CÚRSAÍ SPÓIRT
Samhradh samhradh
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Míníonn Colm Mac Séalaigh cén fáth a bhfuil an tsuim sna cluichí Gaelacha ag fás an t-am ar fad, go háirithe i mBaile Átha Cliath.

Íomhá
Páirc an Chrócaigh le linn obair thógála, Márta 2000
Íomhá
Jonathan Magee ó fhoireann Bhaile Átha Cliath ag imirt i bPáirc an Chrócaigh i gcoinne Dhún na nGall an samhradh seo

Nach iontach an samhradh a bhí againn arís i mbliana! Céard é sin? Samhradh breá cluichí atá i gceist agam, dar ndóigh. Is dona an aimsir a bhí againn nó is é sin atá ar bharr an ghoib ag chuile dhuine ach, má chuimhníonn tú ceart air, b’fhéidir nach raibh an aimsir chomh dona sin ar fad ar fad. Is fíor nach raibh mórán gréine againn le linn an tsamhraidh agus go raibh cuid mhór báistí ann ar uairibh ach nuair a bhí na cluichí móra á n-imirt is annamh a bhí sé go dona agus is minic a tháinig an ghrian amach do na hócáidí móra amhail is go raibh Dia féin ag iarraidh féachaint cén chaoi ina raibh ag éirí leis na contaetha éagsúla agus iad ag imirt i bPáirc Semple, i bPáirc an Chrócaigh agus mar sin de.

Agus ag tagairt do Pháirc an Chrócaigh, is cosúil go mbíonn an ghrian ag taitneamh i gcónaí ansin! Ní shílim gur thit aon deoir bháistí ann ar feadh an tsamhraidh ach oiread, cé gur sileadh neart deora ó am go ham!

Aithním nach samhradh breá a bhí ag na feirmeoirí nó ag lucht saoire agus turasóireachta ach ag lucht leanta na gcluichí Gaelacha bhí samhradh den scoth de bharr fheabhas agus chaighdeán agus éagsúlacht na gcluichí éagsúla. Ar ndóigh ag tús an tsamhraidh bhí Corn an Domhain ar siúl, cineál *aperitif *roimh na coimhlintí móra a bhí le teacht ar ball anseo in Éirinn. I mí an Mheithimh bhí na bratacha náisiúnta ar foluain go forleathan ar fud na tíre, ar charranna, ar thithe, ar thábhairní, ar chranna tógála agus ar chuaillí sráide. Chomh luath is a chríochnaigh Corn an Domhain, áfach, d’athraigh an tírdhreach gan mhoill. Ba ghearr gur nochtaíodh dathanna na gcontaetha i bhfoirm bratacha agus geansaithe á gcaitheamh ag daoine.

An-suntasach

I mí Iúil agus mé ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht na Gaillimhe lá, áit a raibh na céadta daoine óga ó chontaetha ar fud na tíre ag foghlaim na Gaeilge, bhí na geansaithe agus na bratacha an-suntasach. Ar theach amháin, mar shampla, bhí bratacha de dhathanna na Ceathrún Rua agus na Gaillimhe ar foluain ar aghaidh an tí (ba radharc coitianta é sin) agus sna fuinneoga in airde staighre bhí geansaithe Chill Chainnigh, Chill Dara agus Átha Cliath crochta go bródúil ag na scoláirí a bhí ag fanacht ann. Bhí radharc den chineál céanna le feiceáil ar fud na Gaeltachta thiar, ó Bhearna go Carna mar a deir siad, ar feadh an tsamhraidh, radharc a chuirfeadh ardú meanman agus gliondar croí ar dhuine ar bith gur mór leis na cluichí Gaelacha.

Ag an am céanna, bhí réabhlóid bheag ag tarlú i mBaile Átha Cliath de réir mar a chuaigh foireann pheile na hArdchathrach chun cinn. In áit na mbratacha náisiúnta a bhí ar charranna agus araile de bharr Chorn an Domhain, bhí dathanna Átha Cliath le feiceáil ar fud na háite ar charranna, ar oifigí, ar ionaid ghnó agus mar sin de. Cé go raibh lucht leanúna dílis agus mór ann i gcónaí agus Áth Cliath ag imirt i bPáirc an Chrócaigh, feictear dom go bhfuil i bhfad níos mó daoine ann anois ag taispeáint go poiblí trí na dathanna a chaitheamh go pearsanta nó ar a gcuid carranna go bhfuil siad mórálach astu féin mar Dubsagus as foireann pheile na hArdchathrach. Ní hamháin sin ach is cosúil go bhfuil sé anois cool, mar a deir an dream óg as Béarla, suim a chur sna cluichí Gaelacha in áit an drochmheasa agus an chaithimh anuas a bhí coitianta roimhe seo.

