirthi. Bean sna tríochaidí a bhí inti, agus í iontach gnóthach, ag obair gan stad gan staonadh.

Bhí líon mór cúraimí ar Jane - socruithe taistil a dhéanamh do a lán daoine, mar shampla.

Bhí Jane i mbun bhainístiú na hoifige agus bhí caighdeán an-ard aici. Caitheadh roinnt mhaith airgid chun cuma mhaith a chur ar an áit - mar shampla, dhéantaí bláthanna áille úra a sheachadadh go rialta go dtí an fáiltiú.

Ní nach ionadh, nuair a d’iarr Jane orm teacht ar ais ar feadh tréimhse eile, bhí mé breá sásta sin a dhéanamh.

Bóthar na Seanchille

Ina dhiaidh sin, chaith mé dhá mhí in áit a bhí go hiomlán difriúil, ach a thaitin go mór liom freisin.

Nuair a d’iarr an ghníomhaireacht fostaíochta orm dul go hoifig ar Bhóthar na Seancille, bhí an-drogall orm. Tá mé i mo chónaí i gceantar beag Caitliceach ar na gaobhair, agus bíonn eagla an domhain ar mo chomharsana dul ansin. Feiceann muid na bannaí ceoil Oráisteacha ag dul suas síos ag deireadh shráid s’againne, agus in amanna bíonn graffiti mar “Kill All Taigs” ag an timpeallán idir an dá áit.

Oifig de chuid na hearnála poiblí a bhí i gceist. Bhí na ballaí thart timpeall clúdaithe le múrphictiúir dhílseacha, ag ceiliúradh na banríona, stair na ndílseoirí agus grúpaí paramíliteacha Protastúnacha. Ach bhí an oifig féin mar ósais, í breá socair suaimhneach.

Bhí suas le seasca bean ag obair ansin agus triúr nó ceathrar fear. Chruthaigh na mná atmaisféar tíriúil. Bhí seomra mór foirne ann ina raibh cistin agus, an chéad rud ar maidin, thagadh na mná ann agus dhéanadh siad a mbricfeasta - brachán, uibheacha scrofa, agus a leithéid. Ag am lóin, thosaíodh siad ar an chócaireacht arís.

Bhí mná ón dá thaobh den phobal ag gach leibhéal den eagraíocht, ó cheannaírí go glantóirí. Duine de na ceannairí, ba Chaitliceach í a bhí pósta le dídeanaí Palaistíneach; ansin bhí glantóir ann a bhí pósta le hoifigeach príosúin. Bhí daoine ann agus iad féin nó a gcuid páistí i bpósadh measctha. Réitigh achan duine go maith le chéile.

D’oibrigh mise leis an lucht riaracháin. Bhí cúigear againn san oifig, mná uilig. I ndiaidh tamaillín, chuir muid aithne measartha maith ar a chéile. Labhair daoine faoina bpáistí agus a bhfir chéile, a saol sóisialta agus mar sin de.

Rud amháin a chuir iontas orm ná an méid ban a bhí ag glacadh suaimhneasán go rialta. Bhí bean san oifig in aice linn a dúirt go raibh sí ar slabhra ag Seroxat.

“Thosaigh mé orthu nuair a bhí dúlagar iarbhreithe orm,” a dúirt sí. “Nuair a dhéanaim iarracht éirí astu, tagann pian láidir ghéar orm.”

Bhí oibrí sealadach eile in oifig s’againne a raibh dúil mhór agam inti. Tabharfaidh mé Susan mar ainm uirthi. Bhí sí i gcónaí gealgháireach cairdiúil.

Rugadh agus tógadh Susan ar Bhóthar na Seanchille. Bhí sí sna tríochaidí, déarfainn, agus fear agus beirt chlainne aici. Bhí sí glan in éadan an tseicteachais - bhí cairde Caitliceacha aici, agus bhí na páistí ag freastal ar scoileanna ina raibh daltaí ón dá thaobh den phobal.

Bhí a madadh mar chuid an-tábhachtach de shaol Susan. Madadh pórtheastaisa bhí i gceist agus roinnt mhaith ainmneacha uirthi, Cleopatra ina measc. Bhí sé ar intinn ag Susan agus ag a fear go mbeadh coileáinín ag Cleopatra, agus ba mhaith le Susan ainm Gaelach a thabhairt air nó uirthi.

Tá saol sóisialta suimiúil agus bríomhar ag Susan agus ag a fear mar gheall ar Cleopatra. Téann siad chuig seónna madaí fud fad na hÉireann, agus tá cairde maithe acu sa deisceart.

Siopaí maithe

Tá Susan bródúil as a ceantar féin, agus mhol sí domh dul go siopaí áirithe. Bhíodh clú agus cáil ar Bhóthar na Seanchille ó thaobh siopadóireacht de, agus tá roinnt mhaith siopaí beaga maithe ansin go fóill. Tá an siopa éisc is fearr i mBéal Feirste ann, mar shampla, siopa maith búistéara, siopaí crua-earraí, agus siopa beag cártaí inar féidir cártaí a fháil ar a bhfuil “Happy Christmas from the loyalist Shankill” scríofa, chomh maith le cártaí ar a bhfuil “Happy St Patrick’s Day”.

Más ó thaobh amuigh de Thuaisceart Éireann tú, feicfidh tú an-chosúlacht, measaim, idir Bóthar na Seanchille agus Bóthar na bhFál. Tá na múrphictiúir gháifeacha sa dá áit; tá fir ann a chaitheann bríste géine agus a bhfuil a gceann bearrtha; tá cailíní óga ann a chaitheann éadaí tanaí dlútha agus a mbíonn a leanaí leo i bpramanna.

Mar a dúirt cara de mo chuid, tá an chosúlacht idir an dá thaobh cosúil le scáil i scáthán - tá sí chóir a bheith cosúil leis an bhunrud, ach tá sí rud beag saofa.

Go cinnte, bhí neart rudaí agam le bheith ag déanamh mo mhachnaimh orthu agus mé ag obair ar Bhóthar na Seanchille.

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.