Tá Liz Curtis ag obair mar rúnaí sealadach i gcomhlachtaí éagsúla i mBéal Feirste le roinnt míonna anuas anois. Míníonn sí anseo cén fáth ar chinn sí ar thabhairt faoin obair sin agus an chaoi ar aimsigh sí a céad phostanna.
Le cúig mhí anuas tá mé i ndiaidh a bheith ag obair mar rúnaí sealadach i mBéal Feirste. Cé go raibh amanna deacra ann, thaitin an chuid is mó de na jabanna liom. D’oibrigh mé i seacht n-áit éagsúla, agus níl ach post amháin a ndiúltóinn go hiomlán dul ar ais chuige.
Deis iontach a bhí ann fáil amach cad é atá ar siúl sa chathair, agus bualadh le daoine as cineálacha éagsúla cúlra - daoine ón dá thaobh den teach, mar a déarfá, agus daoine i réimse leathan postanna, ó stiúrthóirí bainistíochta go hoibrithe monarchan.
Shíl mé go raibh chóir a bheith achan duine iontach deas agus cineálta. Cé go raibh cuid acu faoi bhrú, measaim nach bhfuil an méid céanna stró i gceist i mBéal Feirste is atá atá thall i Londain, áit a raibh mé i mo chónaí ar feadh tamaill fhada agus ina ndearna mé obair shealadach anois is arís thar na blianta.
Níl mórán fadhbanna i mBéal Feirste, mar shampla, ó thaobh taisteal idir an obair agus an baile. Is cosúil nach maireann an broidtráth ach leathuair. Níl cultúr na n-uaireanta fada ann ach oiread - ní fhanann daoine san obair go mall agus ní oibríonn siad ag deireadh na seachtaine.
Is áit mhaith é Béal Feirste, mar sin, le bheith ag obair. Agus tá neart oibre ann, obair shealadach san áireamh. Dá bhrí sin, tá roinnt mhaith gníomhaireachtaí fostaíochta i ndiaidh cur fúthu ansin le cúig bliana anuas.
Ach tá fadhb amháin ann, is é sin nach bhfuil pá maith ar fáil. Mar shampla, má tá scileanna maithe oifige agat, Microsoft Office san áireamh, go minic ní fhaigheann tú ach £5 (€7.25) san uair, agus thart fá 45p (€0.65) pá saoire lena chois sin. In amanna íoctar £5.50 san uair, i gcuid de na comhlachtaí príobháideacha, mar shampla, nó má bhíonn tú ag obair mar rúnaí pearsanta san earnáil phoiblí.
Níl na rátaí sin ach giota beag níos airde ná an t-íosphá. Cé nach bhfuil an costas maireachtála i dTuaisceart Éireann ard - tá costas tithíochta íseal go leor, cuir i gcás - ní féidir leat mórán airgid a shábháil agus an pá sin á shaothrú agat.
Caithfidh mé a admháil, áfach, i mo chás féin nach raibh mórán difir idir an pá a shaothraigh mé agus an t-airgead a thuillim ón obair a dhéanaim de ghnáth, an tsaorscríbhneoireacht. Agus tá buntáiste ag baint le bheith ag obair le gníomhaireacht fostaíochta: tagann an pá go rialta ag deireadh gach seachtaine, agus ní bhíonn ort brú a chur ar iris nó ar nuachtán le híocaíocht a fháil uathu, mar a tharlaíonn go minic sa saol saoroibre.
Nuachtán Sasanach
Caitheadh amach ar thonnta móra an tsaoil mé an fómhar seo caite. Go dtí sin, bhí mé ag scríobh go rialta do nuachtán thall i Sasana darb ainm an Irish Post. Ach le cúpla bliain anuas tá an t-eagarthóir ag iarraidh an nuachtán a athrú le go mbeadh sé níos cosúla leis na nuachtáin thablóideacha, ar nós an Daily Mirror, foilseachán a mbíodh sé ag obair dó. Ní raibh fonn orm féin nó an fuinneamh agam leis an athrú sin a dhéanamh ar m’altsa, mar sin dúirt mé slán leis.