Creidim féin go bhfuil baint mhór ag Páirc an Chrócaigh leis an athrú meoin seo i leith an Chumainn Lúthchleas Gael sna ceantair mheánaicmeacha, mheasúla agus sna ceantair aicme oibre araon. Feiceann daoine céard atá déanta ag an CLG as a stuaim féin agus nuair a fhéachann duine ar Pháirc an Chrócaigh tuigeann sé/sí gurb é an CLG an eagraíocht spóirt is mó cur chuige agus is fadradharcaí sa tír agus b’fhéidir san Eoraip. Nuair a fheiceann duine cluiche mór peile nó iománaíochta ó Pháirc an Chrócaigh ar an teilifís, mar aon leis na dathanna agus an t-atmaisfear speisialta nach bhfuil a shárú le fáil in áit ar bith, tuigeann sé/sí go bhfuil an staid nua seo inchurtha le haon staid sacair nó Oilimpeach ar fud an domhain agus gur faiseanta agus gur taitneamhach an rud é bheith páirteach san atmaisféar agus sa “chraic” a ghabhann leis na cluichí Gaelacha.

Beo ar an teilifís

Rud eile a chuidigh go mór le cúpla bliain anuas le híomhá na gcluichí Gaelacha ná craoladh na gcluichí craoibhe beo ar an teilifís agus sluaite móra i láthair ag cruthú atmaisféar speisialta. Meallann sé seo daoine eile i dtreo na gcluichí agus feiceann daoine go bhfuil na cluichí Gaelacha chomh maith le haon sórt cluiche eile a imrítear aon áit ar domhan. Cabhraíonn na geansaithe freisin chun an t-atmaisféar a chruthú agus is cineál “míreanna faisin” iad na geansaithe agus na léinte ar dhathanna na gcontaetha. (Tá trí cinn de gheansaithe éagsúla ag mo mhacsa toisc go dtaitníonn siad leis.)

Is minic an CLG cáinte, agus cáinte go fíochmhar ag a bhaill féin agus ag naimhde araon. Lochtaím féin an cumann ó am go ham faoi nithe éagsúla ar nós praghas ticéidí agus úsáid na Gaeilge. Thar aon ní eile cáinim an cumann faoin fhaillí atá á déanamh aige san iománaíocht (shílfeá nach raibh dualgas ach ar chontaetha áirithe an iománaíocht a chur chun cinn), ach caithfear a admháil mar sin féin go bhfuil an t-uafás oibre déanta ag an gcumann chun an fhís agus na cuspóirí atá aige a chur chun cinn.

Is siombail é Páirc an Chrócaigh d’eagraíocht a bhfuil fís agus cuspóirí aige agus an fhéinmhuinín agus an fuinneamh aige dul chun cinn a dhéanamh, beag beann ar éinne. Agus má chuirimid an cumas agus an cur chuige atá ag roinnt leis an CLG i gcomórtas le hiarrachtaí an Rialtais, mar shampla, i leith nithe níos tábhachtaí ar nós cúrsaí oideachais agus sláinte, an bhearna idir saibhir agus daibhir, truailliú na timpeallachta agus mar sin de, caithfear a rá dá bhféadfaí cuid de chur chuige agus d’fhís an CLG a chur i bhfeidhm ar ghnéithe eile den saol go mb’fhéidir go mbeimis i bhfad níos fearr as mar phobal agus mar náisiún.

In ainneoin na lochtanna ar fad, leanann an Cumann Lúthchleas Gael ar aghaidh ag tabhairt an dea-shampla agus na cinnireachta do mhuintir na hÉireann ar go leor bealaí, rud nár thosaigh inniu ná inné, dar ndóigh.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.