Bhí mé an-neirbhíseach ar dtús nuair a thosaigh mé ar an obair shealadach arís. Bhí sé naoi mbliana ó rinne mé obair den tsórt sin, thall i Londain. Ní raibh mé i ngnátháit oibre i mBéal Feirste riamh roimhe, agus bhí roinnt mhaith ríomhchláracha ann nach raibh taithí agam orthu.
Bhí mé rud beag buartha fosta mar nach bhfuil mé chomh hóg is a bhí. Ach mar a tharla sé, ní raibh sé sin ina mhíbhuntáiste, mar go minic is fearr le fostóirí oibrithe atá iontaofa agus a bhfuil taithí acu ná *dollybirds *nó a leithéid. Sin ráite, caithfidh mé a rá gur bhuail mé le roinnt oibrithe óga sealadacha a bhí iontach cumasach agus díograiseach.
Ar feadh tréimhse roimhe sin, nuair a bhí na néalta dorcha le feiceáil ag teacht i mo threo, chuirinn ceist ar dhaoine a bhí ag déanamh obair shealadach cad iad na gníomhaireachtaí fostaíochta is fearr sa chathair. Tá liosta mór fada acu sna Yellow Pages, agus bíonn fógraí sa *Belfast Telegraph *gach Aoine.
Bhuail mé isteach chuig cúpla ceann acu ón tsráid ar dtús, ach fuair mé amach go gasta gurb é an rud is fearr ná scairt a chur orthu agus coinne a dhéanamh le dul isteach fá choinne agallaimh. Caithfidh CV a bheith leat fosta.
Má bhuaileann tú isteach chucu, faigheann tú eolas úsáideach ó atmaisféar na háite. Tá gníomhaireacht áirithe in aice le Halla na Cathrach, mar shampla, agus tá fógra snasta crochta san fhuinneog acu. Ach nuair a chuaigh mé isteach bhí beirt ina suí ag an deisc fáiltithe agus cuma brúite faoi chois orthu. Bhí an fáilteoir ag caint léi ar an ghuthán, agus í ag luascadh anonn is anall ina cathaoir, agus cuma uirthi go raibh sí dubh dóite de chúrsaí.
“Tá an ghnólacht seo á reáchtáil ar dhóigh amaideach,” ar sise. Ansin dúirt sí liom: “Is féidir leat a bheith i do shuí a fhad is atá tú ag fanacht.”
D’fhreagair mise: “Tiocfaidh mé ar ais lá éigin eile”, agus d’imigh mé liom ag tarraingt ar an doras.
Sheas bean a bhí ag fanacht. “Déanfaidh mise an rud céanna,” ar sise. Agus muid ag dul amach as an doras, dúirt mé léi, “Má chuireann an áit seo soir ise, is cinnte go ndéanfaidh sé an rud céanna i mo chás-sa.”
Ach lean mé ar aghaidh leis an tóir. Chuaigh mé go dtí gníomhaireachtaí móra foirmeálta a chuireann tú faoi agallamh fada dian tá atá cosúil le ceisteoireacht na ngardaí, agus go dtí gníomhaireachtaí beaga réichúiseacha nach gcuireann ach cúpla ceist ort.
Sa deireadh, chláraigh mé le trí cinn acu. Ansin chuaigh mé go dtí siopaí athláimhe ag lorg éadaí a bheadh fóirsteanach d’oifigí mar nach féidir T-léinte a chaitheamh iontu. Fuair mé mo chéad jab agus bhuail mé an bóthar.
“Maidin mhaith. Is mise Liz. Is mise an temp!”
Ar leanúint an mhí seo chugainn.
Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.
](../2004-04/liz_seal.asp)